Fr Patrick Hurley

An tAthair Pádraig Ó Muirthile/Father Patrick Hurley is é i mBéal Átha’n Ghaorthaidh/in Ballingeary (1912)

(Cóipcheart/credit: Ted Ó Conaill)

 

An tAthair Pádraig Ó Muirthile (1841-1908)

Saolaíodh an tAthair Pádraig Ó Muirthile in Inis Céin i gContae Chorcaí.  Bhí sé ina shagart paróiste in Uíbh Laoire, lena n-áirítear Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Guagán Barra idir 1888 agus 1908.

Shocraigh sé go ndaingneofaí seanfhothracha Ghuagán Barra, agus in éineacht le tacaíocht is cabhair ó phoncánach gustalach, ach a bhain le ‘natives cirt’ Uíbh Laoire’ mar deir an t-amhrán ó dhúchas, tógadh séipéal nó aireagal amuigh ar an Oileán féin.

Thug an tAthair Ó Muirthile faoi athbheochaint thionsclaíoch sa limistéar, leis, agus chuir sé go mór le turasóireacht na háite nuair a chuir sé bonn faoi ghnó na mbusanna is na gcóistí ann.  Chuir sé tús le scoil déanta an lása agus sa bhliain 1904 dhein sé gaisce nach beag nuair a bhunaigh sé  Coláiste Múinteoireachta na Mumhan i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.

Tugann an t-alt a scríobh sé ar bhunú an Choláiste sa bhliain 1905 léargas dúinn ar conas mar a bhí cúrsaí go sainiúil i dtús báire agus an chúis a bhain le bunú an Choláiste chéanna.

***

Born in Enniskeane, Co. Cork, Hurley was the Parish Priest of Uibh Laoire (including Ballingeary and Gougane Barra) from 1888 to 1908. He stabilised the ancient ruins of Gougane Barra, and with the support of a wealthy American, native of the parish, erected the Oratory on the Island.

Fr Hurley also worked to promote industrial revival in the area and opened up the country by supporting the establishment of tourist coaches in the area. He started a lace making school and, in 1904, he established Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, Ballingeary itself. His 1905 article on the establishment of the Coláiste gives a detailed description of its early days and the thinking behind its establishment.

 

Foinse/source: P. Hurley, Southern Star, 1905.

 

Scaip eolas mar gheall ar ár suíomh – Please share our site