An Scoraíocht agus Scéalta eile

le Seán Ó hUiginn

 

Dá fhaid í an oíche, tagann an lá.

 

Le teacht an gheimhridh, thosnaíos ag cuimhneamh ar m’óige i gCúl a’ Ghriamáin, ar Bhóthar an Locha taobh le hInse Gheimhleach agus conus mar a d’éirigh linn na hoícheannta fada a chur dínn in aon chor.

Tríd ‘s tríd, caithfidh mé a rá go bhfuil cuimhní taitneamhacha agam ar na hoícheannta fada sin, ar a shon nach raibh teilifis, na raidío, ná faic eile againn ach chomh beag. Ach bhí tine bhreá mhór móna agus sinn go léir bailithe timpeall uirthi, go deas compordach. Bhíodh na scoraíochtóirí ag bailiú isteach i ndiadh a chéile le nuacht an lae agus le cur síos beacht cruinn ar an aimsir; oíche spéir – ghealaí, de gnáth, le blúirín seaca. De shiúl na gcos a thangadar uile, tar éis míle nó dhó a thaisteal, agus chomh fada agus is cuimhin liom bhídís í gcónaí geal-gháireach, sona séimh breá sásta le saol na linne.

 

I scáth a chéile a mhaireann na daoine.

 

Gan amhras, tá sé níos mó ná seasca blian o shin anois, ach chomh fada agus is cuimhinn liom seo leanas cuid des na daoine, deasa míne mánla úd a thagadh ag scóraíocht: Dob é Thady Croinin Coolroe West an duine ab annsa liom, is dóca mar gur labhair sé liom, rud nach raibh ro choitianta an uair úd: “children could be seen, ar éigín, but not heard!”. Go gearr in a dhiadh sin, phós sé an cailín óg ab áille dá bhfaca riamh, Eibhlín Ní Luasa, Goirtín Eoin agus is annamh a thagadh sé ag scóraíocht dá éis sin. Ní nach ionadh bhí Gaeilge bhlasta aici, go háirithe ráitisí gonta mar, “Tá’s ag fia ‘s ag fiolar.” Is minic a sháidh mé isteach in aiste é ar scoil, ag ligint orm, gur liom féin é, rud a chuir, ionadh agus alltacht ar mo mhúinteoirí deasa, Séamus Ó Laoghaire, a chomharsa ó Dhoire Mheáin, Donnchadha Ó Laoghaire, agus fiú, ar Miss Twohig, go raibh sé deacair an dallamullog a chur uirthi, geallaim-se duit. Theóg Thady agus Eibhlín clann bhreá mhór atá scaipithe ar fúd na tíre anois, agus ag éirí go breá leo. Níl ach Nell fágtha ag baile anois, ach tá sí féin agus Doney ag coimeád traidisiún na fláithiúlachta go beo, bríomhar, go fóill. Gura fada buan iad.

 

FIG 3 HERE

 

Thuas seal agus thíos seal, uasal agus íseal.

 

Tháinig slua ollmhór anuas ó Meall – áit a bhí í bhfad Éireann níos mó agus nios airde ná an Meall Mór suarach í mBéal Átha! Fir bhreátha, mhóra, scóipiúla iad, Con Lucey, Con Jerh Mór (Ó Murchu) agus Dan Reathaí (Ó Murchú leis) Daoine uaisle, macánta, sonasacha, iad nach raibh droch-fhocal ná droch-mhian, ar bith, eatarra uilig.

            Bhí fear oibre ag Con Lucey, darbh ainm, Din Carroll, “from the South!”. Bhí an dúil mhallaithe aige sna cartaí. Sé an cáil is mó a bhí air ná gur fhág se rian a ailt ar ár mboirdín oiche gur bhuaidh sé cleas tabhachtach éigin ós na seairc sciliúla eile go léir, Jim Peats ina measg ‘s uile. Ní raibh clann ná gaolta aige, go bhfios dúinn, ach duine uasal é, a bhí sásta len a chuid agus a chaith a shaol ag saothrú go macánta, i measg, muintir na háite. Maraoídh Dan Reathaí bocht in a dhiadh sin, í dtimpist, i nDireens ag stracadh le hinneal buailte. Ba dheas grámhar geanúil é, cosúil leis na fir eile. Ar dheis Dé go rabhadar go léir.

 

 

 

Bíonn blas ar an mbeagán.

 

Ach, is diogh liom gurab í Sile Dromey, an caractaer ba mhó agus ba neamh gnáthaí díobh ar fad. Gabhainn ba ea a muintir riamh agus choimead sí an gnó agus an nós ar siúl len a fear oibre; Jerry Driscoll “from the South”, freisin cad eile, ar sa tusa! Bhí sí an-ghreannmhar go hiontach chun scéal dinnsint agus chun gaisce mór a dhéanamh de gach rud. Bhí sí thar barr ar fad ag déanamh aithris ar ghuth agus ar gheaitsí, na gcomharsana. Níor ghá aon raidío ná ábhar lítheoireachta an oíche go mbíodh Síle ag scóraíocht – bheadh na deora ag sileadh led shuíle an oíche go léir.

            Toisc an oiread sin daoine ag glaoch chun na cheartan is dóca, bhí mion nuacht na háite go léir aici. Dá dtéadh an sagart, Fr. Driscoll, nó an Dochtúir, Dr. Collins, nó an Garda Hartnett nó Charlie McCarthy suas Meall nó siar Bóthar an Locha, ba ghairid an mhoill a bhíodh ar Shíle a oibriú amach cá raibh a dtriail. Nach raibh sé tugtha fé ndearra aici ag Aifreann an Domhnaigh roimhe sin, cé bhí bán nó bacach. Bhíodh sí cruinn ceart de gnáth leis, geallaim-se duit.

 

Brón ar an mbás, sé dubh mo chroí-se.

 

Ar maidin nuair a tháinig “de Peaper” abhaile ón Uachtarlann, “um eadartha”, mar a bhí í gcaoineadh Airt Uí Laoghaire, dób é an taon rud go raibh suim ag mo Aintín Peg ann ná, na DEATHS. An lá nach raibh éinne tar éis bháis sa Pharóiste,  i gCill Mhicil nó í gCill na Martra, ní raibh aon nuacht gur fiú trácht air sa “Peaper”, dar léi! Ach an lá go mbíodh, chaitheadh sí an chuid eile den lá ag cur ‘s ag cúiteamh go n-oibríodh sí amach cérbh iad agus gach rud eile fúthu; an raibh aon ghaolta acu in Inse Gheimhleach, an mbíodh said ag na “hAll Nights” – rincí fada, 9pm go 4am le “meat teas” i Paddy Casey’s ar leath-choróinn nó an rud ba thabhachtaí ar fad, an raibh siad ag sochraid Uncle Jack, nó Granny nó Peats Mór Lucey é féin, a shíolraigh ó Charraig Bhán, agus níosa measa fós, thar na cnoic aniar ó Chiarraí, roimhe sin, phew!

 

“de Bharr na gCnoc í gcéin”.

 

“Bhí go maith ‘s ní raibh go holc, go bhfuair duine éigin bás “South o’ the Hill”. Ní raibh ach duine amháin go raibh aon eolas nó aithne aici ar an áit dhiamhrach úd agus b’ shin, mar a cheap tú, Síle Dromey; níl fhios agam conus san í gceart ach, ní hamháin go raibh aithne aici ar dhaoine “South o’ the Hill”, ach bhí aithne aici ar dhaoine “South down” agus fiú “Away South Down”, chomh maith, san áit ina bhfuil na Nua Age Travellers í gCoolmountain anois, is dócha. Tá radharc iontach ar an ndúthaigh sin go léir o dheas, ó bharr an chnoic, ar a dtugtar, Pipe Hill. Deireadh Síle gurab í an áit álainn, iarghílta seo an taon áit shábháilte a bhéadh fágtha dúinn ag deireadh an Domhain!

 

“A com seang geal”

 

An uair úd bhíodh a mhallacht pearsanta féin ag gach seana leaid a d’úsaideach sé ar ocáidí mhóra sonais agus donais agus fiú, nuair nárbh gá rud ar bith a rá. I measg na gcinn móra, galánta a ritheann liom, anois, ta: t’anam un Diabhal, mo chroí un Diabhal, m’anam-sa, tá’s ag fía, a bhíodh ag Eibhlín Thady, mar a dúirt cheana, agus “Ó gráin ort you old poisánín”, a bhí ag DORA in a siopa beag gleoite, ar an abhainn í lár Inse Gheimhleach, go háirithe dá mbeifeá ag déanamh grinn des na corsets breátha, móra flaithiúlacha a bhí ar crochadh aici on tsileáil. Táid ag a mac grámhar, aerach, Johnny, go fóill déarfainn.

            Gan amhras bhí a ráiteas féin ag Sìle. Ghlaoigh sì “táthaire” ar dhaoine go minic, agus, ar a shon, nach bhfuil fhios agam í gceart, cad ba bhrí leis, ní dóigh liom gur chun daoine a mhóladh a d’úsáid sé é! Síle was herself, beannacht Dé léi agus leo go léir.

 

Tionlachán na nÓinseach.

 

Diaidh ar ndiaidh agus mé ag éirí beagainín níos cróga, thugas faoin scoraíocht seo, mé féin. Chuig Muintir Uí Thuama, Gort na gCnocán, tuairim ‘s míle siar Bóthar an Locha, uainn. Sár seanchaí ba é Dinny Twoomey féin. Níor ghá ach suí sa chlúid ag tine mhillteach mhór, ag ithe cannta breá aráin le him agus subh go tiubh air ag éisteacht leis ar feadh na hoíche. Bhí gach uile rud riamh a bhí ait, nó iontach, nó eaglach nó olc, feicthe aige. Nuair a bhíodh sé ag filleadh abhaile ó Inse Gheimhleach, sna hoícheannta, dubha dorcha úd, a bhí ann fadó, is ea a tharlaoídh an raic agus an ruaille bualadh do. Thart ar Charraig a’ Choireáil, lastoir de Charraig an Aifrinn an áit ba mheasa. Deineadh diablaíocht éigin ann fadó, ba dhóigh le Dinny. Dób é an Madra Mór Dubh, ba mhó a chráidh é, you know who, ta’s agat, i riocht bréige. Muna mbeadh go raibh an Páidrín go docht ina dhorn, os a chomhair amach, bheadh deireadh leis cinnte. Chomáineadh Dinny an tainmhí allta seo roimhis amach, agus é ag drannadh ‘s ag glamhaoil, spréacharnaigh as a shuile, an ionga ar a ruball ag scríobadh an bhóthair le teann feirge agus diabhlaíochta, go dtí go dtéadh sé trasna an tsrutháinín idir Thady Cronin’s agus Con Joe’s agus seo leide duit féin, a léitheoir, muna bhfuil tú imithe scannraithe uaim fadó, má chastar ainspiorad den tsort seo ort féin riamh, níl le déanamh, dáiríre, ach uisce o thrasnú, mar nach féidir leo tú leanúint! Ní raibh gaiscíoch mar Dinny Twoomey sa Pharóiste riamh roimhe seo ná ó shin.

FIG 1 HERE

 

Beidh lá eile agam bPaorach.

 

Chonaic Dinny go leor eile, leis, an sochraid a d’imigh os a chionn san aer, capaill, caráistí agus conair, sluaite ollmhóri leanúint, caoineadh uaigneach truamhéileach, raic agus ologón agus tinte dearga dallta, iad go léir ag druidim í dtreo Muine Mhadra ach, faraoir chaithfear é sin agus torramh brónach Mary a inghean álainn óg féin, a fhágail go fóill.

FIG 2 HERE

Bhios ró-óg chun é a thuiscint ach, is dócha go raibh an saol i lár na hAoise seo chaite dian go leor ar dhaoine, ag iarradh greim bídh a choimeád ar an mbord agus compórd de shórt éigin a sholathar don líon tí. Táim cinnte gur chabhraigh nós na scoraíochta, saol na ndaoine a dhéanamh beagainín níos boige agus níos taitneamhaí.

 

Beidh áthas orm má mhusclaíonn mo smaointe ar an scoraíocht, cuimhní-chinn, comparáidí agus comhrá bríomhar, in Aharas,  i nDoire’n Aonaigh, i nDrom an Eallaigh nó i mBán an Aoil féin agus, go háirithe ar na daoine uaisle, álainne a shiúil na bóithríní, sna hoícheanta spéir gealaí, i dtreo an tsolais sa bhfuinneog chun greas cainte a dhéanamh len a gcairde agus len a gcomharsana, geanúla, groí.