Scealta
Bhéal Oideasa
Tagann na scealta seo leanas
ó bailiuchán a deineadh i 1938 i ngach scoil sa
tír. Níl anso ach sampla des na scealta atá ar
fail ós na scoileanna i mBéal Átha’n Ghaorthaidh
agus i gCéim an Fhia.
Fear Neamh-shásta
Bhí rí sa domhan thoir uair amháin agus cé go raibh an saoghal ar a thoil aige ní raibh sé sásta. Bhí bean gheanamhail agus clann bhreagh aige. Bhí cáirde macánta agus sláinte an bhradáin aige. Bhí dúthaigh ghrianmhar agus palás áluinn aige. Ba choir dó bheith sásta ach ina dhiaidh san agus uile ní raibh sé sásta ná leath-shásta. I ndeireadh na dála chuaigh an scéal i ndonaidheacht chomh mór san is nár fhéad sé codladh na hoidhche d’fhághail agus buaileadh breoidte é.
Tháinig an dochtúir ach níor éirigh leis é leigheas. Tháinig dochtúir eile agus dochtúir eile fós ach theip orthu go léir é do leigheas. Tháinig fear feasa an tslíghe lá agus fuair sé cead cainte leis an rí. Chuir sé tuairisg na h-aicíde agus dhein sé a mhacnamh ar feadh tamaill.
“A rí onóraigh” ar seisean, “níl ach an t-aon leigheas i ndán duit agus muna bhfaigheann tú an leigheas san tá deireadh leat.”
“Agus cad é an leigheas é, a fhir chóir?” arsa an rí.
“Sé an leigheas é, a rí onóraigh,” arsa an fear feasa, “ná léine fir éigin atá sásta leis féin agus leis an saoghal dfhághail agus é chur ort.”
Lá ar na mháireach chuaigh teachtairí ón rí ag cuardach na ríochta d’fhear sásta. Do chuireadar caint agus cómhrádh ar gach aon fhear riamh a casadh orthu ach ní dubhairt éinne leo go rabhdar sásta.
Fuaireadar fear ag lorg goile dá bhreicfeasta agus fear eile ag lorg breicfeasta dá ghoile. Bhí an fear saidhbhir gan a shláinte agus fear na sláinte gan a dhóithin airgid aige. Dubhairt an gréasaidhe
go raibh an leathar ró-chruaidh agus dubhairt an siúinéir go raibh an t-adhmad ró-bhog. Do chuarduigheadar na teachtairí dóigh agus andóigh ach ní bhfuaireadar aoinne a bhí sásta, agus b’éigin dóibh filleadh gan pioc de bhárr a gcuardaigh acu. Bhíodar a’ tiomáint leo abhaile nuair d’airígheadar an port feadaíle istigh i bpáirc. D’fhéachadar isteach thar an gclaidhe agus annsúd ós a gcomhair do chonnaiceadar an scafaire fir. I na shuidhe ar phaca fé scáth crainn a bhí sé, a dha uilinn ar a ghlúnacha aige agus é cromadh os cionn teine brosnaí ag róstadh maróige a bhí ar bárr cipín aige. Do chuadar isteach chuige. Do bheannuigheadar dó go séimh agus do fhreagair sé iad go fáilteach. “Táir ar do chúilín tseabhrach anso,” arsa duine acu leis.
“Ní gearánta dhom buidheachas le Dia,” arsa fear na maróige. B’fhéidir go bhfuil tú sásta,” arsa an teachtaire. “Níl cíos cás ná cathughadh orm, buidheachas mór le Dia na Glóire,” arsa mo dhuine. “Táir sásta mar sin,” arsa an teachtaire. “Táim sásta agus lán tsásta,” arsa an scafaire. “Tabharfad céad púnt duit ar do léine,” arsa an teachtaire agus é ar inneal. “Léine, a chroidhe,” arsa na fear na maróige, “ní chaithim a leithéid ná níor chaitheas le fada an lá.” Do chuadar abhaile gan léine agus fuair an rí bás.
Fuair Tadhg Ó Tuama an sceal
seo ona athair Séan ó Tuama,
Na Curraithe,
Leipreachán
Do bhí buachaill ana-leisciúil ann fadó. Séan a b’ainm dó. Ní dhéanfadh sé aon obair ach ag cur trapanna roimis na héanlaithe agus suil ribeanna roimis na coiníní agus ag breith orthu. Lá amháin nuair a bhí sé ag féachaint ar a chuid trapanna do chonaic sé leipreacháinín ag dul isteach i bpoll. Do chuir sé súil ribe roimis agus nuair tháinig sé airís bhí sé in achrann ann. Do rug sé ar an bhfirín agus thosnuigh sé a’ screadaigh agus a’ léimrigh ar buile.
Dubhairt Séan ná leogfadh sé dhó imtheacht go dtí go dtabharfadh sé dhó próca óir. Dubhairt an firín ná raibh aon ór aige. Annsan tháinig solus éigin roime ‘na shúile i dtreo nach féidir leis pioc d’fheiscint agus chaith sé leogaint do’n firín imtheacht. Tháinig sé amach as an áit agus é go h-ana bhrónach. Do shuidh sé síos ar bhun chrainn a bhí taréis tuitim. Nuair a thosnuig sé ar shiubhal airis níor bhféidir agus shiubhal sé leis agus an crann ceangailte dhe. Do thuitfeadh sé isteach ins gach díg a bhuailfeadh uime agus do leagfadh sé gach coca féir. Fé dheireadh do shrois sé tigín an-bheag. Do bhuail sé ag an ndorus, agus tháinig fear críonna caithte, liath amach chuige agus dubhairt sé nach féidir leis aon rud a dhéanamh dó.
Do thiomáin sé leis go dtí gur shrois sé tigín eile agus tháinig fear eile liath amach chuige agus bhí an sceal céadhna aige mar a bhí ag an bhfear eile. Do chaith sé suidhe síos agus fuair sé bás ann.
Fuair Tadhg Ó Tuama an sceal
seo ona athair Séan ó Tuama,
Na Curraithe,
Gan Murcha gan Maonas
Feirmeoir do beadh Murcha. Ní raibh aoinne sa tigh ach é féin agus a bhean. Do bhuail bean siubhail isteach chucu agus fear ar a drom aice. Maonas do b’ainm do. Mairtíneach do beadh é. D’iarr sí lóistín na oíche i gcúntas Dé agus fuair sí é. Thug Murcha na ba abhaile. Do chrúigh Muracha agus a bhean agus bean Mhaonais iad. Nuair a bhí na ba crúite acu do shuigh bean Mhurcha agus bean Mhaonais taobh amuigh don doras ag caint. Dubhairt bean Mhurcha gur mhór an t-amadán í bheith ag bhreith an fhir san ar a drom léí gach lá. “Is sadhbhir an fear atá agam’sa ,” arsa bhean Mhaonais. Chuir sí lamh isteach ’na burlach agus do thairig sí sparán mór lán d’airgead. Do chuadar a chodladh an oíche sin. D’éirigh bean Mhurcha agus sgiob sí léí Maonas. Nuair d’éirigh bean Mhaonais ní raibh aon tuairisg ar Mhaonas. Do rith sí síos an bóthar agus thainig sí suas le bhean Mhurcha agus Maonas ar a drom aice. Do ghaibh sí go maith uirthi agus thóg sí Maonas ar ais agus d’imig sí. Dimig bean Mhuracha abhaile ach ní leogadh Murcha isteach í agus annsan do bhí gan Mhuracha gan Mhaonas.
Fuair Seán Ó Toibín an sceal
ona athair SeanÓ Toibín,
Ínse an Fhosaidh,
Sgéal na Potóige
Do bhí fear agus bean ’na suidhe cois na teine um thráthnóinín déanach. “Ní bhfuaireamair aon seans ar bheith saidhbhir riamh” arsan bhean.“Nach maith a fuair Cormac Beag próca óir” arsan bhean. Airiú cé chífidís ná bean uasal ’na seasamh síos ag an doras. “Seadh” ar sí “iarraíg’ trí ghuidhe agus gheobhfaidh sibh go dtí an taca seo amáireach chun ’úr n-aigne do dhéanamh suas” Annsan d’imthigh sí. Do bhíodar ag cuineamh agus ag cuineamh ar cad d’iarfaidís. “Fiarfóimíd ár ndóthain airgid ar aon chuma” arsa an bhean, “agus sláinte ana mhaith” Do bhí an sgéal socair ansan. Níor chodladar puinn an oíche sin ná ní dubradar puinn paidreacha. Ambasa do bhí an t-am ag druidim leo.
“Go deimhin, a Sheáin” dubhairt an bhean. “Ba mhaith liom go mbeadh slat do phótóige agam chun é a róstadh ar an dteine”. Do tháinig an phutóg an simné anuas. Do bhí Séan ar buille. “Sin guidhe breagh imthighthe” ar seisean. “Go gceangla sé suas le do chaincín.” Do léim an phutóg agus do cheangail sé suas lena caincín. “Airiú” arsan fear, “fág ort é agus cuirfimid cás óir air”ar seisean. “Sin é an tarna guidh imthighe” “ Tá aon ghuidhe amháin againn anois,” arsan fear. “Ó a Sheain,” ar sise “ní dhéanfadh san a gnó go deo.” Do thoiligheadar é thuitim anuas di agus do chuir an phutóg an simné amach di.
Fuair Seán Ó Toibín an sceal
ona comharsan Bean Uí Chríodáim,
Ínse-an-Fhosaidh.
An Fáinne
Do bhí rí ann fadó agus do bhí ingeann óg álainn aige. Do caillead go h-obann í. Lá na socraide nuair a bhíodar á cur sa chomhrainn do bhí gabha láithreach agus chonaic sé fáinne breagh óir ar a méir. Dubhairt sé leis féin go bfaghadh sé punt ar an bhfainne dá mbeadh se aige.
An oíche ’na dhiaidh san, chuaidh sé go dtí an reilig agus d’osgail sé an uaigh agus thóg sé an clúdach d’on chómhrainn. Rug sé ar an láimh go raibh an fáinne uirthe agus bhí sé ag d’iarraigh an fháinne bhaint di. Chuir sé a cheann isteach sa chomhrainn agus chuir sé a méar isteach na bhéal agus a fhiacla dtaobh istig d’on fháinne. Do luig sé go dian ar i gcás go bhfeadfadh sé é a bhaint di. D’fhaisg sé an mhéár níos mó agus sar a raibh fhios aige cad a bhí tuitighte amach do bhí a dá láimh curtha mór thíompall a mhuinéal aice. Do léim sé amach as an uaigh agus do léim an cailín amach ina dhiadh. Thug sé leis abhaile í ach ní raibh aon urlabhra aice. D’imthigh an gabha go dtína h-athair agus dubhairt sé leis go raibh an cailín sa bhaile aige. Ní chreidfeadh an t-athair é ach mar sin féin do tháinig sé go dtína thig. Do sgriobh an cailín síos i bpaipéar an cuma a gheobhadh sí a h-úrlabhra airís. Do chuadar go dtí gleann go raibh sruthán ag rith tríd agus bó riabhach istigh ann agus luachair ag fás ag bun an tsrutháin. Naoi mbrobh luachra do stathadh agus fainní do dheanamh díobh, agus an naoú ceann do chaithneamh uatha.Na h-ocht gcínn eile do ceangal le ríbe as eirbeall na bó agus iad do bheiriughadh i mbainne na bó agus uisge an tsrutháin agus thabhairt le nól di agus do fuair sí a h-úrlabhra airís agus do phós sí an gabha.
Fuair Seán Ó Toibín an sceal
ona comharsan Bean Uí Chríodáin,
Inse-an Fhosaidh.
Ag Foghluim Béarla
Bhí triúr deartháir ’na gcomhnuí mór thíompal na h-áite seo fadó. Ní raibh aon Bhéarla in aon-chor acu. Cheapadar dá mbeadh Béarla acu go mbeadh a sgéal i bhfad níos fearr acu. Dubharadar leo féin go gcaithfidís dul ar sgoil agus Béarla a fhoghluim. An lá na dhiaidh san chuaidh an deartháir is sine ar sgoil agus sé rud a fhoghluim sé ná “We three.” Nuair a chuaidh sé abhaile d’inis sé do’n bheirt eile cad a fhoghluim sé. Chuaidh an tarna duine ar sgoil an tarna lá agus sé rud a fhoghluim sé na “for want of money.” Nuair a chuaidh sé sin abhaile leis d’inis sé don bheirt eille cad a fhoghluim sé. Chuaidh an deartháir is óige ar sgoil an triú lá agus sé an rud a fhoghluim sé sin ná “all right.” Cheapadar annsan go raibh a ndóithin Béarla acu. Bhí an triúr acu ag siubhal an bóthar lá agus do casadh fear marbh orthu. Bhíodar ag féachaint air ar feadh tamaill. Ní rabhadar i bhfad annsan nuair a tháinig gárda. D’fhiafraigh an gárda dhíobh as Béarla “who killed the man?” agus dubharadar san “we three.” “Why?” arsa an gárda “for want of money” arsa duine acu. “Ye will be hanged” arsan gárda. “All right” arsa duine eile acu. Do crochadh iad mar gheall ar an méid Béarla a bhí acu.
Fuair Seán Ó Súilleabháin an
sceal seo ona athair Domhnal ó Súilleabháin,
Na
Curraithe,
An Lios
Bhí fear ’na chomhnuí taobh thoir do Ínse Geimhleach in áit go nglaodhatar Ros Mór uirthi. Ní raibh aon talamh in aonchor aige ach an t-aon tigh amháin. Bhí lios ag feirmeoir le hais a tighe agus ní raibh sé ag deanamh aon obair air. Seán Ó Cróinín ab ainm don fheirmeóir agus Tadhg ó Cróinín ab ainm don bhfear eile.
D’iarr Tadhg air a’ dtabharfadh sé an lios dó. Dubhairt Seán go dtabharfadh sé an lios dó, gan amhras, ach go mbíodh pucaí ann oidhcheanta anois agus airís. Ní raibh an lios i bhfad aige nuair a bhí sé á threabhadh agus ag cur gach aon tsaghas glasra ann. Fear mór láidir do beadh Tadhg agus ní raibh eagla air roimh púca, ná duine ná aon rud eile. Bhí na glasraí ag fás go h-an-dheas. Oídhche amháin chuaidh sé ag sgoruíocht go dtí tigh duine des na cómharsanaibh. Tíompall a deich a chlog d’éirigh sé féin agus duine eile des na comhnarsnaibh chun dul abhaile.Bhíodar ag caint le chéile ag dul abhaile mar gheall ar phúcaíbh. Nuair a thánadar go dtí tigh an fhir eile chuaidh an fear san isteach. Bhí tigh Thaidhg tamall eile ón dtigh sin.
Níor chuaigh sé abhaile in aonchor an oidhche sin. Bhí an Laoí ós comhair an leasa amach. Ar maidin bhí na daoine go léir á chuardach agus ní fhéadfaidís é fhághail in aonchor. Fé dheireadh fuaireadar é ar an dtaobh eile do’n loch díreach anonn o´n Lios agus é marbh. Bhí droichead trí mhíle taobh thoir den lios agus droichead eile trí mhíle taobh thiar den lios agus do thógfadh sé lá agus oidhche d’aon duine dul siar do dtí an droichead agus dul soir airís ar an dtaobh eile, nú dul soir go dtí droichead agus siar ar a dtaobh eile. Deirtear gur ab amhlaidh a chaith na púcaí anonn thar an loch é. Tá an lios ann fós agus níor chuir aoinne a chos isteach ann riamh ó shoin.
Fuair Seán Ó Súilleabháin an
sceal seo ona mháthair
Peig (Mairéad)
Uí
Shúilleabháin,
Na
Curraithe,
Scéal Bhéal – Oidis .
Ní bhíonn aon chapall ag na pucaí acht nuair a théigheann siad amach is t-oidhche. Deineann siad capaill des na céad rudaí a chíonn siad. Ach dá labhradh aoinne acu faid is bheidis anáirde ar na capaill thuithfidis anuas agus d’íompódís go dtí a gcruth féin arís.
Bhí rás ag triúr acu oidhche amháin. Bhí muc ag duine acu agus cearc ag duine eile agus sean-bhéim chéachta ag an tríomhadh duine. Bhíodar ag dul thar áit go raibh abha bheag ag rith tríd. Do léim an chéad duine treasna na habhann. “Mo chara chroide, léim, a shean bhéim céachta,” ar seisean, is do thuit sé anuas dá chapall isteach san abhainn. Bhí fear na muice ag teacht ar buile is ní fhaca sé cad d’imthig ar an gcéad fhear in aon chor. “ Tar slán, a mhuc, is maith an léim í sin,” ar seisean, agus thuit sé sin chomh maith. Do bhuaidh an fear deireannach an rás.
Máire Ní Tóibín Feabhra 1adh.
1937
Scéal Bhéal Oidis
Chuaidh fear bocht isteach go tigh feirmeóra lá agus fuair sé féile agus fáilte ann. Chonaic bean an tíghe go raibh droch-chasóg air agus dein sí casóg plainín dó. Ghaibh sé bhuideacas léi agus dubhairt sé, “an chéad ghnó a thosnóchair ar maidean amáireach,” ar seisean, “go leanfaí sé diot go hoidce.”
Thosnuigh sí ar phlainin do thomhas agus bhí sí á thomhas go h-oidhche sara dtánaig a dheireadh agus bhí an tigh lán de. Tháinig comharsa léi isteach agus bean an-shanntach do beadh í.
“Ó cá bfuairis an plainín go léir?” ar sise. D’innis sí di. “Nach mór an truaigh,” arsan bhean sanntach, “ná tiocfadh sé chugamsa.”
Seachtain na dhiadh san do tharla gur bhuail sé chuig an mbean sanntach isteach agus dhein sí léine do agus thug sé an guidhe céadna dhi agus é ag imtheacht. Bhí an-scannradh chun tosnuighte uirthi ar maidin.
“Iosfad blúire ar dtúis,” ar sise léi féin i gcás nach gádh dom stopadh go h-oidche de m’ chuid plainín féin do thomhas. Thosnuigh sí ag ithe agus níor stop sí go h-oidhche agus d’ith sí a raibh sa tigh. Ní raibh pioc de barr na sainte aice.
Sean-fhocal: Sáruigheann an tsaint í féin.
Máire Ní Thóibín Márta 1adh
1938
Scéal Bhéal Oidis
Do bhí bean ’na comhnaidhe ’na h-aonar in áit uaigneach. Do cuirtí olann chuici isteach ón dtír mór-thimpeall agus dheineadh sí í do glanadh agus do cíoradh agus do sníomh. D’fhanfadh sí chun áirneán á dhéanamh. Oidche amháin d’fhan sí suas an- dhéanach agus amach san oidche do tháinig duine éigin go dtí an doras. “Osgail seo dom,” arsan glór. D’osgail bean an tighe an doras agus do thánaig bean mhór láidir isteach go raibh adharc ar lár a h-eadain.
Do dhein sí suas ar an dteine agus rug sí ar ladhar olna agus dubhairt sí, “lámh síos, lámh suas, lámh luadh bean an tíghe. Slám a cíoradh slám a chárda, sgruid árnáin bean a tíge.”
“Cé h-é tusa?” arsa bean a tighe. “Cailleach na n-adharc,” arsa an bhean agus níor labhair sí aon fhocal eile.
Ba ghearr go dtáinig an glór go dtí an doras arís. “Osgail seo dom.” D’éirigh cailleach na n-adharc agus do tháinig bean eile isteach go raibh dhá adharc uirthi. Thosnaig sí ag obair agus dubhairt sí an cómhrádh ceadna agus do bhí scannradh ag teacht ar bhean a’tíghe mar thuig sí gurbh í féin an sgruid. Bhíodar ag obair leo ar feadh tamaill mhaith gan focal do labhairt go dtáinig an glór amuigh arís, “eirigh a chailleach an dá adharc” arsa cailleach na n-adharc “agus leog cailleach na dtrí n-adharc isteach.”
D’éirigh sí agus leog sí bean isteach go raibh trí adhairc uirthi agus dubhairt sí sin an comhrádh céadna a dubhairt an chéad bheirt agus mar sin dóibh go raibh beirt bhan deag istigh agus bíodh adharc níos mó ar gach duine a thagadh go dtí go raibh dhá adharc dhéaga ar an duine deireannach.
Bhíodar go léir ag obair ar buile acht ní fhéadfadh an bhean pioc a dhéanamh ach féachaint orthu le scannradh. Nuair bhí an obair geall leis críochnuighthe acu dubhairt cailleach an Dá adharc dhéag le bean a tíghe corcán uisge do chur síos. “Níl braon uisge istigh agam,” ar sise. “Imthig á iarraidh mar sin,” arsa an cailleach.
Fuair an bhean buicéad agus d’imthig sí amach. Do labhair spideog léi agus dubhairt sí, “Táid chun tú a mharbhugadh” ar sise. “Tá a fhios agam,” arsa an bhean. “Acht cad é mo leigheas air?” “Anois” arsa an spideog, “ nuair raghair isteach abair, “tá Sliabh na mBan bhFionn go léir tré theine agus rithid go léir amach. Ansan cuir amach sluasadh agus sguab na luaithe agus uisge na gcos agus dún an dorás orthu is ní féadfaidís teacht isteach chughat a thuille.” “Tá go maith” ar sise.
Do rith sí isteach, “Ó” ar sise, “ tá Sliabh na mBan bhFionn go léir tré theine.” “Puililíu mo leanbh-sa” arsa gach duine acu agus iad ag baint an doras dá chéile. Nuair bhí an duine deireannach acu amuigh do dhein sí mar a dubhairt an spideog léi agus dhún sí an doras go daingean.
Tháinig na mná thar nais agus dubhradar léi an doras a osgailt dóibh ach níor leog sise uirthi gur airigh sí iad. Annsan ghlaodar ar uisge na gcos agus ar sluasad agus sguab na luaithe acht dubhradar san leo go rabhadar amuigh agus chaitheadar imeacht. Níl lá ó shin i leith na gur thug an bhean biadh don spideog.
Máire Ní Thóibín, Bealtaine 2adh 1938
Scéal Bhéal Oidis
Do bhí sprid ag Casadh na Spride áit atá tamaillín taobh thiar de Bhéal Átha an Ghaorthaidh, fadó agus bhíodh eagla ar gach aoinne gábhail an treó san oidche. Do bhí fear amhain d’ainm Díarmuid Ó Tuama is ní chuirfeadh aon rud eagla air.
Oidhche amháin bhí sé ag dul ag sgoruidheacht agus chuaidh sé thar Chasadh na Spride agus léim an sprid amach chuige acht má léim do léim Diarmuid anáirde ar a drom.
Do bhí géaráin ar a chosa aige agus sháig sé isteach i gcliathánaibh na spride iad. “Sáigh agus tairg” arsan Sprid. “Sáithfead agus ní tharraigeochaidh” arsa Díarmuid agus níor tháinig sé anuas den sprid gur shrois sé an tigh go raibh sé ag dul ag sgoruideacht ann agus bhí an sprid tuirseach amach aige.
An chéad oidche eile go raibh sé ag gabhail na slighe bhí an sprid taobh istigh don claidhe agus dubhairt sí “a Dhiarmuid bhfuil na géaráin ort anois?” “Tá” arsa Diarmuid, is níor bhac an sprid leis go brách arís.
Máire Ní Thóibín Meitheamh
28adh 1938
Scéal Bhéal-Oidis
Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thigh an tsagairt. Connaiceadar dhá éan i bpáirc. “Is breá an dá ghé iad san” arsa an bhean. “Níl ann acht aon ghé amháin,” arsa an fear. “Deirim-se go bhfuil dhá ghé ann,” arsa an bhean. “Níl, go deimhin, acht aon ghé amháin,” arsa an fear. Do leanadar ag áiteamh ar a chéile mar sin gur chaith an bean í féin ar an mbóthar.
“Éirigh” arsan fear agus téanam ort abhaile” “An bhfuil dhá gé ann? ar sise. “Níl” ar seisean, “acht aon ghé amháin.” Dhún sí a súile agus leog sí uirthi bheith marbh.
D’imthigh seisean agus thug sé leis a h-athair agus a máthair. Do rugadar abhaile an corp mar dheadh. Tháinig na comharsain chun an tórraimh. Amach san oidche tháinig an fear os cionn an chuirp ag gol mar dheadh. Thug sé cogar di. “Éirigh as san,” ar seisean “agus bíodh ciall agat.” “An bhfuil dhá ghé ann?” ar sise. “Níl” ar seisean, “ acht aon ghé amhain.”
D’fhan sí mar a raibh aici. Ghlúais an tsochraid ar maidin. Do thangthas chun na reilige. Bhí an uaigh ar leathadh. Do léigh an sagart na paidreacha. Do cuireadh síos san uaigh í, do caitheadh sluasad cré anuas ar an gcómharainn. Do sgread an bhean; “a Thaidgh, a Thaidgh” ar sise. “Leag amach as so mé, níl ann acht aon ghé amháin nó dhá ghé pé’cu is maith leat-sa.”
Do rith na daoine as an reilig. D’osgail an fear an chomhra. Thóg sé amach an bhean agus í leath mhúchta. Chuir sí cupla fanntas di. Tháinig sí chuici féin. Thugadar aghaidh ar an mbaile. Ba ghearr go bhféacadar ar an bpáirc chéadna an dá ghé céadhna. “Feach a Taidhg” ar sise “acht is cuma liom ó deirim ná fuil ann acht aon ghé amháin” “Aon ghé amháin” ar seisean “agus aon ghandal amháin.”
“Ó ó ó” ar sise agus ón lá san go lá a bháis níor labhair sé focal nár ghéill sí dó ann, pe’cu bhí an ceart aige nó ná raibh.
Máire Ní Thóibín Iúl 1adh
1938
Sean – Fhocail
Nuair is fuair é an teachtaire is fuar é an freagra
Seachain an droch-dhuine agus ní baoghal duit an duine macánta.
Ná bíodh ionthaoibh choidhche agat as cois deiridh an chapaill bháin.
Bíodh rud agat féin no bí ’na éagmuis.
Nuair is fuar don chailleach caitheann sí rith.
Más peacadh beirt bhuidhe tá na mílte damanta.
Is giorra cabhair Dé ná an doras.
Fear na bó féin fé na h-eirbeall.
Sean-amadán an t-amadán is measa.
Cuimhniú na h-oidhche buanú na soininne.
A sgéal féin sgéal gach aoinne.
An rud is annamh is iongantach.
An té bhíonn suas oltar deoch air agus an té a bhíonn thíos buailtear cos air.
Ceannuigh deagh-rud is tá agat saor-rud, ceannuigh droch-rud is ní bheidh agat aon rud.
Máire Ní Thóibín, Samhain 16
adh 1938
Bhéal-Oidis
Bhí fear ’na chómnuidhe i gCíll Mhuire fadó. Bhíodh sé ag briseadh cloch ar an mbóthar agus bhí sé an-shímplí macánta. Siobhán a b’aimn dá mhnaoí agus bhí sí ana chiallmhar agus ana ghlic.
Lá amháin bhí Seán ag obair agus chuaidh cóisde mór thairis agus thuit sparán mór trom amach ó dhuine éigin. Thóg Seán an sparán agus thug sé abhaile chun Siobhán é. Thóg Siobhán an sparán agus chuir sí isteach fé an dtocht é. “Anois a Sheáin,” ar sise, “ná hinnis do aoinne go bfhuairis é seo. “Tá go maith” arsa Seán. Acht mar sin féin bhí fhios ag Siobhán go raibh sé chómh símplí san go neosfad sé duine éigin é.
An lá na dhiaid san leig sí uirthi gur chaith sí dul go Maghchromtha. Rug sí Seán lei go dtí an tsráid agus rug sí isteach ar scoil é agus d’iarr sí ar an máigistir aire a thabhairt dó mar nár mhaith lei é d’fhágaint sa bhaile ’na aonar. “Ó tá go maith,” arsan maighistir, “beidh ana shaoghal aige annso.”
D’imthigh Siobhán annsan agus bhí ana spórt ag Séan, ag spórt leis na leanbaí is níor leig sé dhóibh pioc a fhóghluim. Thánaig Siobhán ghá iarraidh am thráthnóna árís agus rug sí léi abhaile é.
I gcionn seachtmhaine do bhí Seán ag obair ar an mbóthar arís agus tháinig fear chuige agus d’fhiafriugh sé dhe a bhfuair sé sparán. “Áiriú do fuaras,” arsa Séan, “agus thugas abhaile chun Siobhán é. Téanam ort agus tabharfaidh sí duit é.”
“A Shiobhán,” arsa Seán, “Is leis an fear seo an sparán, tabhair do é.”
“Níl aon chiall ag an bhfear san,” arsa Siobhán leis an duine uasal, “níor thug sé aon sparán dom.”
“Acht, a Shiobhán,” arsa Seán. “Nach cuimin leat an sparán a thugas chugat an lá sara chuadhas ar scoil.” “Anois” arsa Siobhán. “An bhfuil aon chiall aige?” “Ó níl is dócha,” arsan fear uasal agus d’imthig sé leis an doras amach agus tá an sparán ag Siobhán ó shin.
Máire Ní Thóibín Samhain
22adh. 1938
Próca Óir
Bhí siúnéir na chómhnuidhe sa pharóiste seo fadó darb ainm Liam na Croise. Ní dheineadh sé aon obair ’na thig féin ach i gcómhnuide amuigh ag obair i dtighthe na bhfeirmeóirí ag déanamh trucaillí agus buttaí agus gach rud oirfeadh dóibh. Aon uair a bhíodh sé ag obair i bhfad óna thig ní fhillfeadh sé abhaile go dtí ’stoíche Dé Sathrainn.
Maidean Luan áirighthe do chuaidh sé ag obair soir go barra an Churraithe go tigh feirméora darb ainm Micil Chonchúir Mhóir. D’fhan sé ag obair annsan i rith na seachtmhainne. Gach oíche taréis suipéir théigheadh sé a chodladh. Bhíodh an fear bocht tuirseach, tnáithte taréis obair an lae agus ní bhíodh sé i bhfad sa leabaidh nuair a thuiteadh suan codlata air agus ní bhíodh sé tsuan san nuair thosnuigheadh sé ar thaidhreamh agus ar thaidhreamh go raibh próca óir i bhfolach fé thalamh i naice an Leasa Báid agus leac anuas agus sgairtín sceiche gile ag fás ós a chionn, istig i bpáircín beag, íseal, cluthmhar agus sean-chasán ag dul isteach chuige agus triúr sean-chailichíní na ’suidhe síos ina aice ag tabhairt aire dhó. Nuair d’éirigh Liam an mhaidin Dé Sathrainn, d’inis sé an sgéal do Mhicil. “Bhfuileann tú deimhinnitheach” arsa Micil, “gur taidhreamhuigheadh duit trí oíche i ndiaidh a cheile é?” “Táim siúralta” arsa Liam gur thaidhreamhuigheas gach oíche é ó thánag anso.”
“Ní foláir nú gur fíor é mar sin” arsa Micil “agus ná téirig abhaile i n-aon chor anocht agus raghaimíd fé na dhéin.” “Is baolach go millfeadh na sean chailichíní sinn” arsa Liam. “Ní mhíllfidh in aon chor,”arsa Micil. “Is minic d’airigheas” ar seisean “dá mbeadh aon úirlis déanta do chruaidhe agat go gcoimeádfá uait amach a leithéidí agus togfam-na linn siséil. Taréis an tsuipéir nuair a bhí gach aoinne ag dul a chodladh thógadar leo capall agus trucaill agus ghluaiseadar fé dhéin an bhaile, cruaidh, tirim, réillteach. Nuair a thánadar i n-aice an bhaill do sguradar an capall agus cheangaladar do thor aitinn é. Nuair a chuadar isteach sa pháircín chonaiceadar an triúr sean-chaileach ’na suidhe i naice an sgairtín.
Dheineadar ortha isteach agus bhagair Liam na siséal orthu agus dubhairt sé leó scrios as an áit sin go mear nó go scaoilfeadh sé faor orthu. Ní túisce bhí an focal ráidhthe aige, ná bhíodar imighthe as a radharc. Thosnuigh Micil ar thaighde lasmuich dhe agus é siúbhal tiompall agus siséal ins gach láimh aige. Ní raibh sé ró-fhada ag sgaolradh nuair d’éirigh an leac chuige. Leis sin d’eirigh an stoirm agus an ghaoth ba uathbhásaighe dár airigh aoinne riamh i dtreo dá sínfidís amach a lámh nárbh fhéidir leo é fheiscint. Chaitheadar é thabhairt suas agus is ar éigin a bhíodar ábalta a tslí fhághail amach as a bpáircín agus taréis dul amach bhí se dian orthu an capall agus an trucaill fhághail. Chaitheadar filleadh abhaile agus é fhágaint na ndiaidh.
Níor shásaimh san Micil. D’éirig sé go moch ar maidin lár na mháireach agus chuaidh sé go tigh Eoin Mhóir, deartháir a chéile dhó agus dinnis sé an sgéal do.
“Is minic d’airigheas,” arsa Eoin, “an té thógfadh suas ór mar sin ná mairfeadh sé ach seachtain ’na dhiadh san.”
“Más mar sin atá an scéal,”arsa Liam, “is fearr dhúinn gan bacaint leis mar sin”
Arsa Eóin “buaill i leith chugham um thráthnóna agus raghaimíd fe na dhéin an t-amadáinín beag atá chomhnuidhe anso i nár n-aice agus béarfaimíd linn é agus ionntóidh sé an leac dúinn agus tógfaimíd linn é tógfamíd aníos aon rud tá fé agus ma gheibheann sé bás féin is beag méala é. Ghabhadar suas an capall tráthnóna agus thógadar an t-amadáinín leo. Chuireadar isteach sa pholl é agus d’ionntuigh se an leac agus thóg sé amach próca mór óir. Thánadar abhaile agus bhíodar ar an mbeirt ba shaidhbhire ar an mbaile riamh ó shoin agus níor thugadar oiread agus pingin do Liam Na Croise. Lar na mháireach buaileadh an t-amadáinín breóite gan aithne gan úrlabhra agus níor mhair se ach dhá lá na dhiadh san.
Fuair Mícháel Ó Críodáin an
sceal seo ona athair Tadhg
ó Críodáin
Céim Chorra Bhuaile
An Muilleadóir
Bhí fear na chomnuí thiar sa Chaolchill agus do bhí muileann mór aige agus bhí sé ana bhocht ar fad. Do bhí sé i gcómhnuí ag cuimhneamh conus a dhéanfadh sé airgead. Gach aon oidhche do shocróch sé é féin i slighe go mbeadh sé ag taibhhreamh. Oidhche do bhí se ag taibhreamh go raibh corcán óir fén mhuileann. D’éirigh se go luath an mhaidin sin agus do bhris sé gach aon rud a bhí sa mhuilean agus do chaith sé amach an doras iad. Ansann do fuair sé sluasad agus ráinn agus thosnuigh sé ar pholl a osgailt. Fé dheireadh do thainig sé go dtí carraig ana mhór. “O” ar sé leis féin “ sé so an bhun chloch” agus le na chuid nirt go léir d’iompuig sé an charraig. An neomat san do chonaic sé an corcán iompuithe síos suas. “O”ar sé leis féin nach brea a fhéadfainn mo lámh a chur isteach ann agus do rug sé ar an gcorcán agus bhí sé folamh agus do chuir sé béic as agus dubhairt sé go raibh sé creachta agus go raibh a mhuileann briste aige
Fuair Mícháel Ó Críodáin an
sceal seo ona mhathair Bean Uí Chríodáin
Oilean-Eibhneach
Liam a’ Coitir agus an Leipreachán
Bhí fear ag baint mhóna i mbliana i Muing na Lúbán. Liam a Coitir dob ainm dó agus tá sé ’na chomhnaí i sráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh fós. Tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó Mhuíng na Lubán ó bheith ag obair dó féin cé bheadh ar an gcasán roimis ach firín beag cam agus snathád agus céir agus meanaithe agus casúr agus ceap agus sgian choise duibhe agus crúiscín brannda aige agus próca óir féna chasóigín. Bhí caipín árd agus cleite bán sáite ann anairde ar a cheann. “By dam” arsa mise,“ach tánn tú ag obair go cruaidh”. “O an diagh” air seisean, “acht nílim ag obair níos cruaidhe ná an duine atá taobh-thiar diotsa” agus do fhéach Liam taobh thiar de. Ní raibh aoinne ann. “Cé tá ann?” arsa Liam agus é ag iompáil a chinn. Bhí an fírín imthighthe glan as an ait ’na raibh sé.
Fuair Mícháel Ó Críodáin an
sceal seo ona athair Mícháel Ó Críodáin
Oíléan-Eibhneach