Máire Ní
Chroídáin 1924-2004
“Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bhais” adeir an seanfhocal agus is fíor san, cé gur minic is féidir é a mhoilliú. Ach luath nó mall fágann gach éinne slán le glean seo na ndéor. Ar an naoíú lá déag demhí Dheire Fomhair sa bhliain dhá mhíle is a ceathair thug Máire Ní Chroídáinó Dhrom An Ailligh i mBéal Átha’n Ghaorthaidh a h-osna deiridh in Oiseidéal Ollscoille Chorcaí.
Bhí gar-ghaolta leí i láthair dá bás, rud atá sólásach don té atá ag imeacht agus do sna daoine atá fághta. Adhlacadh í sa reilgin Ínse an Gheimhligh. Bhí ceithre scór slánuithe aici agus bhí sí i mbláth na sláinte idir aigne is corp go dtí an lá sula bhfuair sí bás gan coinne.
Cé go mba gnáthdhuine í ina lán slithe bhí buanna agus tréithe thar an gcoitiantacht aici i réimsí eile. Ní hamhlaidh go mba figiúir gnóthach poiblí ná aon rud mar sin í ach gur dhein sí a lán gnáth rudaí go sármhaith. Bhí pearsantacht iontach aici, suim aici i ndaoine agus í an-chárdiúil greannmhar. Bhí sí fial flaithiúil lena cuid ama. Bhí Gaeilge cruinn dúthchasach aici ó’n gcliabhán. Fiú is í ag freastal ar scoil na gcailiní i mBéal Átha’n Ghaorthaidh thug sí roinnt scéalta do’n Choimisiún Béaloideasa sa bhliain mile naoi gcéad is a triocha hocht. (Leanann ceann acu thíos). Nuair d’fhág sí an bhunscoil d’fhreastal sí ar an gceárdscoil áitiúil. Glac sí pairt leis mar bhan-aisteóir i roinnt drámaí Gaeilge.
Ach bas a réimse daonna a sháraigh sí. Chaith sí a lán ama ag tabhairt aire dá tuismitheoirí nuair a bhuail an sean-aois iad. Chaith sí na blianta fada leis ag tabhairt aire dá nianna is dá neachtanna agus dob í a chur chuige go fonnmhar agus go héifeachtúil.
Sea, tá an obair sin go léir thart anois – tá na níanna is na neachtanna taréis fás suas agus tá Máire féin imithe. Nach mór an solás do gach éinne ata fághta gur dhein sí sár-obair faid is bhí sí beó agus leó.
Sea, duine de mhuintir na haith ab ea í go raibh an-aithne uirthí – mothóidh na comharsain uatha í. Cuimhneófar uirthí amach anseo mar dhuine faoi leith – duine fial flaithiúil, carthannach, cumasach, tuiscionach – comharsa iontach, gaol dílis agus Gaedheal go smúsach.
Deinimid comhbhrón lena dritheáracha Mícheál agus Fionnbarra agus lena gaolta uile. Solas na bhFlaitheas go raibh ag a h-anam!
Donnchadh Ó Luasaigh,
(Baile An Chollaigh)
------------------------------------------------------------------------------------------------------
------------------------------------------------------------------------------------------------------
Coimisiún Béaloideasa 1938. Scoil Na gCalíní, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.
Máire Ní
Chríodáin, Drom-an-aillig. Aois, 3 bliana deag.
Béal Oideas – Scéal.
Bhí ógánach breágh dathúil ina chomhnuídhe cois fairrge fadó riamh. Ba bhéas leis éirighe go moch gach maidean Domhnaigh agus dul go dtí an chéad Aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan, thugadh sé tamall de’n lá a suidhe ar fhailltreacha na fairrge.
Domhnach áirithe agus é ar bharr faille mar sin do-chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dár luigh súil duine riamh uirthi. Bhí ceann breágh fionn-rua gruaige uirthi, go raibh scáil an óir ins gach dlaoí dhí, agus í ar sileadh síos go talamh leí. Ag cíoradh a cinn fé’n ngréin a bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óig-fhear cérbh’í nó cad ab as í, mar isé a drom a bhí leis; agus ‘na theannta san bhí brat draoidheachta tímcheall uirthi.
Dhein sé síos fé na déin, mar chuimnigh sé gur minic d’airig sé trácht ar an murbhach agus nach foláir nó gurb í a bhí ann. D’ealuigh sé ar a bhairricíníbh laistiar di agus sciob an brat draoidheachta dá slinneánaibh anuas.
D’fhiafruigh an t-óig-fhear de’n mhurbhach annsan an dtiocfadh sí leis agus é phósadh.
“Tiocfad”, ar sise, “mas dáiríribh duit – níl aon dul as agam anois, is dócha agus mé gan mo bhrat”. Bheir sé leis abhaile í agus chuir sé an brat fé ghlas.
Pósadh an lá san iad, agus bhí an saoghal ag eirighe go h-áluinn leo go ceann trí mbliana ndéag. Bhí daréag páistí gleóite acu fá’n am so agus sláinte an bhrádáin acu go léir.
D’imthigh an fear go dtí an t-Aifreann in a aonar maidean Domhnaigh i gcuimhneamh an lae a bhuail a bhean draoidheachta leis, trí bliana déag roimhe sin, is pé deabhadh nó easba cuimhne a bhí air ámhthach, d’fhág sé an eochair sa ghlas – rud nár dhein sé riamh cheana.
Ar a theacht abhaile bhí an brat draoidheachta bailithe as an gcófra ag an murbhach agus í féin agus a da-réag clainne imthighthe fén bhfairrge gan a tuairisc uatha.
Ní fheacha sé ó shoin iad.
“A” ar seisean, do díómbádhach; “Mairg a thugann cúl le cine agus ná pósann bean ar a aitheantas”.