Lucht Achrainn agus Bruíonta

(Togadh an alt seo as “Bealoideas Vol 8 1938”)

 

Is beag an t-ionadh do mhuintir na h-Eireann an mí-ádh agus an mí-fhortún a bheith ag gabháil dóibh , agus bheith faoi dhaor-smacht agus bheith faoi Ghall-smacht sa chuma gur chaitheadar a saol in Éirinn leis na cianta , iad féin a’ stealladh a chéile ,ní h-amháin muintir an taobh  thuaidh d’Éirinn , na Caitlicigh agus na Sasanaigh a’marú a chéile le grá Dé , ach gach aon dá chontae go minic , agus fuath agus gráin acu dá chéile. Go minic arís , gach aon dá pharóiste , agus fuath acu dá chéile. Ach níorbh é sin ba mheasa ná ba  ghreannmhara ach dhá cheann a’ pharóiste a’leadhbadh a chéile , mar a bhíodh anso in Uíbh Laoghaire fadó , agus is beag ná go bhfuil cuid den stuif chéanna fanta ann go dtí an lá atá inniu ann , mar is cuimhin liom fhéin , níl sé níos mó ná  deich mbliana ó shin ó bhí na buachaillí óga , ó dhá cheann a’ pharóiste ,ag imirt liathróide , agus ní fhéadfaidis an cluiche a chríochnú  gan éirí chun a chéile; agus mar sin dóibh , gach aon uair a bhuailidís um a chéile in aon saghas comórtais nó spóirt ,deifir agus bruíon  a bheadh i ndeireadh na scríbe  i gcónaí , agus nuair a bhuailidís féin agus muintir Bhaile Mhúirne nó muintir Chuil Aodh um a chéile , pé cor a thabharfaidís dá chéile , ní bheadh fearg ná droch-aigne acu chun a chéile. Ach , ar aon chuma , i bhfad roimis sin bhíodh bruíonta móra buailte acu. Nuair a raghadh muintir an iarthair , mar a ghlaodh muintir Ínse Gheimhligh orthu , go h-aonach Mhaigh Chromtha , nuair a chítí ag gabháil soir iad , mura mbídís láidir a ndóthain , chnuasófaí meitheal istoíche rómpa in Ínse Geimhleach agus gheofaí orthu !.D’réir dealraimh , níor mhór dóibh sásamh a fháil ; agus an uair sin bhíodh aonach cheithre uair sa mbliain in Ínse Geimhleach.Raghadh muintir an iarthair soir , cuid acu gan aon ghnó aonaigh , bheiridís meitheal leo aus ghabhaidís fimine ar mhuintir Ínse Geimhligh thoir ag a ndóirse féin.Bhuel , bhíodar mar sin ar feadh i bhfad , agus bhí an sagart Mór Ó h-Uallacháin sa pharóiste an uair úd , agus nuair a airíodh sé an bruíon ar siúl ar pháirc an aonaigh , bhí páithneach de chapall brea , buí aige , agus ní fhanadh sé an iallait amháin a chuir air , ach anáirde ar a dhrom , agus bata a thógaint leis , agus ghabhadh do chosa ionta leis an gcapall , agus bhí cothrom brea aige uaidh anuas chun iad a léasadh agus dheighileadh sé óna chéile iad an uair sin ar aon chuma.

 

Sea , bhí náire air , agus bhí sé cráite , ciaptha acu ,gach aon uair a bhuaifidís um  a chéile ní raibh ann ach bruíon agus troid. Tháinig sé go dtí Béal Átha’n Ghaorthaidh lá Domhnaigh chun Aifreann a thabhairt uaidh , agus dúirt sé le muintir an iarthair ag an seanmóin go mbeadh Aifreann speisialta anso i mBéal  Átha ‘n Ghaorthaidh  ag deireadh na seachtaine , agus chuir sé mar bhreithiúnas aithrí ar na fir a bhíodh ag troid  teacht ar céalacán , cosnochtaithe , ceann lomnochtaithe go dtí an Aifreann , agus go gcaithfeadh gach fear  a bhíodh ag troid pé méid cloch ba dhóigh leis a chaith sé ins na bruíonta a thabhairt leis ón mbaile ina bhaclainn , agus gan dearmad a bhata a thabhairt leis .Thángadar go h-an - leisciúil , is dócha ; bhí cuid acu go ceann-dána , fiain , gan dabht , an uair sin. Ach bhí an-ghrá agus an - urraim acu don sagart mór. Nuair a thángadar go dtí Béal Átha ‘n Ghaorthaidh bhí tine mhór déanta aige ansan rompu , agus dhein sé tine chnámh de gach aon bhata a bhí acu . Sea , bhí an t-Aifreann i leataoibh ar ball, agus , pé rud a shéid faoi mhuintir Ínse Geimhligh – ní ag breith breithe orthu é –acht is dócha nach le diacht a thángadar , ach d’fhonn bheith ag fáil sult agus sport i muintir an iarthair, á bpíonósú- a thángadar go dtí an Aifreann  , chomh maith , fir agus mná ,agus bhíodar déanta suas an- uasal , mar bhí alán den seoinín ag baint leo i gcónaí. Bhí clab-Shasanaigh bheaga ‘na gcónaí idir iad agus Magh Cromtha , agus bhídís ag déanamh aithris orthu san , ar a nósanna agus ar a mbéasanna , ar a gcuid éadaigh , fiú , agus iad ag piocadh suas Béarla  uathu , agus ba mhaith an chúis é sin chun an fuath a bhí idir iad féin agus muintir an iarthair chun a cheile , iad i gónaí ag magadh faoi mhuintir an iarthair , gur dhaoine fiaine iad , ná raibh Críostúlacht ná siabhaltacht leo mar a bhí acu féin ; ar aon chuma  , nuair a ghaibh muintir an iarthair amach , an chuid a bhí cosnochtaithe , agus iad ag cur a mbróga orthu amuigh , bhíodar ag leamh-ghairí , agus ag féachaint orthu , agus ag priocadh a chéile ag baint sult astu .D’éirigh an cochall ar  dhuine éigin  , ar aon chuma , agus dúirt sé”Darcfa Dia , ar seisean , muna bhfuil cead againn  iad a bhualadh tá cead againn iad a stracadh!” Léimeadar chucu agus ghluais an stracadh , agus stracadar na balcaisí anuas dá gcnámha .Bhí mná ann banaití orthu gur fonn goil a bhí  ag imeacht orthu.

Bhí mo shean – athair sa scéal chomh maith le cách; bhí sé ins na bruíonta. Sé an áit go raibh sé ag cur a bhróga air istigh sa tséipéal i mbarra na h-altóra ‘na shuí. D’airigh sé an fothrom amuigh , agus an liúreach  agus bhí bróg curtha air aige , agus an tarna stoca aige á tharrac aníos ar a chois , nuair a airigh sé an liúreach. B’fhada leis bheith amuigh , ar aon chuma , agus ba mhór leis an mhoill an dara bróg a chuir air. Níor dhein sé ach an stoca a chaitheamh uaidh agus rith sé amach sa stracadh lena leath-bhróig!.

Cuireadh sé in iúl duit an fhaid siar a bhí na bruíonta seo ar siúl  eatarthu caint a thit amach idir bheirt fhear i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh , tá timpeall le dachad bliain ó shin ann , fear ón iarthar agus fear ó Ínse Geimhleach –nó firín ba chirte a rá , firín an- bheag. Bhí deartháir dó ina mhúinteoir i mBéal  Átha ‘n Ghaorthaidh an uair sin , agus thugadh sé fo-chursa go Béal Átha ‘n Ghaorthaidh faoi dhéin a dhearthár. Do ráinig mar seo, maidin Domhnaigh – théadh fear an iarthair isteach tamall roimh aifreann i gcónaí ;agus bhí deartháir an mhúinteora istigh ,  agus mar le firín beag , bhí glór an- mhór , an- láidir aige agus caint mhaith aige idir Bhéarla agus Ghaoluinn.Ní raibh aon fhocal Béarla olc ná maith ag fear an iarthair.Concubhar Ó Liatháin dob ainm dó ón dTuairín Leathard. Ghriog an bheirt ar a chéile , ar aon chuma , mar gheall ar fhir an iarthair agus fhir an oirthir-an tsean cheist go deo deo. Ach nuair a bhí luí na bhfód ag dul ar fhear Ínse Geimhligh dúirt sé mar seo: “Heit , a dhuine ,” ar seiseann, “againne athá metropolis na h-áite seo! “. Ar ndóin bhain sé a mheabhair shaolta as an duine bocht eile leis an bhfocal mór. Ní fhéadfadh sé dubh ná dall a dhéanamh as .Cheap sé gur maíomh éigin a bhí á dhéanamh aige go raibh gaiscíoch  mór , éigin thoir acu .Go deimhin féin ba bheag le rá an dá shráidín an uair sin.Ní raibh iontu  ach tithe beaga cinntuí ,a bhfurmhór . Ach nuair ná raibh aon rud eile le rá aige leis ná aon fhreagra le tabhairt aige mar gheall ar an metropolis dhruid sé leis isteach  agus dúirt sé go dána agus go searbh ;”Is minic , minic ,”ar seiseann “ghaibh ár n-aithreacha agus ár sean-aithreacha agus ár sin-sean-aithreacha isteach oraibh ins na coincíní oraibh ag béal bhúr ndóirse féin!”.

 

Níorbh aon ionadh go raibh Mac Uí Liatháin ag maíomh mar gheall ar fhir an iarthair mar bhí a athair féin-is dóigh liom gurbh é an gasiscíoch ba mhó lena linn san iarthar, in aon bhall , go speisialta chun troid le bata. Diarmuid Ó Liatháin ab ainm dó san agus an –chara lem’ -shean - athair-se ab ea é. Bhídís le chéile ins na bruíonta  riamh.; timpeall comhnaos a bheidís. Is túisce a tháinig an bás ar mo shean – athair ná ar Dhiarmuid Ó Liatháin. Mhaireadar araon an – chríonna. Chaill mo shean – athair a radharc roint éigin bhlianta sara bhfuair sé bás , agus nuair a bhí sé ar leabaidh a bháis , agus speabhraoidí an bháis air, tháinig an Concubhar so , mac Dhiarmada , á fhéachaint agus níor aithin sé in aon chor é , de réir dealraimh. ‘Na theannta san , ní raibh a chiall cheart aige , agus bhí sé ag cur de , speabhraoidí air ,agus é ag trácht thar Dhiarmuid Ó Liatháin , agus thar an sean – shaol agus ag maíomh as  a fheabhas d’fhear , agus labhair sé mar seo “ Bhí ceathrar mac ag Diarmuid Ó Liatháin agus pé rud a thit anuas ar an gclann mhac san ní raibh aon duine fónta ina measc!”. Bhí mo mháthair láithreach ag éisteacht leo agus dúirt sí d,fhonn é a chuir ar siúl:”Samhlaíonn Concubhar “ , ar sise , “gurab an – fhear é féin.””Airiú , ar seiseann,”leagha  Dé ar an séice fuail sin , níl aon mhaith in aon chor ansan! Agus dúirt sé roimhe sin: “Is dócha “ , ar seisean , “gurbh í an crúnca beag máthar a bhí acu a lot iad mar beanín an – bheag abea í leis.Agus dúirt Concubhar bocht: “Go dtachta an Diabhal tú “ ar seisean lem’ mháthair ,””ná leogann don nduine bocht agus gan a bheith á chur tré chéile agus é ag fail bháis”.

                                                                                      Pádraig Ó Suibhne B.A.

                                                                                       Béal Átha ‘n Ghaorthaidh

                                                                                       Co. Chorcaí