Leacht Dr. Neil Buttimer
ag
Tionól Na Gaeltachta
24ú
Meitheamh 2004
COLÁISTE NA MUMHAN, BÉAL ÁTHA AN GHAORTHAIDH
COMÓRADH AN CHÉID
Aitheasc na hOscailte
An Dr Neil Buttimer, Roinn na Nua-Ghaeilge, UCC
Táim thar a bheith buíoch de Chonradh na Gaeilge is d’Aoife Ní Scolaí as cuireadh a thabhairt dom labhairt ag an oscailt oifigiúil seo, tráth a ndéanfar bunú Choláiste na Mumhan céad bliain ó shin a chomóradh.
Tosnaíonn scéal an Choláiste leis an gConradh féin, go deimhin. Bunaíodh an eagraíocht iomráiteach úd i 1893. Bhí brainse di tagtha chun cinn i gCorcaigh faoi 1894 (Ó Ríordáin, 2000), nuair ba léir dlús níos mó a bheith á chur le gníomhaíochtaí ar son na teanga ná a bhí le sonrú ó aimsir an Ghorta Mhóir i leith (Ó Murchú, 2001). D’fhás an ghluaiseacht thar cuimse sa deisceart ón am sin i leith go dtí deireadh an 19ú haois agus thairis. Chruthaigh an fhorbairt deacrachtaí dá lucht eagruithe. Ceann acu sin an easpa múinteoirí cáilithe a fhéadfadh an Ghaeilge a theagasc go gairmiúil do na mílte a bhí ag iarraidh í a fhoghlaim. Tháinig an smaoineamh chun cinn le linn Fheis na Mumhan i 1903 gur chóir ionad traenála a chur ar bun chun oidí cáilithe a sholáthar. Is cosúil gurb é an díograiseoir, Seán Ó Cuív, a mhol. A mhac siúd an scoláire iomráiteach, Brian Ó Cuív. Is é Éamon Ó Cuív, atá le bheith páirteach in imeachtaí an Domhnaigh, mac a mhic. Socraíodh ar Bhéal Átha an Ghaorthaigh don institiúid oiliúna toisc gur i gceantar fíor-Ghaeltachta a bhí, is go raibh na háiseanna cuí ann. Osclaíodh Coláiste na Mumhan den gcéad uair ar an 4 Iúil 1904. Reáchtáladh dhá sheisiún an bhliain úd, i mí Iúil is i mí Lúnasa. Timpeall 60 mac léinn a bhí ar an bhfód. Múinteoirí ab ea roinnt acu, ach ógánaigh a thuilleadh eile a leanfadh orthu de bheith gníomhach i gcúrsaí teanga i gcaitheamh a saoil feasta. Luaim mar sholaoid ionadaíoch díobh sin Aodh Ó Tuama, athair an Ollamh Seán Ó Tuama, a bhí seal in a cheann ar Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí is ina thráchtaire léir-intinneach ar iliomad gnéithe de chultúr is de scríbhneoireacht na tíre seo.
Nochtann an tinreamh cé chomh maith is a d’éirigh leis an gColáiste tar éis a bhunaithe. D’fhreastail os cionn céad ar a chuid cúrsaí i 1905, is 124 i 1906. Faoi 1908, bheadh timpeall céad breise fós i láthair, 222, agus shroichfí 266 i 1910. Thart ar 300 duine a bhí ar na rollaí i 1911 (Ní Shíocháin, 2003). Astu seo, mar shampla, áirítear 19 múinteoir bunscoile i mí Iúil is 87 oidí bunscoile ag seisiún mhí Lúnasa. Comhartha na figiúirí sin den éifeacht leanúnach a imreodh an Coláiste ar leibhéal tábhachtach amháin den gcóras oideachais. Ní dhéanfaí faillí ach oiread sa mheánoideachas ná i mbrainsí os a chionn. Tharla toradh eile chomh maith ar an mborradh. Is é sin foirgneamh ar leithligh a lorg don institiúid féin. Thart ar 1910, bhí £300 curtha i dtaisce ag Coiste Bainistíochta Choláiste na Mumhan chun áras neamhspleách a aimsiú. Tuigeadh an gá a bhí lena leithéid toisc go raibh orthu go leor de chúrsaí 1911 a thabhairt amuigh faoin aer, ceal seomraí ranga. D’éirigh leis an gcoiste stiúrtha teacht ar shuíomh oiriúnach i 1913, is bailíodh breis airgid chun dlús a chur leis an dtionscnamh. An tAthair Peadar Ó Laoghaire a nocht an chloch bhoinn ar an 19 Aibrean 1914.
Mhéadaigh cáil Choláiste na Mumhan a thuilleadh eile de bharr na socruithe seo. Faoi 1915, bhí daltaí i láthair ó Bhéal Feirste, Baile Átha Cliath, Cill Mantán, Port Láirge, Luimneach is An Clár. Feictear réigiúin eile ar an liosta i gcomhair 1917, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh is Tiobraid Árann. Ainneoin gur aimsir an-chorraithe i saol na hÉireann is go hidirnáisiúnta í, lean an t-éileamh ar sheirbhísí na hinstitiúide de bheith sásúil. D’fhreastail 155 ar chláracha léinn 1918, d’ardaigh an líon athuair i 1919 go dtí 227, is bhíothas thar n-ais ag an 300 do sheisiún na bliana 1922. Nuair nach mbíodh úsáid á dhéanamh den gColáiste le haghaidh ranganna, bheadh fáil ag pobal na háite ar an ionad i gcomhair ceolchoirmeacha nó ócáidí eile dá sórt. B’fhéidir leo tarraingt chomh maith ar an leabharlann a bhíothas a chur le chéile de réir a chéile.
Sampla é Coláiste na Mumhan sna blianta luatha seo den tslí ina bhféadfadh ceantair eile leas na Gaeilge is a leas féin a dhéanamh in éineacht ar bhonn eagruithe. Mhéadaigh an cineál sin comhpháirtíochta i ndiaidh bhunú an Stáit. I 1923, cuirim i gcás, tháinig coiste chun cinn ar a raibh baill de chuid Chonradh na Gaeilge agus dream ó Choiste Teagaisc Theicniúil Chontae Chorcaí chun ‘Scéim um Ghaoluinn i gCo. Chorcaighe’ a bhrú ar aghaidh (Binéid, 2001). I measc a chuid aidhmeanna bhí ranganna a reáchtáil i rith na gnáth-scoilbhliana agus seisiúin traenála is ranganna do thosnaitheoirí ag tráthanna eile. Cuireadh cúrsaí samhraidh ar siúl i gCuan Dor i 1923, i gCúil Aodha i 1924 is i 1925, in Inse Geimhleach i 1926 agus ar Oileán Cléire i 1929. Bhí baint áirithe ag Guagán Barra leis an gCeardteastas ina dhiaidh sin. Thángthas thar n-ais go dtí Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaigh i gcaitheamh na mblianta 1931-39 go leanúnach faoi stiúradh Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí. Taispeánann an cás seo nach teoranta go dtí aon aicme amháin foghlaimeoirí ná go dtí aon ghné ar leith den gcóras oideachais a bhí na hiarrachtaí ar son na teanga ag an am, ach cúlra maith leathan sóisialta is oiliúna ag na haidhmeanna céanna.
Tháinig an Coláiste ar an saol chun
teagascóirí Gaeilge a oiliúint go príomha.
Leagadh clár cuimsitheach léinn amach ina leith
seo ón gcéad lá. Bhí siollabas na bliana tosaigh
ina chúig coda: fuaimeanna na Gaeilge, modhanna
múinte is teagaisc, stair na hÉireann, ceol na
hÉireann, maraon le rincí is le caitheamh
aimsire de shaghasanna difriúla. Cinntíodh go
mbeadh an caighdeán acadúil ard nuair a
roghnaíodh foireann aitheanta don gcúram.
Sagart ón Astráil, an tAthair Risteard Ó
Dálaigh, duine de bhunadh na hÉireann, a thug an
cúrsa ar an bhfoghraíocht, ábhar ar a raibh sé
ina údar. Bheadh beirt eile páirteach i dteagasc
foirmeálta na teanga leis gan mhoill, Gearóid Ó
Nualláin agus Seán Ó Catháin. Baintear úsáid i
gcónaí as na lámhleabhair ghramadaí is as na
haistí léannta a scríobh siad seo ar ghnéithe
éagsúla de Ghaeilge ár linne féin is de theanga
na meánaoiseanna. Is é an scoláire clúiteach,
Osborn Ó hAimhirgín (Bergin), ó chathair
Chorcaí, iardhalta de chuid Ollscoil na Ríona
ansiúd (QCC), a thug na léachtaí ar an
bhfoghraíocht i 1912. Tá sé de theist air
gurb é a chuir
Tagraíodh don dtréimhse roimh 1940 toisc gur ré í atá ligthe i ndearmad, cuid mhaith. Aimsir thábhachtach ina cáilíocht féin í, áfach, de bharr gur ag an am is ea leagadh síos na nósanna imeachta a leanfaí go ceann i bhfad ina dhiaidh. Leantar anois féin iad, déarfainn, fiú munar ábhar múinteoirí a thuilleadh éinne dá mbíonn sna ranganna. Is cuimhin liom go rímhaith an meascán an-mhealltach den léann is den siamsaíocht a bhí ag feitheamh liom gach bliain de na trí bliana a thug mé seal i mí Lúnasa ar an gColáiste ó 1966 ar aghaidh. Bhí múinteoirí cumasacha dá réir ann, Seán Ó Críodáin, Seán Ó Cróinín, nach maireann, trócaire orthu, ná an Máistír Ó Sé, ná Séamus Ó Mathúna, ná Ruairí Ó Drisceoil, ach go bhfuil go leor eile díobh, Tadhg Ó Gealbháin, cuirim i gcás, chomh maith is a bhí riamh, gura fada buan iad. Thagadh na scoláirí ó chontaetha chomh fada i gcéin is a dheineadh roimhe sin. Ráinig go raibh baill de theaghlach Mhic Fheorais ó Loch Garman i mo theannta an bhliain tosaigh. Ná bí ag caint ar sheanfhondúirí clúiteacha. Théití amach go dtí an Tuairín Dubh, féachaint an bhfaighfí radharc ar Paddy Crosby ó Bhaile Átha Cliath, a bhí i mbéal an phobail ag an am mar gheall ar ‘The School Around the Corner’. Muna luífeadh do shúil air siúd, is cinnte go bhfaca pearsa mhór na tíre ag an am, Éamon de Valéra. Tháinig seisean i láthair chun an leacht ar fhalla an Óstáin a nochtadh i mbliain chuimhneacháin eile, 1966. Chuirfeadh an brat ar urlár na cairte ar imigh sé leis inti, Rolls Royce, ba dhóigh liom, iontas ort. Bhí áthas orm cúpla focal a bheith agam le Jack Lynch i 1967, iardhalta de chuid na meánscoile a rabhamar araon uirthi, ar theacht anseo dó chun an linn snámha a fhógairt ar oscailt. Ní thagraím d’éinne acu chun laoch beag a dhéanamh díom féin, ach leis an seasamh a bhí bainte amach go náisiúnta ag Coláiste Bhéal Átha an Ghaorthaigh a léiriú go hachomair.
Agus cad é seasamh é, más féidir é a dhéanamh amach, nó an bhfuil aon treoir aige le tabhairt dúinn inniu? Nílim á áiteamh gur shuigh muintir 1904 ná aon tréimhse ina diaidh sin síos chun sampla a bheith ullamh acu do lucht 2004, go baileach. Mar sin féin, shamhlóinn trí cinn de thréithe leo nár mhiste machnamh áirithe a dhéanamh orthu. Thabharfainn tús áite don ídéalachas. Ní mhaífinn nach raibh aon bheann acu ar na pinginí. Tugann an cuntas thuas le fios go gcaithfidís bheith chomh cáiréiseach sna cúrsaí sin le héinne eile chun gnó an Choláiste a riaradh, rud a dhein siad go críochnúil, gan dabht. Ach ba dheacair a cheapadh gurb é an t-airgead bun agus barr an tsaoil, ina súilibh. An dara tréith an cur chuige aontaithe a bhí acu. Múineadh na Gaeilge a bpríomhchúram, ach b’shin rud nach ndeintí ar leithligh ón gcultúr go ginearálta, ó na hamhráin, ná na rincí ná ó chursaí spóirt is timpeallachta. Bhraithfeá go bhfuil na nithe úd go léir ró-dheighilte ó chéile anois, go bhfuil siad á gcailliúint ar scáth a chéile seachas ag maireachtáil ar an slí sin. Ní thuigeann fear na seandálaíochta a mhéid a bhaineann a réimse léinn féin leis an dteanga dhúchais. N’fheadar an léir do lucht turasóireachta go mbraitheann leas a ngnó sin le slandáil na hársaíochta is le seasamh na teanga. Is deacair an tríú gné dár bhain siad amach a chur i bhfocail, ach tráchtfaidh mé mar seo air. Chinntigh siad go gcuirfí deiseanna áirithe ar fáil don bpobal, nó ar a laghadh nach gceilfí na seansanna sin orthu. Seo sampla dá bhfuil i gceist. Má scriostar láthair seandálaíochta nó acmhainn aiceanta éigin, abhainn, cuirim i gcás, ní bhfaighfear a leithéid thar n-ais arís. Ní bheidh ar chumas na nglúnta atá chugainn sásamh a bhaint astu. B’shin saoirse a tugadh dúinne, ach an bhfágfar le hoidhreacht í? Dheimhnigh muintir Choláiste na Mumhan go seolfaí oiread den saibhreas teanga is cultúrtha is a bheadh ina gcumas ar aghaidh chucu sin a bhí le teacht ina ndiaidh. Níor chás bheith buíoch dóibh dá bharr.
TAGAIRTÍ
Binéid, Naoise, 2001. ‘An Rialtas Áitiúil agus an Ghaeilge: Cás Chorcaí, 1922-39’, tráchtas neamhfhoilsithe MA, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Ní Shíocháin, Máire, 2003. ‘Idir dhá Ré: Conradh na Gaeilge i gCorcaigh, 1910-22’, tráchtas neamhfhoilsithe MA, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Ó Murchú, Máirtín, 2001. Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe (Baile Átha Cliath: Cois Life).
Ó Ríordáin, Traolach, 2000. Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910 (Baile Átha Cliath: Cois Life).