Aitheasc an Aire Éamonn Ó Cuiv T.D. ar ócáid Chomóradh chéad  bhliain       bhunaithe Choláiste na Mumhan. 2004

 

A Uachtaráin Chonradh na Gaeilge , A Theachta Uí Mhuíneacháin , agus A Cháirde 

Ar fad caithfidh mé  a rá nuair a fuair mé an cuireadh seo teacht ar ais go Coláiste na Mumhan ní fhéadfainn diúltú dó mar , ar ndóigh ,chaith me trí bhliain anso ins na blianta ’59,’60 agus ’62 agus go deimhin féin bhí mé thar a bheith óg ag an am sin.Thaitn an áit thar cinn liom. Mar a dúirt tú bhí cáil i gcónaí ar mhuintir Uí Chaoimh le Gaeilge na Mumhan.Phós mise bean as Cois Fhairrge is d’athruigh chuile short.Is cuimhneach liom an chéad uair a chas mé riamh le Tomás de Bhaldraithe , an t-Ollamh . Cuireadh siar go Méanas mé le teachtaireacht agus landáil mé isteach ag an teach aige.Rinne mé mo ghrotha agus dúirt sé liom go brea postúil “is íontach  an rud é duine de mhuintir Uí Chaoimh a chloisteáil ag labhairt Gaeilge Chonamara “.

 

Ach caithfid mé a rá  ,ainneoin sin agus uileag níor chaill mé mo chion agus mo mheas ar an gceantar seo.Ar ndóigh , táimíd ag ceiliúradh anso céad bliain ó bunaíodh Coláiste na Mumhan anso agus ag breathnú siar thar an am sin bíonn daoine ag rá ar bhealach nár fíoraíodh na h-aislingí ar fad a bhí ag daoine ag an am . Ach ar an dtaobh eile den scéal ,dá n-inseofaí an fhírinne ,chreid furmhór an phobail, seachas na díograiseoirí ,go mbeadh an Ghaeilge caillte i bhfad ó shin agus nach mairfeadh sí céad bliain eile.Is rud amháin a bhfuil mise cinnte dho ní gheobhaidh teanga na nGael bás agus tá sí beo,beathaíoch.Níl aon cheist ach go bhfuil dúshlán ann romhainn , go bhfuil athrú mór ar an saol agus ní chreidim go bhfuil aon bhás nó aon chontúirt bháis ar an nGaeilge agus creidim féin go mba cheart go mbeadh sé de mhisneach againn ,tar éis an chéid bhliain sea caite, tógáil ar a bhfuil déanta agus cur leis an dtosach atá déanta leis an obair go dtí seo.Ar ndóigh ,mar atá ráite ag daoine tá dúshlán faoi leith ag baint le grótha Gaeltachta.Tá nádúr an phobail athruithe go mór agus daoine i bhfad níos so-ghluaiste.Ar ndóigh ,tá daoine ag bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht agus daoine ag fágáil na Gaeltachta le postanna fháil.Buíochas le Dia ,furmhór na ndaoine óga  ni bhíonn orthu dul ar imirce níos mó.Ach tá i bhfad níos mó caidrimh freisin i measc Gaelgeoirí ar fud na tire thuaidh agus theas agus ,ar ndóigh ,tá Gaeltachtaí de chineál nua á mbunú ar fud na tire, an Ghaeltacht scaipithe sin atá bunaithe ar an idirlín , ar an dteilefón ar an gcumarsáid daonna a bhíonn idir dhaoine ar bhealaí nua –aimsire. Agus mar sin agus muid ag caint ar Ghaeltacht ba cheart dúinn tógáil ar an bpobal Gaeilge ar fud na tíre uileag ach gan dearmad  riamh a dhéanamh ar  an gceantar sin gurab í an Ghaeilge an ghnáth-theanga ag an bpobal ann nó ag cuid mhór den bpobal. Caithfear a rá ,freisin, gur aon phobal amháin iad muintir na h-Éireann.

Ní pobal faoi leith ,nó, ní treabh faoi leith iad  pobal na nGaeltachtaí. Is cuid de ghnáth-phobal na h-Éireann  iad agus sin  mar a fheiceann siad iad féin. Muna mbeadh meas ar an nGaeilge lasmuigh den nGaeltacht bheadh sé deacair ar mhuintir na Gaeltachta a ról lárnach a fheiceáil ,ar ndóigh , an tábhacht  a bhaineann leis an nGaeltacht mar gur ann a labhartar an teanga náisiúnta ar bhonn laethiúil ní mar mhion-theanga. Agus ní aontaím leo siúd a fheiceann an Ghaeltacht  mar rud scoite amach leis féin, mar rud go bhfuil tábhacht leis agus é scortha amach ón aidhm náisiúnta atá againn go dtógfaidh an Ghaeilge a h-áit cheart mar an chéad teanga oifigiiúil sa stát seo.

 

 

 

Coimisiún na Gaeltachta

Le blianta beaga anuas táimíd ag iarraidh díriú ar pholasaí Gaeilge.Cuid mhaith den bpolasaí Gaeilge a bhí ann romham nuair a tháinig mé isteach sa Roinn bhí sé ann le blianta i bhfad siar.B’fhacthas dom go raibh gá le h-athruithe a dhéanamh.

Chuige sin a bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus táimíd ag feidhmiú moltaí an Choimisiúin de réir a chéile anois. Is fíor a rá go bhfuil aithbhreithniú a dhéanamh ar scéim labhairt na Gaeilge. Tá súil agam nuair a fhógrós muid toradh an aithbhreithnithe sin go bhfeicfí gur feabhas a bhéas ann seachas a mhalairt.

 

Tá rud amháin go mór i mo chloigeann-sé faoi theanga ar bith agus is é sin gurab é an rud is bunúsaí ,gurab é an dushlán is bunúsaí uileag ,go labhartar an teanga le gasúr ón am go saolaítear é. Dar liom ,bhí an iomarca beime ar an teanga a thabhairt ar aghaidh tré na scoileanna agus nach raibh dóthain béime go mór mhór i gcoimhthéacs Gaeltachta ,nó, fiú taobh amuigh den nGaeltacht ar thuismitheoirí a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt leis an bpáiste ón am a saolaítear an páiste agus tá go leor den obair atá bunaithe agam-sa dírithe ar an rud áirithid sin-dírithe ar an bhfíric gur féidir le gasúr ar bith teanga nó dhá theanga nó fiú go deimhin trí theanga a thabhairt leis i mblianta tosaigh dá saoil agus go bhféadfá a rá gur rud é sin go ndeanfaimid dearmad air de réir mar atáimíd ag fás níos sine sé sin cé acu teanga a thairbhaí go h-éascaigh. Agus creidim, má tá rud ar bith le déanamh leis an nGaeilge a chur chun cinn, go mór mhór i gcoimhtheács Gaeltachta gurab é an rud sin go mba cheart go leor iarachta agus go leor foinsí agus go leor achmhuinní a chur le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga an teaghlaigh ón am a mbeirtear gasúr. Agus an athbhreithniú atá déanta againn i scéim labhairt na Gaeilge is sa treo sin atáimid ag iarraidh a dhul. Tá go leor rudaí eile le déanamh.

Acht na Teanga

Tá Acht na teanga á chur i bhfeidhm i láthair na h-uaire agus tá sé ag tarraingt poinnte áirithe conspóide. Caithfidh mé a rá faoi lucht a cháinte go raibh deis acu le seacht mbliana anuas nuair a bhíomar ag plé ceist an Achta seo na h-aighneachtaí a chuir isteach chugainn ach is beag cur isteach a rinne siad mar ní doigh liom gur chreid siad go gcuirfinn i bhfeidhm é agus cuirfear i bhfeidhm é. Agus ba mhaith liom a rá go soiléir go bhfuil dualgas ar an gcóras Stáit toil an oireachtais, toil oireachtas Eireann, na daoine tofa ar fad ,a dhéanamh nuair a achtaítear Acht. Agus ,aisteach go leor, agus muid ag plé an an Achta seo san Oireachtas agus pléadh go mion é, thar a bheith go mion, chuile líne dhó bhí plé an- dearfach faoi, agus is údar maíte é, nuair a bhí an t-Acht ag dul tríd an tSeanad agus an Dáil, ní raibh oiread is vóta amháin ar an Acht mar gur éirigh linn teacht ar chomhréiteach faoi na ceisteanna casta ar fad a bhí le plé againn ,agus mar sin gur féidir liom teacht anseo inniu agus gur féidir liom a rá gur toil aontaithe an Oireachtais atá á chur i bhfeidhm agam-sa mar Aire agus á chur i bhfeidhm ag an Rialtas le cur i bhfeidhm an Achta seo. Tabharfaidh sé seo dúshlán romhainn. Cuirfidh sé dúshlán nua ós ár gcomhair amach.

Bhí caint ar ball maidir leis an athrú a tháinig ar na Coláistí Gaeilge. Thosnaigh siad le daoine fásta agus ar ndoigh le h–imeacht ama dhíríodar go mór ar  ghasúír scoile. Bíonn thart ar 20,000 gasúr ag dul chun Gaeltachta chuile bliain anois ag foghlaim na Gaeilge agus is dóigh liom go bhfuil tionchar thar na bearta aige sin ar fhrithshuíomh agus ar mheas ar an nGaeilge i measc an phobail i gcoitinne  ,dearcadh níos mó atá ag daoine  a tógadh ins na Gaeltachtaí  agus fiú daoine a rinne dearmad ar an ngGaeilge is dóigh liom gur fhan an grá don teanga  ag furmhór na ndaoine a d’fhreastal ar choláiste Gaeilge le linn na mblianta agus cuid mhaith den dea thoil atá amuigh ansin ag pobal an Bhéarla don nGaeilge d’eascair sé as tréimhse a chaith siad i gColáistí Gaeilge le deich, fiche, triocha agus ceatharacha bliain anuas.

Dushlán nua

Mar atá ráite tá an saol ag athrú agus tá dushlán nua romhainn.An rud atá romhainn anois ná a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ar fail gárdaí agus banaltraí, múinteoirí agus stáit sheirbhísí, oibrithe de chuile cineál le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus tá ról nua ann do choláistí, tá ról nua ann do chursaí Gaeilge agus feicim an ról sin ar fáil go láidir do mhuintir na Gaeiltachta agus é sin go mbeidh ról nua i gcúrsaí do dhaoine fásta. Tá margadh nua ann, tá éilimh nua ann, tá riachtanas nua ann. Ba bhreá liomsa mar Aire na Gaeltachta daoine ag teacht chun cinn le cúrsaí de chineálacha éagsúla, ar riachtanaisí éagsúla atá ag pobail éagsúla. Níl deireadh go deo leis na deiseanna atá ann do dhaoine le misneach, le fuineamh agus cur chuige chun iad a thapú.

Tá mise agus mo Roinn , agus oifigigh na Roinne dírithe ar airgead a chur ar fail  lena saoráidí  cuí a chur ar fáil go mbeidh deis ag daoine tabhairt faoi’n obair seo a dhéanamh. Lé cúpla bliain anuas rinneamar cineadh go mbeidh deontas ar fail ag Coláistí Gaeilge príobháideach agus go n-aithneofaí iad mar thionscail tabhachta Gaeilge iad chomh maith le bheith ag cur na teanga  chun cinn. Má luaim cursaí airgid agus cursaí tionscalaíochta agus cursaí margaíochta ó thaobh na Gaeilge dhe deinim é d’aon turas mar aithnímíd go fírinneach gur tionchur eacnamaíochta ba mhó a bhrúigh an Béarla chun tosaigh sa tír seo agus nár ceart dúinn bheith ar chúl an dorais agus muid ag caint ar fhás tionscail na Gaeilge, na seirbhísí ar nós TG4, Radio na Gaeltachta, Ollscolaíocht trí Ghaeilge agus na deiseanna a thugann said do dhaoine óga postanna maithe a fháil agus an Ghaeilge mar chroí-lár na bpostanna sin. Má bhí sé go maith don Bhéarla cén fáth nách mbeadh sé go maith don Ghaeilge.?

Cén fáth go gcaithfimid leathscéal a ghabháil má tá buntáiste ag daoine a bhfuil Gaeilge acu ó thaobh postanna áithrid a fháil sa tír seo.? Níl aon tír eile ar domhan go ndéanfaí leathscéal gur bhuntáiste do dhuine a theanga dhúchais a bheith aige. Mar a dúirt mé ócáid cheiliúradh é seo. Ní ghabhfaidh mise chun faid leis. Ach tá súil agam anois gur féidir linn breathnú siar le bród ar a bhfuil déanta le céad bliain. Molaim chuile dhuine a raibh baint acu leis an gColáiste seo ó bunaíodh é. Tá mé bródúil ar ndóin anseo go raibh baint ag mo shean-athair Seán Ó Caoimh lena bhunú i measc go leor leor daoine eile. Is ceangal é atá tábhachtach dom. Ach molaim na daoine ar fad a choinnigh leis thar na blianta.

 Nuair a bhí mise anseo bhí coláiste a bhunaigh na Bráithre Críostaí i Mí An Mheithimh agus molaim an obair a rinne said san ag cothú na Gaeilge i measc daoine óga. Daoine atá i mbun an Choláiste anois go mba fada buan sibh. Tá fhios agam go bhfuil dushlán romhaibh go bhfuil líon na dtithe atá ag coinneáil na scoláirí laghdaithe go mór sa cheanntar seo. Ach tá súil agam go dtiocfaidh fás ar sin arís. Is minic nuair a cheapann tú go bhfuil ré thart agus go bhfuil deireadh ag teacht le rud tagann borradh arís faoi agus bíonn athfhás ann agus tá súil agam go dtiocfaidh an fás sin ar líon na dtithe agus ar dhaoine a fhanfas sa mbrú agus méadú ar líon na dtithe a choinneos Gaeilgeoirí.

Déanfaidh mé mo dhícheall an t-airgead a fheabhsú do na mná tí agus tá a fhios agam go bhfuil sé sin tábhachtach. Chomh maith le sin tá áthas orm go raibh mé in ann diolúna cánach a fháil dos na mná tí i mbliana agus b’fhéidir go dtabharfadh sé sin misneach do thuilleadh mná agus do fhir tí Gaeilgeoirí a choinneal ina dtithe i gcaitheamh an tsamhraidh ins na blianta atá romhainn. Nil aon amhras ach go bhfuil bun-shraith maith ann agus tá mé cinnte go dtógfaidh sibh ar sin agus tá mé cinnte go mbeidh dream eile anseo  i gcionn céad bliain agus go mbeidh said ag céiliúradh dhá chéad bliain do Choláiste na Mumhan. Guím gur mar sin  a bheidh sé agus go dtiocfaidh an Ghaeilge ó neart go neart sa tír seo agus go bhfeice na glúnta amach romhainn go bhfuil ár bhféiniúltacht mar phobal ag braith go mór ar na cluichí, an ceol, an damhsa ach go mór mór an teanga a choinneáil i seilbh mhuintir na h-Éireann ach, ní le coinneál i seilbh an phobail seo chugaibh féin, ach le Roinnt mar cheann de na seoda teanga is luachmhaire ar domhan ,le roinnt ar phobal an domhain mhóir.    

     

 

 

Photo V   Eamonn Ó Cuiv agus Comhaltas an Coláiste, Donnchadh Ó Luasaigh, Seál Ó Coileain,  Tadhg Ó Gealbháin agus Conchúr Ó Murchú

 

Photo W Seán Ó Caoimh i dTuirín Dubh c. 1934

Ar gcúl ó thaobh na láimhe clé :-
Tessy Sullivan (Bean a' Mháistir);  Willie Sullivan (An Máistir);  Seán Ó Cuív
(Seanathair anAire.Éamon Ó Cuív.);  Máire Ní Chróinín, Céim Chora Bhuaile.
Sa tosach ó thaobh na láimhe clé :-
Máire Ní Shuíbhne (An súir Ursula); Tadhg Ó Suíbhne; Mícheál Ó
Suíbhne; Dómhnall Ó Suíbhne; ??????? ; Caitlín Ní Shuíbhne (An cailín beag ar
tosach);  Eibhlín Bean Uí Shuíbhne ( An Máthair).

Do tógadh an pictiúir seo ós cóir Tig Barra tíompall 70 bliain ó shoin.