COMÓRADH CÉAD BLIAIN

 

ÓRAID AN CHATHAOIRLIGH

Donnchadh Ó Luasaigh

 26ú Meitheamh 2004

 

 

 

 

 

A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a chairde Gael – thar ceann Choláiste na Mumhan fearaim fáilte fíorchaoin, féiliúil, fírinneach, fairsing romhaibh ar fad inniu go hIúbhailí comórtha so ár gColáiste - 100 bliain.

“A Thuylar, sin Stair,” mar á dúirt an Ríordánach, file.

 I gcomhthéacs na Staire de, ó thaobh an chéid atá á chomóradh againn ba bhlianta tábhachtacha cinniúnacha iad, dar liom, gach deich ag tosnú le 1884.

1884 – 1894 –1904 – 1914.

 

1884 – bunú Chumann Lúthchleas Gael, 1894 – bunú Chonradh na Gaelainne, 1904 – bunú Choláiste na Mumhan, 1914 – An Cogadh Mór, agus as na toibreacha nó as na foinsí sin ar fad a ghluais Éirí Amach na Cásca, 1916, agus a lean é.

 

Na cluichí dúchasacha ab aidhm don Chumann Lúthchleas Gael.  An teanga dhúchais ab aidhm don Chonradh.  Chun Éire a Ghaelú níor mhór an teanga a mhúineadh dos na daoine.  Ceapadh múinteoirí chun na hoibre seo – a lán acu nách raibh fios a gceirde acu.

 

Ag an am so go díreach bhí forbairt á dhéanamh ar mhodhanna múinte nua i gcúrsaí teangacha ar fud na hEorpa.  Leathnaigh an faisean go Sasana, áit a raibh ranganna Gearmáinise, Frainncíse agus teangacha nách iad á múineadh sa mhodh so.  I scoileanna Samhraidh a múintí na ranganna so.  Bhí scoileanna dá leithéid - scoileanna Beirlitz - ar siúl i Londain.  Thug baill an Chonnradh i Londain an dul chun cinn seo fé ndeara agus cheap go bhféadfaí é a chur chun leasa múineadh na Gaelainne sna craobhacha acu.  Pléadh an scéal agus ceapadh gur ceart scoil Shamhraidh dá leithéid a thriail i mball éigin in Éirinn, ina mbeadh an teanga á labhairt go nádúrtha, sé sin i nGaeltacht éigin, áit go bhficfeadh agus go gcloisfeadh agus go mbraithfeadh na micléinn an teanga bheo.

 

Ag cruinniú de Dháil na Mumhan i gCorcaigh, Lúnasa 1903, árdaíodh an scéal.  Moladh ionaid, don scoil, i ngach ceann de Ghaeltachtaí na Mumhan.  Ar na hionaid a moladh bhí, i Múscraí, Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Gúgán Barra.

 

 Bhí tosach ag an nGúgán ar na háiteanna eile ar fad.  Conas san?

 

 Mar bhí Astrálach sagairt ann cheana féin i mbun ranganna Gaelainne. 

 

Risteárd Ó Dálaigh ab ainm don sagart so.  An Dr. Ó Dálaigh a tugtaí anso timpeall air.  Fear ab ea an Dr. Ó Dálaigh go raibh urmhór teangacha na hEorpa ar a thoil aige, agus teangacha nach iad – An tSínis agus an Arabais ina measc.  Bhí sé ar saoire breoiteachta óna dhualgaisí sagairt san Astráil agus é ina shéiplíneach ag clann saibhir i Londain nuair a chuala sé Gaelainn á labhairt don chéad uair, Lá le Pádraig, 1902.  Cheangail sé láithreach le craobh den Chonnradh i Londain agus fé shamhradh na bliana san bhí sé sa Ghúgán ag múineadh fuaimeanna na Gaelainne dóibh siúd a bhí bailithe ina thimpeall ann.  Tá pictiúr den gcúrsa san sa leabhrán atá curtha ar fáil agus chífidh sibh ón bpictiúir go raibh freastal mór ar an rang aige.

 

 Cad ‘na thaobh gur roghnaigh sé an Gúgán mar ionad teagaisc?

 (i)   Mar ba den gceanntar so muintir a mháthar – bhí gaol gairid aige féin le Máire Bhuí. 

(ii)   Bhí Gaelainn á labhairt sa cheantar.

 (iii)  Dhein sagart paróiste an ama sort séiplíneach de sa Ghúgán i gcúram na dturasóirí.  Bhí rang arís aige sa Ghúgán sa bhliain 1903.

 

An Lúnasa dar gcionn a bhí ionad na scoile samhraidh á phlé ag Dáil na Mumhan. Ceapadh, as an bplé, ná beadh dóthain iostais sa Ghúgán don chúram. Thapaigh Tadhg Ó Scanaill, múinteoir áitiúil, an deis agus dhein cás láidir do Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.  I ndeireadh thiar ar mholadh Sheáin Uí Chuív, duine a rugadh i Má Chromtha agus a bhí ina iriseoir ag an dtráth seo leis an Freeman’s Journal, agus seanathair Éamoinn atá anso in ár láthair, glacadh leis an moladh so: go gcuirfí Coláiste ar bun i mBéal Átha’n Ghaorthaidh “chun cainnteoirí Gaelainne d’ullmhú i gcóir múinteoireachta na teangan” . Toghadh coiste d’ochtar chun dul i mbun na hoibre.  Bhí ceathrar sagart ar an gCoiste sin, ina measc an tAthair Abhaistín, Príomh Oide Choláiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh.

 

 An tAthair Abhaistín seo, leis, a bhí ina Uachtarán ag an am ar Chraobh Chorcaí den Chonradh. Lá Coille, 1904, ghlaoigh sé ar Liam de Róiste, leath-rúnaí na Craoibhe, agus i mainistir na gCaipisíneach ar Ché an Athar Maitiú, phléadar ceist na teangan ar feadh i bhfad.  Leag an tAthair Abhaistín amach a thuairimí i dtaobh na Scoile Samhraidh. Ní scoil a bheadh ann d’fhámairí ar a laethanta saoire, mar a bhí sa Ghúgán, ach coláiste ceart do mhúinteoirí ina n-oilfí iad sna slite ba nua aimsirí ab fhearr i múineadh teangan.  Coláiste Múinteoireachta na Mumhan a bheadh mar thiodal ar an Scoil agus bhí Rúnaí ag teastáil go géar uaidh.  Ghlac Liam leis an bpost, go sealadach, ach chaith sé dhá bhliain déag ar fhichid i mbun na hoibre.  Tionóladh an chéad cruinniú den gComhaltas ar an gceathrú Aibreán, 1904, i nGrianán na nGael i gCorcaigh. £6:15: 0. an t-airgead a bhí sa sparán.  Níor mhór síntiúis a lorg.  Ní rabhadar líonmhar ag teacht.  Tháinig, ámh,  tríd an gCraoibhín Aoibhinn, cúig phunt ó Ruairí Mac Easmainn a bheadh, a dúirt sé, ina shíntiús bliantúil dá bhféadfaí.  Tháinig roinnt airgid, leis, ó Phrotastúnaigh Ghleannta Aontroma.

 

 Don gcéad cruinniú eile den gComhaltas bhí clár oibre leagtha amach ag an Athair Abhaistín.  Bhí an t-uafás oibre curtha isteach sa ghnó aige agus é tar éis dul i gcomhairle le h-oideachasóirí éagsúla fén scéal   Bhí an clár uaillmhianach go maith. Ar na hábhair bhí foghraíocht, graiméar, scéalaíocht, aithriseoireacht, léitheoireacht, ceapadóireacht, filíocht, stair - idir stair na teangan agus stair na hÉireann - ceol, rince, Modhanna Múinte agus cleachtadh ar na Modhanna Múinte san.  Ina theannta san d’ullmhófaí múinteoirí don Teastas Dá Theangach a bhí le fail ó Roinn Oideachais an ama san.

 

D’oscail Coláiste na Mumhan a doirse ar an 4ú Iúil, 1904.  Bé an tAthair Abhaistín an chéad macléann a cláraíodh ar an Rolla.  Bé an tAthair Abhaistín céanna so a thuill cáil ina dhiaidh san as an bhfreastal a dhein sé féin agus an tAthair Ailbhe agus Caipisínigh eile ar Óglaigh na Cásca agus ar Óglaigh na hÉireann.  Inniu beannaímid dó.

 

 Beannaímid don Athair Ó Dálaigh a thug ceannasaíocht don Ghúgán , don Athair Abhaistín as a cheannasaíocht i gcúrsaí curriculum agus sagart eile is ea an tríú duine gur mhaith liom beannú dó anso inniu – sé sin an tAthair Pádraig Ó Muirthile, Sagart Paróiste na linne in Uíbh Laoghaire agus céad-Uachtarán Choláiste na Mumhan.  Bhí ana shuim ag an Athair Ó Muirthile i gcur chun cinn na Gaelainne, i gcur chun cinn an cheanntair agus i gcur chun cinn na naofachta. Bhí fís aige siúd go mbunófaí scoil i nGúgán Barra, a bheadh múnlaithe ar Mhainistir Fhinnbarra, ina mbeadh an Ghaelainn agus an spioradáltacht nasctha ina chéile.  Ag an am gcéanna bhí súil aige, agus ag an sagart paróiste a lean é, gur tríd an nGaelainn, .i. an rud go dtugann an tAire Tionscal na Gaelainne air - sa chás so lóistín a chur ar fáil do lucht foghlama na teangan - a thiocfadh feabhas eacnamaíochta an cheanntair, a bhí ag an am ar cheann den mbeagán áit i gCo. Chorcaí a bhí fé Bhord na gCeanntar gCúng.

 

Bhláthaigh an Coláiste, tháinig rath ar an gceanntar, cuireadh múinteoirí Gaelainne ar fail.  Sásaíodh na h-aidhmeanna.  Thart ar thrí scór a fhreastal ar an gcéad cúrsa i 1904.  Fén mbliain 1910 bhí an fhigiúir seo méadaithe fé chúig – geall leis.  Ní raibh dóthain foirgintí sa tsráid ina bhféadfaí ranganna a chur ar siúl agus mar sin lorgaíodh síntiúsóirí arís.  Ba cheart dom a lua chomh maith go raibh Árd-Easbog Chaisil agus easboig uile na Mumhan tar éis tacú leis an gColáiste agus sintiúis a chur ar fail.  Bhíodar ina bpatrúin ar an gColáiste ó 1905 – 1911.  Bhí an tAthair Ó Dálaigh ag oibriú leis go díograiseach ag bailiú airgid i gCorcaigh, i gCiarraí, san Astráil agus i Londain.  Nuair a bhí dóthain airgid bailithe tógadh tig nua don Choláiste, ina raibh slí do 300, i ndeireadh na sráide.  An tAthair Peadar a leag an bhunchloch sa bhliain 1914.

 

Is liosta le háireamh é na daoine go léir a tháinig ar an gColáiste, ar an nGúgán, agus ar an dTúirín Dubh i dtosach an chéid seo caite.  Bhí scríbhneoirí, scoláirí, aislingeoirí, cumadóirí, sagairt, bráithre, mná rialta, múinteoirí ag bualadh agus ag meascadh um a chéile sa dúthaigh seo.  Caithfidh gur iontach na comhráití agus na hargóintí agus na díospóireachtaí a bhíodh eatarthu – iad go léir ag plé todhchaí na teangan – todhchaí na hÉireann.  Trí Eire a Ghaelú a bhainfí amach neamhspleáchas ar Shasana.  Buille ar son an neamhspleáchais ab ea forbairt na gcluichí dúchasacha.  Buille ar son an neamhspleáchais ab ea athbheochaint na teangan.  Tháinig an mana chun cinn, “Éire ní hamháin Gaelach, ach soar chomh maith -  Éire, ní hamháin saor, ach Gaelach chomh maith.”

 

Nuair a bhris an cogadh amach i 1914 cheap a lán acu so go raibh an t-am tagtha chun an buille a bhualadh – “England’s difficulty is Ireland’s opportunity.” As san a tháinig Éirí Amach na Cásca, 1916.  Tuigeann sibh anois cad ‘na thaobh gur luas ó chianaibh 1884, 1894, 1904 agus 1916.  Mian sa neamhspleáchas tríd an tSinn Féineachas a thiomáin na gluaiseachtaí ar fad.

 

Nuair a baineadh amach an neamhspleáchas thosnaigh rudaí ag titim as a chéile.  Ní raibh an tarrac céanna ar ranganna Gaelainne an Chonartha.  Cromadh ar an dteangain a mhúineadh sna bunscoileanna.  Tháinig meath ar Choláiste na Mumhan.  Fén mbliain 1931 Cúrsa amháin a bhí á rith fén gComhaltas.  Ní mór an freastal a bhí ar an gcúrsa san féin.

 

Bhí rudaí lag go maith gur toghadh baill nua ar an gCoiste sa bhliain 1948.  B’iad san Aindrias Ó Scanaill, Seán Ó Críodáin agus Seán Ó Cróinín.  Ní raibh an £6.00 féin sa Chiste acu, go bhfios dom.  Chuireadar san Scéim Scoláireachtaí ar siúl trí Chumann Lúthchleas Gael a thug scoláirí arís go Coláiste na Mumhan.

 

 Sa bhliain 1950 cheannaíodar an pháirc trasna an bhóthair i gcomhar leis an gCumann Lúthchleas Gael. Sa bhliain 1951 cheannaíodar, le cabhair Sheáin Moylan – Aire Oideachais an ama - Tig na mBan anso inár n-aice, ar £1,750.  Bhíodh foghlaimeoirí Gaelainne á gcoimeád riamh sa tigh san.  Sorn guail a bhí acu chun cócaireachta agus coinnle ag dul a chodladh istoíche. Cad déarfadh Fire Officer an lae inniu leo?  I 1956 cuireadh isteach an aibhléis.

 

I 1960 athchóiríodh an chistin agus méadaíodh an tÓstán.  Sna seascaidí a tógadh na blocanna nua so ar an taobh thoir, na cúirteanna cispheile agus leadóige, agus an linn snámha – roimis sin bhítí ag snámh san abhainn!

 

Sna seachtóidí tógadh seomraí ranga nua agus i dtosach na n-ochtóidí tógadh, as an nua, an Halla a tógadh i 1914.  Ar deireadh thiar ceannaíodh seanaScoil na gCailíní a bhí anso in aice linn agus tógadh an Brú Nua so atá lámh linn.  Sin deireadh le forbairt Choláiste na Mumhan.

 

  Nuair a thosnaíos-sa ag obair anso i 1965 bhíodh 600 scoláire ar gach cúrsa.  Anois bímid lán gan an 200 féin againn.  Obair chothabhála agus athchóirithe is mó atá ar siúl againn le blianta beaga anuas.  Tá cistin úr-nua curtha isteach le déanaí againn.  Tá an chistin seo i bhfad ón sorn guail, geallaim díbh.  Tá cillíní pearsanta á dtógaint againn dos na mic léinn anso istigh agus tá fúinn forbairt bhreise a dhéanamh ar an Halla sa bhliain atá romhainn.  Sa ghnó so ar fad bíonn Roinn na Gaeltachta mar athair againn – ár gcothú agus ár gcigireacht.  Táimid buíoch dóibh as a gcabhair.

 

Cad í an chosúlacht atá ag Comhaltas 2004 le Comhaltas 1904?

 

 Sa chéad áit is Comhaltas Deonach i gcónaí sinn.  Tugann baill an Chomhaltais a gcuid ama saor in aisce don gCúis.  Treabhtar aon phraifíd a deintear isteach sa bhfionntar arís.

 

Sa tarna háit tá béim againn i gcónaí ar mhodhanna múinte éifeachtúla teangan.

 

 Sa treas áit deinimíd iarracht ar mheas náisiúnta a chothú sna micléinn tré omós a thabhairt don bhrat agus omós a thabhairt do Amhrán na bhFiann.

 

Cad é an tairfe atá déanta ag Coláiste na Mumhan in imeacht 100 bliain?

 

 Is cinnte gur bhuaileas féin lem linn le na lán múinteoirí a raibh meas agus grá acu don dteangain, dos na ráiteasaí cainte agus dos na seanfhocail a phiocadar suas anso i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.

 

Bhíothas ann ámh a deireadh gurb é Coláiste na Mumhan ba thrúig bháis do Ghaeltacht shaibhir Bhéal Átha’n Ghaorthaidh mar gur thapuigh muintir na háite a ndeis chun Béarla a fhoghlaim ós na stróinséirí.

 

Ar an dtaobh eile den scéal táthar ann a deir ná beadh aon Ghaeltacht in Uíbh Laoghaire inniu meireach Coláiste na Mumhan.  Is fíor go bhfaca na sean daoine an Ghaelainn mar laincis orthu.  Is fíor chomh maith go bhfuil i gcónaí núicléas daoine anso i mBéal Átha’n Ghaorthaidh atá ana-dhílis don Ghaelainn.  Beannaím dóibh.

Ba mhaith liom, thar ceann Choláiste na Mumhan, mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine sin as an nGaelainn a choimeád in uachtar.

 

Ba mhaith liom, chomh maith, ár mbuíochas a ghabháil leis na mná-tí a dhein ana- chúram des na mic léinn riamh anall– tháinig bean-tí acu so chugam lá, le déanaí, agus dúirt liom go mbeadh an féar ag fás isteach ina lán doirse san áit seo inniu meireach Coláiste na Mumhan.

 

Ní mór dom buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a bhí againn thar na blianta mar ní féidir múineadh, ná coláiste a bheith againn, gan múinteoir.  Ní féidir linn gníomhú ach oiread gan an staf tánaisteach a bhíonn againn gach samhradh.  Cuimhním leis ar na hairígh dílse a bhí againn – Seán Ó Loinsigh (RIP) agus Diarmuid Ó hÉaluithe (RIP) agus ar an airíoch athá – Risteárd Ó Cróinín.  Ní miste dhom leis buíochas a ghabháil le Roinn na Gaeltachta, leis an Roinn Oideachais agus le Cumann Lúth Chleas Gael as a gcúnamh i dtólamh.

 

Níl fágtha anois agam ach faid saoil a ghuí ar an gColáiste.

 

Go maire Coláiste na Mumhan CÉAD eile!

 

 

PHOTO T

Ollaimh an Choláiste c. 1953.

Ó chlé ar chúl ; ????; Seamus Ó Laoire, Doire Mhéain agus Cloghroe; ???; Seán Ó Mórda; Seán Fada Ó Cróinín; Seán Ó Muirithe, Rath agus Loch Garmain; Padraigh Ó Croinín (Paddy Dick), Céim An Fhia; ?????; Seán Ó Críodáin, Inse An Fhosaig.

In suí ó chlé; Andrias Ó Scannaill; ???? ; An tAthair Míchéal Ó Murchú, Sagart Paróiste, Uibh Laoire; Micheal Ó Riabhaigh; Séamus Ó Luibhéad, Cigire Scoile; Padraig Ó Suibhne, Tuirín Dubh.