Comóradh Céad Bhliain  Choláiste na Mumhan 1904 – 2004

 

Bhí sé céad bliain ag teacht ach tháinig sé ag deireadh Mheithimh 2004 nuair a bhí comóradh mór ag Comhaltas Choláiste na Mumhan i gcuimhne ar bhunú an Choláiste ag daoine fadradharca i dtús na h-aoise seo caite. Ba ar mholadh Seán Ó Cuív ,  go raibh cónaí air i nDún Meán Mhaighe ag an am, a toghadh Béal Áta ‘n Ghaorthaidh mar ionad do Choláiste  Múinteoireachta na Mumhan. Nárbh dheas gurab é a ghar – mhac, An t – Aire Éamonn Uas. Ó Caoimh  T.D., a chuir tús le comóradh oifigiúil an Chéid, nuair a nochtaigh sé an leac cuimhneacháin  ar chlós an Choláiste.

                                                Dream eile go raibh baint nach beag acu le bunú an Choláiste – agus Seán Ó Cuív mar bhall ann – ná Conradh na Gaeilge, go h –áirithe Craobh Dhún Meán Mhaighe de. Bhí sé de ádh orainn go raibh a gcuinniú cinn – bhliana ag lucht an Chonartha i mBéal Átha‘n Ghaorthaidh ag an am gcéanna leis an gComóradh – rud a threisigh leis an dá thaobh, gan amhras.

                                                Ba mhór an comhoibriú a bhí idir Choláiste na Mumhan agus muintir Bhéal Átha ‘n Ghaorthaidh i gcónaí riamh agus bheartaigh an Comhaltas gur choir dóibh a mbuíochas a ghabháil agus a theaspáint dóibh tré chuireadh a thabhairt dóibh uile chuig béile agus ceiliúradh sa Choláiste. Ba ardú croí do mhuintir an Chomhaltais a líonmhaire is a bhí an slua a ghlac leis an gcuireadh. Gura fada buan an comhoibriú.

                                                Ar an nDéardaoin 24ú Meitheamh bhí Tionól ag lucht an Chonartha i Scoil Mhuire, go raibh  Uachtarán an Chonartha i gceannas air,  eadhon Nollaig Ó Gadhra. Thug Niall de Buitiméir léacht an-shuimiúl ar fad ar bhunú Choláiste na Mumhan agus bhí díospóireacht bhríomhar ina dhiaidh ag an lucht éisteachta. Chríochnaigh an oíche le teaspáinteas rince agus le h-amhránaíocht ó  bhuachaillí agus ó chailíní na h-áite .

                                                Lean gnó  an Chonartha ar aghaigh maidin Dé Sathairn agus thart ar a dó a chlog bhailigh na sluaite do nochtadh na lice cuimhneacháin ag an Aire Rialtais, Éamonn Uas. Ó Caoimh T.D. i gclós an Choláiste. Sarar deineadh an nochtadh thug cathaoirleach Chomhaltas an Choláiste, Donnchadh Uas. Ó Luasaigh ,  aitheasc na deireadh seachtaine inar rianaigh sé stair an Choláiste  ó am a bhunaithe go dtí an lá atá inniu ann. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus ar an lucht éisteachta de bharr fheabhas a chuid cainte agus a chuimsithí is ar chlúdaigh sé an t – ábhar. Labhair Nollaig  Uas. Ó Gadhra ansan ar chúrsaí na teanga go ginearálta agus ar an mbaint a bhí ag Conradh na Gaeilge le cúrsaí náisiúnta agus le Coláiste na Mumhan le blianta fada. Labhair an t- Aire Éamonn Ó Caoimh T.D. inar luaigh sé mar gheall ar Acht na Teanga atá curtha tré’n Dáil aige féin agus go raibh sé chun a sheacht ndícheall a dhéanamh chun é a chur  i bhfeidhm  i dtreo is go mbeadh na cearta céanna  teanga ag an nGaeilgeoir chomh maith le cách eile sa tír . Labhair sé go fuinniúil, misniúil agus chuir sé éirí croí agus ardú meanman ar gach éinne a bhí i láthair. Gura fada buan a dhearcadh.

                                                Ar an ócáid chéanna thug  Seán Uas. Ó h – Uigínn óráid uaidh ar son mhúinteoirí uilig a mhúin sa Choláiste ó lá a bhunaithe agus mar a bheifeá ag súil ó Sheán chuaigh sé i  bhfeidhm  ar an slua lena  stíl éadtrom , greannmhar agus é ag labhairt fén dachad éigin bliain  a chaith sé ag obair sa Choláiste – agus cuing na h-oibre fós air, ar ndóin.

                                                            Agus na h-óráidí go léir thart nochtaigh an t-Aire Éamonn Ó Caoimh T.D. an Leac Cuimhneacháin agus tar éis ioliomad griangrafanna agus staidéar ar an leac ghluais an slua fé dhéin an Fháiltiú Fíona agus ina dhiaidh sin isteach leo go dtí an phroinnteach áit go raibh dinnéar so – bhlasta  an Chomóradh ar fail d’ísle is d’uaisle.

 

Tar éis tréimhse, agus aoibh na sástachta ar gach aon duine, ghluais an slua fé dhéin An Halla - le h-aghaidh Chuirm Cheoil an Chomóradh . Bhí Seán Uas. Ó Seaghdha mar Fhear a’ Tí don ócáid  agus níorbh Fhear a’Tí go dtí é agus an togha job a dhein sé air . Gan amhras déarfadh daoine gurbh fhuirist dó agus an slua de cheoltóirí, de amhránaithe agus de rinceoirí a bhí bailithe ag Máirtín Uas. De Paor –Ceoltóirí Mhúscraí agus a thug sár –theaspáinteas dá scileanna ar feadh timpeall uair a chloig go Leith,  nó mar sin. Chan Mícheál Uas Ó Duinnín, as Bhaile Mhúirne  dó tráth , agus Neil Ní Chróinín  as Béal átha ‘ Ghaorthiadh, buaiteoirí  san  Oireachtas ag amannta difriúla, go binn chomh maith .Chun críoch a chur leis an oíche theaspáin Donnchadh Ó Luasaigh  a ioldána is atá sé nuair a thug sé píosa seanacaíochta uaidh ar na Fianna agus Beelzebub fadó. Iar sin chríochnaigh an oíche agus  Seán Ó Seaghdha ag canadh a “shean – phort” “An poc ar buile”agus an slua go léir á thionlacan .

Mar bhuille scoir ba mhaith le Comhaltas Choláiste na Mumhan  a mhór – bhuíochas a ghabháil le gach éinne a thug cabhair d’aon tsaghas dúinn le linn an Chomóradh . Buíochas faoi leith do Bhernadette agus Bob a chuir an teaspáinteas ealaíne  ar siúl agus a mhaisigh Inscríbhinn an Chomóradh dúinn agus do Chumann  Forbartha Bhéal Átha. An Ghaorthaidh a mhaisigh an tsráid. Ár mbuíochas an –speisialta dóibh san a scríobh altanna do Irisleabhar an Chéid agus díbh go léir  a tháinig chugainn chun a bheith linn  agus a dhein comhcheiliúradh linn ar an ócáid mhórálach seo .Go maire sibh go léir an céad !. 

 - Comhaltas Choláiste na Mumhan