Coláiste Múinteoireachta na Mumhan-cúlra
stairiúil.
le Máiréad Ní Mhurchú
Ag deireadh na naoú
aoise déag bhí modhanna múinte teangacha
nua-aoiseacha in úsáid ar fud na Mór Roinne.
B’iad “an mhodh Berlitz agus an mhodh Gouin”.[1].
Baineadh triail as an gcleas seo chun teangacha
iasachta ar nós Fraincís agus Gearmáinís a
mhúineadh i scoileanna i Sasana chomh maith.
Thapaigh lucht Chonradh na Gaeilge an deis chun
leas a bhaint as na modhanna teangacha
nua-aoiseacha seo chun Gaeilge a chaomhnú agus a
chur chun cinn in Eirinn.
Pléadh an scéal go
hoscailte i measc lucht an Chonratha i Londain i
dtús báire agus bhí díospóireacht faoin scéal ar
an gClaidheamh Soluis. Ní modhanna múinte amháin
a bhí ag déanamh imní don Chonradh ach easpa
múinteoirí cáilithe. Bhí géar ghá le teagasoirí
oilte. Ní raibh leigheas ar an scéal ach
coláiste muinteoireachta a bhunú. “Bheartaíodar
coláiste a chur ar bun chun cainteoirí Geilge a
ullmhú i gcóir múineadh na teanga”.[2]
Gheall runaí an Chonratha Liam P Ó Riain go
ndéanfadh sé infheistíocht ar an gcoláiste.
Deineadh an scéal a chíoradh ag comhdháil bhliaintiúil an Chonradh a bhi ar siúl sna seomraí cruinnithe i gCorcaigh ar an seú lá is fiche de Lunasa 1903 le linn Feis na Mumhan. Glacadh le rún ó Shán ó Cúiv ag an bhFeis agus aontaíodh go gcuirfí coláiste ar bun. Mheas craobh Dhún Mánmhaí gur cheart an coláiste a lonnú sa Ghuagán. Ach ní sa Ghuagán a lonnaíodh an coláiste de bharr easpa lóistín ach i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.
Toghadh Comhaltas mar
seo a leanas ag comhdháil na Feise:
Cathaoirleach: An tAthair Pádraig Ó
Muirthile,
Leaschathaoirleach: Pádraig Ó Séaghdha
O.S,
Cisteoir: Micheál Ó Murchú,
Runaí: Liam de Róiste.
Bhí na daoine seo a leanas mar bhaill den
chéad choiste freisin: An tAthair Aguistín, An
tAthair Donnchadh Ó Drisceoil, An tAthair Seán Ó
Conaill, Shán Ó Cúiv, Tadhg Ó Scannaill O.S.
“Ina dteannta chomh maith bhí Ardeaspag Chaisil
agus Easpaig uile na Mumhan mar phatrúin ar an
gcoláiste ó 1905 amach”.[3]
Thárla an chéad chruinniú den chomhaltas ar an
gceathrú lá d’Aibreán i nGrianán na nGaedheal i
Sráid Phádraig i gCorcaigh. Bhi cursaí airgid
gann ag an am. Chuir an cisteoir Micheál ó
Murchú an ghéarchéim in iúl don chomhaltas.
Lorgaíodh deontaisí is fuarthas amhlaidh ó
cheann ceann na tíre. Bhí Rodger Casement i
measc na síntiúsóirí agus lean sé den nós sin
gach uile bhliain go dtí gur lámhachadh é.
Thárla an
dara cruinniú den chomhaltas i mBéal Átha’n
Ghaorthaidh, is do sheol an tAthair Augustín an
chéad clár léinn i gcomhar leis na hollúna
Diarmuid Ó Foghludha Ard-Ollamh agus an
tAthair Risteard Ó Dálaigh Ollamh le
fogharaíocht agus le Pádraig ó Séaghdha.
Scríobhadh alt i nGaeilge sa Claidheamh Soluis
ar an gceathrú lá de Mheitheamh 1904 faoin
teideal
Béal Átha’n Ghaorthaidh áit a thagair an
tEagarthóir, Pádraig Mac Piarais do Bhéal Átha’n
Ghaorthaidh agus an méid oibre a bhí déanta ag
lucht riartha an Choláiste:
“Ba mhaith linn go rachadh na sluaite ag triall ar an scoil seo, is táimid deimhnitheach de go mbeidh mórán ann. Ach ní hé siúd an fáth gur cuireadh an scoil ar bun. Scoil i gcomhair múinteoirí is ea í. Go deimhin, ba mhithid scoil éigin dá saghas a bheith againn.. Tá múinteoirí Gaeilge againn faoi láthair ina lán áiteanna agus dá bhfaighidís Éire air, ní fhéadfaidís maithe a dhéanamh, toisc gan slí oiriúnach múinteoireachta a bheith acu. Ní foláir sli múinteoireachta a mhúineadh do na múinteoirí ar dtúis. Ansin dhéanfá a dhá oiread oibre gan a leath oiread dua á leanúint……..
Má
chuireann an coláiste an bhliain seo, an chéad
bhliain, de go maith ní bheidh baol air. Go
n-éirí le Fearghus is leis an dochtúir ó
Dálaigh. Deanfaidh siad a gcionn féin ar aon
chuma, agus
feicfear toradh a saothar ar fud na
hÉireann”.[4]
Bé
an t Athair Pádraig ó Muirthille a chuir an
t-áras ar fáil. Sean Scoil na mBuachaillí a bhí
suite le hais an tséipéil a bhí mar ionad ag an
gcoláiste. “Do chuireadh deich dtroigh sa bhreis
leis an scoil agus do chuireadh slinn nua ar an
scoil go léir”.[5]
Ba mhór an cabhair é ag an am go raibh an
t-Uasal Tadhg ó Scannaill O.S ar an láthair chun
gach ní a chur ina cheart. Ní raibh “An
Craoibhín Aoibhinn” in ann bheith i láthair lá
na hoscailte ach sheol sé teachtaireacht chuig
na scoile chun a leithscéal a ghabháil:
“Is oth go mór liom gur éigean dom bheith láithreach ar chomhthionól eile lá bhur gcruinnithe agus ná tiocfaidh liom bheith i bhur bhfochair, faoi mar dob áil liom, le haghaidh tionscnamh Choláiste na Mumhan a bheidh ina thúr sonais is cónaigh don dúthaigh go léir. An méid seo atá deanta agaibh i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ar bhur ngustal féin is é an rud is éifeachtaí é dá ndearnadh fós san obair seo don Ghaeilge”.[6]
Nuair a osclaíodh an coláiste ar an gceathrú lá
de mhí Iúil1904 ba mhór iad na Gaeilgeoirí
aitheanta a bhí ar fhoireann teagaisc an
Choláiste. Bhí Diarmaid Ó Foghludha an duine a
scríobh “Go
Mairidh
ár
nGaeilge Slán” mar Ard-Ollamh agus freisin i
mbun modhanna múinte bhí an saineolaí teanga an
tAthair Risteard Ó Dálaigh ina Ollamh le
foghraíocht. Astrálach de bhunadh Éireannach ba
ea é is bhí ar a laghad sé theanga ar eolas
aige.
Bhí an Dálach gníomhach roimhe sin ag riaradh
scoil
samhraidh
sa Ghuagán.
“Is
ar na léachtaí
a thug sé an t-am sin, ní foláir a bhunaigh
sé a dhá leabhar leis
The
Sounds of the Irish language in Theory and
Practice (1905) agus
The
Science of Phonetics (1908)”.[7]
Tharla go raibh dhá sheisiún an samhradh sin i
gCólaiste na Mumhan ceann amháin i mí Iúil agus
ceann eile ar siúl i mí Lunasa is deineadh
freastal ar dhá shaghas scoláire, ábhar
múinteoirí agus tosaitheoirí.
D’fhreastal tuairim
is seasca macléinn ar an gcoláiste an bhliain
sin. Gach bliain as sin amach go ceann roinnt
blianta reachtáladh dhá sheisiún agus gach
bliain mhéadaigh líon na mic léinn. Ó oscalaíodh
dóirse Coláiste na Mumhan i mí Iúil 1904
mhéadaigh clú agus cáil an cheantair mar ionad
oideachais, léinn agus Gaeilge ó shin i leith.
“Sa bhliain 1905 d’fhreastal 101 macleinn, 124
macléinn i 1906, 171macléinn i 1907, 222
macléinn i 1908, 252 macléinn i 1909 agus 266
macléinn i 1910”.[8]
Bhain cuid de na scoláirí clú agus cáil amach
níos déanaí, ina measc bhí Tomás Mac Donnchadha
ceannaire Óglaigh na hÉireann agus gníomhaí
1916. Tomás Mac Curtain Ard Mhéara Chorcaí a
maraíodh sa bhliain1920. Gan dabht bhí
ainmneacha móra eile le rá ar an rolla freisin,
ina measc bhí Brian Ó hUigín file agus
scríbhneoir agus Padraig Ua Siochradha “An
Seabhach” scríbhneoir.
Ba nós é ag lucht riartha an choláiste cuireadh
a thabhairt chuig aíonna speisialta teacht chuig
an coláiste chun léachtaí a thabhairt, ina measc
tháinig An tAthair Pádraig Ó Duinnin
scríobhneoir an foclóir Gaeilge /Béarla. D’fhear
muintir na háite fíor chaoin fáilte roimh chách
agus ba mhó cuairteoir cáiliúil a mhealladh chun
na háite. Ina measc bhí Traolach Mac Suibhne,
Risteard Ó Maolcatha agus Domhnall Ó Corcora.
Spreag an togra seo Gaeilgeoirí uile ar fud na
tíre agus bunaíodh Colaistí eile go tiubh ina
dhiaidh sin i gcontaethe ar nós Maigh Eo, Port
Láirge, Dún na nGall agus Ciarraí.
Ag Feis na Mumhan na bliana sin, a tionóladh i
gCill Áirne tugadh lán tacaíochta don togra.
Cuireadh in iúl tuairimí dearfacha na scoláirí a
fhreastal ar Choláiste na Mumhan an samhradh
roimhe sin agus athceapadh an Comhaltas.
Chuaigh an Coláiste ó neart go neart ach ba
leasc leis an gcomhaltas suí ar a sáimhín só
agus sa bhliain 1908 chuaigh toscaireacht ó
Bhéal Átha’n Ghaorthaidh go dtí cruinniú i gCill
Áirne agus lorgaíodh tuilleadh síntiúisí chun
coláiste nua a thógáil. Fuarthas an t-airgead le
cabhair an tAthair Ó Dálaigh is tógadh an
foirgneamh ar thalamh Chonchubhair Uí Liatháin
Drom an Ailigh. Sa bhliain1914 críochnaíodh an
foirgneamh agus d’oscail an tAthair Peadar Ó
Laoghaire an t-ionad nua ar a nglaotar Halla an
Chéilí air inniu.
Anois agus sinn ag druidim le comóradh an chéid
níor cheart dúinn dearmad a
dhéanamh ar na ceannródaithe gníomhacha a
dhein gaisce agus éacht na blianta fada ó shin.
Is mór againn a d’fhág siad le h-oidhreacht agus
le huacht againn. Beannaímíd dóibh inniu agus
molaimíd a bhfís agus a saothar. Go leanaí a
gcáil i mbéalaibh na nglúinte a thiocfaidh in ár
ndiaidh.
[1]
[2] Athbheochan na Gaeilge.Donnchadha Ó Suilleabháin.
[3] Athbheochan na Gaeilge.Donnchadha Ó Suilleabháin.
[4] An Claidheamh Soluis 1904. Pádraig Mac Piarais.
[5] Béal Átha’n Ghaorthaidh. Donnchadh Ó Donnchadh.
[6] Athbheochan na Gaeilge. Donncha Ó Súilleabháin.
[7] Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910. Traolach Ó Ríordáin
[8] Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910. Traolach Ó Ríordáin.