An Fhuinneog

 

Tá buachaill beag ag fuinneog mhór

Ag comhaireamh síos

                   nóiméad ‘s uair.

Tá stocaí crochta ar bun a leabaigh,

Iad folamh, ag feitheamh ar

                   athair na Nollag.

 

Féasóg fhada, sneachta bán,

Mála mór lán o bhun go barr

          le bréagáin.

Solas na gealaí  a’ lasadh a shlí

Ag glaoch ar thithe lán le páistí,

Faoí sonas is síocháin ag smaoineamh

          ar bhronntanais ‘s bréagáin.

 

Tá buachaill beag ag fuinneóg mhór

ag coimhaireamh síos nóiméad ‘s uair,

Oíche chiúin daimh

Sneachta ag titim síos ó neamh,

Cuileann ‘s coinneal, buachaill óg

Pictiúr álainn

                   an Fhuinneog.

                            

                                                                   Mick Dineen