Bóithrín na Smaointe

 

 

Le Seán Ó h-Uigín

 

Nuair a fheicinid siar ar laethe ár nóige, ceapaimid go raibh an ghrian ag taitneamh de shíor agus go raibh gach éinne go sona sásta. Mar a dúirt an file:

 

It was a childish ignorance

But now ‘tis little joy

To know I’m farther off from heaven

Than when I was a boy

 

Anuraidh thugas strac-fhéachaint siar ar an Nollaig le linn m’óige i gCúl a’Ghrianáin, in Inse Gheimhleach. Cheapas go raibh gach rud go hiontach. I mbliana táim ag casadh mo smaointe ar gné taitneamhach eile dem’ óige: an turas abhaile ón scoil um thráthnóna! Mar is eol do chách, tá cur síos déanta ag Alice Taylor ar an aistear chun na scoile,’To school thru’ the fields!’ Ní dóigh liom féin, ar aon chuma, go bhfuil cuimhní ró-mhaith ag aon dalta scoile ar an turas chun na scoile ná ar an lá scoile, ar a shon nach raibh ceachtar díobh ró-olc, ach oiread.

Ach, i mo thuairim-sé ní bheidh sárú, go deo, ar an ‘excitement’ agus mothú an tsaoire, nuair a ligeadh amach an doras sinn, ar a trí a clog.

 

Ceathrar táilliúr gan a bheith bréagach!

Dob é an chéad ‘stop’, de gnáth, tar éis dúinn an sean-droichead thar an Laoi a chur dinn, ná dul isteach chuig Peter Dan, an táilliúr. Bhíodh sé féin agus a ‘ghiolla’ Christy White ina suí anáirde ar bhord ollmhór lena gcosa trasná agus iad ag déanamh culaithe do mhaithibh ‘s do mhór uaisle an pharóiste. Is é an rud is mó a thaitn linn mar gheall ar Peter Dan ná go raibh teanga bhorb aige agus caint ghairsiúil! Ba dheas an t-athrú é, is dócha, tar éis paidreacha na scoile agus eachtraí míne cultúrtha an lae, le Miss Twohig agus an máistir Séamus Ó Laoghaire.

 

Bhíodh scéalta ‘gorma’ aige leis, nach féidir liom a innsint in Iriseán deas múinte mar seo. Ach bhí scéal aige faoi Caithceach go raibh madra aige nach n-íosfadh feoil ar an Aoine. Chuir Protastúnach geall £5 leis nach raibh sé fíor. Cuireadh pláta blasta feola ar an urlár chun an mhadra, a ghluais fén a dhéin, go hocrach "Friday" a bhéic an Caitliceach agus rith an madra bocht scannraithe ar ais faoin mbord láithreach.

Bhíomar óg neamh-urchóideach, God help us, an uair úd agus ní raibh fhios again ná ag an Produstúnach gurab é’Friday’ ainm an mhadra. Nach raibh na Protastúnagh an-simplí, fadó, do réir deallraimh!

 

Sliobairí na Móinteán!

Ar an mbealach amach chastaí Annie, bean Peter Dan orainn, go minic. Bhí tuin na bPoncánach aici, mar chaith sí a hóige i Meiriceá. Thugadh sí cannta aráin dúinn le im agus subh go tiubh anuas air. Slogadh siar gan mhoill é, geallaim-se díbh.

Choimead Annie, lóisteoirí, daoine galánta, an Bainisteoir Uachtarlainne nó Cigirí na nDíog agus a leithéidí. Leaids arda, caola, éadtroma, seang ab ea iad, a bhí ábalta siúl thar na riasga agus na portaigh agus léimt thar na srutháin agus na díoganna, gan stró. Thugtaí, dá bharr san, ‘Sliobairí na Móintéan’ orthu.

 

Bhí Sliobhaire amháin nárbh sliobhaire ceart in aon chor é! Séamus Caomhánach, Ciarríoch, ón nDaingean atá i gceist agam. Ar an gcéad dul síos níor fhan sé le Annie; bíonn na Ciarrígh ard nósach, tá’s agat – so, chuir sé fé, in Óstan Uí Chríodáin, i lár na sráide. Ní raibh sé caol, ard, ach oiread, ach mar sin féin, déirtear go sáródh sé an Poc ar Buile féin ag sciorradh thar aitinn ‘s thar sliabh!

 

An-pheileadóir, ‘could your Granny suck eggs’ agus ard fhear chun deontaisí breatha d’fháil dos na feirmeoirí bochta (nothing ever changes in that regard). Bhí an-mheas agus an-chion ag gach éinne air. Bheadh scéalta iontacha aige dá bhféadfaí é a mhealladh chun a chur ar phár. Chaith sé gach samhradh, dá shaol. ina dhiaidh sin ag múineadh i gColáiste na Mumhan, áit a mbeidh cion agus meas air chomh maith.

 

Ceapach an Chláir uncovered!

Chuirfeadh sé scannradh ort, ach tá sé tuairim is seasca bliain ón uair aerach úd. Dob iad na leaids in éineacht liom, más buan mo chuimhne ná, ‘Patho’ Galvin, a bhí ina shár-pheileadóir, Pat Mahony, Cúl Rua Loch, Pat Lucey, Gortnahochtaí , agus mo chara mhór, ghrámhar, thaitneamhach, Séan Lucey, Mall. Ní raibh Con Joe linn – déarfadh sé go dtí an lá atá inniú ann, le buachaillí neamh-urchóideacha, ar nós Séamus Scriven agus iad súd, go raibh sé i bhfad níos óige ná mise, go háirithe!

Dá mbeadh sé ag crochadh ó Dhroichead Bun Síleann ó shlánaigh sé bananas a tharrach timpeall na tíre ina mhála anois! An créatúr bocht, tá saol cruaidh aige, leis na pianta is uile.

 

Rogha na mBan

Feicim nár luaigh mé cailín ar bith i mo liosda! Bhíomar ‘more into’ eels(eascú), otters (dobharchú) agus rudaí seanga álainne eile ag an aois sin. Cúpla bliana ina dhiaidh sin, ámh, in aimsir na gCéilithe, san Halla, in aice le Caseys thosaíomar ag tabhairt fé ndeara go raibh Bridie Corcorcan, Lil Cronin. Nora Mahony, Mary Lucey, Nell Lucey, Mary Murphy, Rath Aoidh, go deas, mar chairde (!) freisin.

‘Slick Cuties’a ghlaotar ar a léithéidí sa lá atá inniu ann. Bhí an diabhal d’éileamh orthu ag an gCéilí, go mór mhór ag Ionsaí na hInse, togha agus rogha an uile dhuine. Muna gcuirfeá ceist orthu, seachtain, ar a laghad, roimh ré, ní bheadh seans ar bith agat dul ag rince leo! Ansan, chaithfeá bheith sásta le cailíní, ón dtaobh thall den droichead, mar Mairín Hartnett, Angelina Sullivan, Teresa Creedon, Cáit Manning, Peggy Kearney agus Josie Callaghan, Doire Mhéan, nó Chrissie Noonan, Bearna na Gaoithe, nach raibh an stuif céanna iontu, in aon chor!

 

Tá an tádh liom go bhfuilim im’ chónaí i bhfad uatha go léir – maróidh siad mé ! ‘I just likes to be thinking of them all, mo bhrón. Tá súil agam go bhfuilid go léir slán, folláin, go foill.

 

Brón ar an mBás

Sara bhfágfaidh mé ceantair an droichid, caithfidh mé seal a chaitheamh ag smaoineamh, go brónach, fós fiú, ar bhuachaill, álainn, uasal, lách, a bhí i mo rang, dárbh ainm Teddy Corcorcan, a fuair bás, tar éis tinnis mistéireach, cuíosach gairid, nuair a bhí sé i Rang a Sé. Théimis isteach sa teach gach tráthnóna chun dreas creaic agus cainte a dhéanamh leis, agus é i leaba a’ bháis, rud nár thuigeamar san am, gan amhras. Chaith an Máistir, Séamus Ó Laoire, an lá ar fad tar éis na sochraide, ag caint linn, ar scoil, mar gheall ar Teddy bocht agus ar chúrsaí bhróin agus bháis. Glaotar ‘counselling’ air sa lá atá inniu ann, is dócha. Bhí sé uainn go géar mar bhíomar scriosta tar éis imeachta ár gcara dhílis. Bhíomar ag druidim le haois na diablaíochta san am, ach chuir an tarlúint do-chreidte seo sceoin in ár gcroíthe.

 

Timpeall an Tí

 

Bhí an saol lán de reiligiún an uair úd, ach bhí sé níos iomláine fós ar feadh tamaill fhada tár éis bháis Teddy Corcorcan. Leanamar mar sin go ceann i bhfad b’fhéidir chomh fada le aimsir na gCéilithe. Bhíomar chomh damnaithe ag na ‘ocáidí peaca’ úd, nach raibh aon teangmháil againn leis na cailíní mealltacha, ach, just barr na méireanna. Ins an casadh, bhí orainn bheith fíochmar cúramach leis an lámh dheas a leagan go héadtrom fán a coim, agus chomh fada agus ab’ fhéidir, in aon chor, ón dá áit mhallaithe, ar fad, ar fad, lastuas agus lastíos, má thuigeann sibh mé!

Ní haon ionadh, go raibh éad againn le Danny Pheig agus cailín breá teann ar a ghlúin á fáisceadh aige agus é ag rá ó am go ham: ‘O de comfort!’ De réir, deallraimh, níor chuala muintir na Gaeltachta faic mar gheall ar na peacaí uafásacha seo – nach raibh an t-ádh leo!

 

An gaois gorm

Gan amhras, ní ghlaoimís ar gach éinne, gach tráthnóna, mar conas a bhéadh am againn tamall a chaitheamh leis na Gardaí, Hartnett, Charley McCarthy, An Sáirsint Smith, a bhíodh ina suí ar an bhfalla, os comhair na bearaice, sna tráthnóintí breátha. Ba dhiabhail de rógáirí iad leis, mar bhídís ag fiafraí dinn conas Poitín a dhéanamh. Agus bhíomar in ann é a mhíniú dóibh go mion agus go fonnmhar agus sinn inár

n-amadáin gan chiall! Dob ait an meangadh gáire a bhíodh ar agaidh Jim Pats nuair a d’inis mé an písín nuachta sin dó! Ní dóigh liom go raibh Johnny Murphy, Leath Gníomh ag léimt san aer le háthas ach oiread. Ní bhfuair mé aon chuireadh, suas ar an gcnoc, go Poll na hÉireann, i Kearneys River, nuair a bhí an chéad fheachtas eile ar siúl acu, geallaim-sé duit!

 

Abhaile má fhéadaim

Is eagal liom, an turas so, nach mbeidh sé d’aga agam glaoch ar Dinny Buttimer, an gréasaí macánta, ná Mrs Cotter sa tsiopa, ach oiread. Caithfear, Timmy O’Connell san Uachtarlann a fhágáil ar lár, chomh maith le Michael Mahony, fear a’ phoist. Bheadh leabhar iomlán ag teastáil chun cur síos ceart a dhéanamh ar Síle Dromey agus ar Jerry Driscoll sa chearta. Caithfidh mé filleadh freisin, chun deighléail I gceart le Neoiní Galvin, a choimead an Séipéal chomh slachtmhar i gcónaí dúinn. Áus fear álainn eile, Thady Cronin, Cúl Rua. Thiar, an duine ab annsa liom ar fad, i m’óige, a thagadh ag scoraíocht chugainn cúpla óiche sa tseachtain – sin scéal eile, leis.

 

‘I’d eat the back door if it were buttered!’

 

Ar deireadh thiar tá mo mhuintir féin na Pats Lucey, Cúl a’ Ghrianán, sroiste agam. Bhí an míle slí deireannach, beagainín uaigneach mar ní raibh aon scoláirí eile ag dul chomh fada siar Bóthar an Locha Theas liom. B’iad na Cotters, Leath Ghíomh, an chlann dheireannach a ghaibh an treo; Kathleen Cotter a thóg ar scoil mé an chéad lá, bail ó Dhia uirthi, bhí sí an-deas.

Bhíodh cúpla práta, á róstadh ar an ngriosach ag mo Sheana Mháthair, Johanna Lucey (nee O’Connell, Dromcarra dom. Nuair a bhíodar measgtha suas le blúire ime agus taosgán uachtair, bhí blás iontach astu. Ní raibh aon trácht ar mhilseog, nó ‘afters’ an uair úd-pláta jelly um Nollag an taon uair a bhí trácht ar sin.

Ó, bhí blas ar an mbeagán!

Seán Ó h-Uigín

An Robhar