Scealta faoí Eoghan Rua Ó Súilleabháin

 

 

Ba file é Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748-1784) a rugadh i Meentogues, gar do Chill Airne, Co Chiarraí. Bhí sé ó am go cheile ina mháistir scoile, ina spailpín agus ina bhall de chabhlach Shasna. Ba file chumasach é, agus tá mórán danta agus aislingí againn óna lamh. Bíonn tracht fós ar Eoghan Rua i nGealtachtaí na Mumhan. Deantar vearsaí leis a aithris, labhraítear ar a dheisbhéalaí (wit) agus ar a eachtraí seoigh

 

Bailiodh na scealta seo leanas faoi Eoghan Rua ó Scoil Na gCailíní i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i 1938. Rinne an Coimisiún Bealoideasa bailiuchan béaloideasa i Scoileanna Naisiunta na tire idir 1935 agus 1938.

 

Tá sé similiu go léirionn na scealta gnéithe frith-cléireach nach feictear go minic. Fuair na leanaí na scealta ona dtuismitheoirí agus leirítear an meas a bhí acu do Eoghan Rua agus an-taitneamh as na scéalta.

 

Táimíd buioch do chead Ceann Roinne an Roinn Béaloideas Éireann, Ollscoil Baile Atha Cliath na scealta seo a usáíd.

 

Máire Tóibín, Inse An Fhosaig, 24/11/38 (IFC S338 p.47)

 

Béal Oideas – Scéal

 

Do bhí Eoghán Rua agus sagart ag aiteamh mar gheall ar baiste uair. Duirt Eoghan go bfeadfadh sé féin leanbh a bhaiste chomh maith leis an sagart agus duirt an sagart ná feadfadhagus thíomaineadar leo ar an gcuma san ar feadh tamall ag caint agus ag aiteamh.

Fé deire bain an sagart a hata de, hata bréide do beadh é. Do shín sé an hata chun Eoghan agus duirt sé,

"Chuir I gcás gur bé sin an leanbh conas a baistfeá é. Thóg Eoghan an hata agus duirt se;

"Baistím an leanbh seo,

Gan tón, gan ceann,

Gan tobar, gan uisce, gan braon do’n leann,

Reithe do beadh a athair

Is caoire do beadh a mháthair,

Is a leitheid do baiste

Níor tháinig ríamh ‘am lathair

 

Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair Na Catha 24/1/38 (IFC S338 p73)

 

Do bhí sagart ann uair agus ní thabharfadh sé aon ní d’einne. Do chuir Eoghan Rua Ó Súilleabháin geall le feirméoir go bfaghad sé suipéar agus loistín na hóiche uaidh. Do chuir an fear geall leis na faghad.

 

D’imig Eoghan Rua go tig an t-Sagairt ag titim na hoiche. Do bhuail sé ar an ndoras. Do thainig an sagart amach agus arsa Eoghan leis, "An té a gheobhadh airgead ag dul amú, cad ba cheart dó a dheanamh leis?. Do stad an sagart tamall agus ansan duirt, "Fan go dtí maidin, tá sé ana deanach anois.

 

Do thug sé súipéar do Eoghan agus loistín na hóiche agus nuair a bhí an breacfeasta ithe aige duirt an sagart, "Cá bhfuil an t-airgead a bhfuiris ag dul amú?"

"Ar ndoin", arsa Eoghan, "Ní duirt-sa go bfuaras airgead ag dul amú ach cuir i gcás dá bhfaidhfainn cad ba cheart dom a dheanamh leis."

"Scrois as mo radharc", arsa an sagart.

 

Do chuaigh Eoghan Rua go dtí an feirmeóir agus do bhí an geall aige.

 

Nora Ní Chronín 18/1/1937 (IFC S338 p68)

 

Beal Oideas – Sceal

 

Teastalaí do beadh Eoghain Rua. Bhí sé ag cur an bóthair de uair nuair a bhuail sagart uime. Bhíodar ag comhradh le chéile. Niorbh fhada go shroiseadar abha mhór. Ní fheadfadh an sagart dul treasna na h-abhann, ach bhi Eoghain cosnochtaithe, agus chuir sé an sagart ar a dhroim agus ghluais sé leis.

 

I lár na h-abhann duirt Eoghan leis an sagart go ndeanfadh sé a faoistin leis.

"Na bac leis an faoistin chun go mbeimid treasna na h-abhann" arsa an sagairt. Thosnaig Eoghain ag insint a faoistin. Peacaí móra á scaoileadg amach aige comh tuibh le raithnig.

"Ó cath an diabhal thiar ort" arsa an sagairt, tar eis gniomhartha Eoghain do chlos.

"Má tá mhiuse", arsa Eoghain, "ní fada a bheidh", ag caitheamh an sagart isteach san uisce.

 

Maire Ní Chríodáin, Drom an Aillig 28/11/1938 (IFC S338 p75)

 

Nuair a bhí Eoghan Ruadh ag dul go dtí an t-Aifreann Domhnach áirithe. Ní ligfaí isteach sa séipeal é gan leath-pingin. D’iompaigh sé amach agus duirt sé leis na daoine go léir a bhí ag teacht isteach go dtí an t-aifreann, "Tagaidh go leir i leith a bhuachaillí. Tá Aifreann Dé á dhiol ar leath-pingin.

 

Ansan do shuigh sé ar cruach móna taobh amuigh de’n séipéal. Thainig an sagart amach cuige agus duirt sé leis, "cad ‘na thaobh ná téigheann tú isteach go dtí an t-Aifreann agus gan bheith ag suí ansan?"

D’fhreagair Eoghan é mar seo:-

"Má tá an t-athair mar an Eaglais níl aon brí ‘nár ghno, is ní fearra dhúinn an t-Aifreann ná bheith ag suí ar an móin.

 

Síle Ní Luasa, Carrig Na Doura, 18/2/38 (IFC S338 p87)

 

Beal Oideas – Sceal

 

Bhí torramh ann fadó. Bean a’tí a bhí marbh. Teastaidh ó fear an tí í chur i gCill –Cré agus theastaigh ó mhuintír ná mná í cur i nDomhnach Mór.

 

Bhí Eoghan Rua istig agus duirt sé mar seo leis an sagart,

"A Athair, ós duine den cléir tusa a leig na húdair cóir,

cé acu is giorra Flaitheas Dé do, Chill Cré nó don Domhnach Mór?".

 

Eibhlín Ní Cheallacháin; Cathair Na Catha 29/4/38 (IFC S338 p126)

 

Fuair Eoghan Ruadh lóistín na hoiche i dtig feirmeora uair. Bhí staisiún chun bheith aca ar maidean. Thainig an sagart isteach ar maidean agus chur speic ar Eoghan.

"A bhacaig, a gra, is fada bog fasais".

 

D’freagair Eoghan, "Mas fada bog fasas, ‘s gan fios dod clar sa é .

"Nach bíodh san le rá agat a thuille", arsa ansan sagart, "ach gaibh chugham amarach agus líonfad do mhala".

 "Ní hé a bfearr liom", arsa Eoghan, "ach scilling dfáil go n-ólfainn do shláinte".

"Níl sé agam anois", arsan sagairt, "ach an chead áit eile a bhúailfhead umat, tabharfaidh me duit é".

 

Nuair a bhí an t-Aifreann raite agus an breicfeasta ite, thug an sagart aghaidh ar an mbaile.

Bhí casán cómhngarach go dtí an bóthar agus rith Eoghan ar an gcasán agus bhí sé ar an mbóthar roimh an sagart. "Tá tú ansan arís romham", arsa an sagart.

"Táim" arsa Eoghan "agus táim ag braith go mbeir suas led fhocal".

"Conas é sin?", arsa an sagart.

 

"Gheallais go dtabharfaí scilling dom an chead úair a mbuailfinn umat", arsa Eoghan.

Chuir an sagart a lamh ina phóca agus do thug sé an scilling do.