Béal Átha’n Ghaorthaidh –
An Leabhar Staire -Cuid 2
Scriobh An t-Athair Donnchadh Ó Donnchadh leabhair staire faoi Béal Átha’n Ghaorthaidh i 1922. Bhí and chead leath de in Iris 2000. Seo an chuid eile de. Ar mbuiochas le Mary Lovett, Drom An Altigh, achur in earar duinn é. Tá an sean-litriu fághta againn ann.
An Seipéal
Sean-sheipéal cinn tuighe a bhí i mBéal Átha an Ghaorthaidh roimh bliadhhain a 1824. Bhí sé i bpáirc ag cúinne na Sráide idir bóthar an tsráid-bhaile agus an seana-phóirse. "Páircín an tSéipéil " a tugtar ar an bpáirc fós. Tá rian na béarnan ar chlaidhe an phóirsín mar a dteidheadh an pobul isteach ‘sa tséipéal. Ní’l blúire de’n tseana-Sheipéal ann ach cúpla cloch chúinne. Is deacair a dhéanamh amach anois cad é an méid a bhí ann; is é is dóichighe go raibh sé dachad troigh ar fhaid agus fiche troigh ar leithead. Ní raibh na fallaí árd; duine a bheadh ‘n-a sheasamh ar an dtalamh cois an tSéipéil d’fheadfadh sé a lámh do chur suas go dtí an díon. Bhí an doras ar an dtaobh thoir agus bhí an Althóir ar an dtaobh thiar. Uair ‘sa coighcidheas is eadh bhíodh an t-Aifrinn ann.
Nuair a tháinigh an t-Athair Diarmuid Ó h-Uallacháin (1815 – 1864 a.d. ) go dtí an pharóisde do thug sé fé ndeára ná raibh an Séipéal oireamhnach do’n phobul agus do cheap sé n-a aigne go ndéanfaidh sé Séipéal nua dhóibh. Do bhronn an tighearna talmhan an talmhan air. Bhí na leacacha agus an tslinn le fágháil i gcóiréal ar an Oileán, Eidhneach , baile atá teóranta le Drom an Ailthigh ar an dtaobh theas do’n Laoi. Do tosnuigheadh ar an Séipéal i mbliain a 1824. B’in é tosnú ar an Séipéal atá ann anois. Tá an Séipéal déanta i bhfuirm croise, acht níor deineadh sa tosach acht géaga na croise. Bhí a aghaidh ó dheas. Tá sé dhá throigh déag agus trí fichid ar fhaid agus ceithre troighthe fichead ar leithead. Bhí an doras ar an dtaobh thuaidh, agus an Althóir ar an dtaobh theas. Sé fuinnenóga a bhí ann, ceithre cinn ar gach taobh agus fuinneóg ar gach pinniúir. Bhí an falla theas tais, agus do chuireadh slinn ar an bhfalla lasmuigh mar dhíon bháirdighe. Bhí tig beag laistiar de’n tearmann naomhtha, agus doras ann ag dul go dtí an Althóir.
Timcheall deich mbliana fichead (c.1854) ‘n-a dhiaidh sin do leagadh an falla theas, agus do deineadh meadhon an tSeipéal lastoir le h-ais an bhóthair. Do dúnadh an seana-dhoras, agus do chuireadh trí dhóirse nua isteach, ceann i ngach géig ar an dtaobh thoir agus doras ar an bhfalla thuaidh de’n mhéadhon ag an gcúinne thoir-thuaidh. Do dúnadh na fuinneóga a bhí ar an seana-chuid acht amháin an fuinneóg a bhí ar gach pinniúr, agus do cuireadh trí fuinneóga móra isteach ar an méadhon nua, ceann i ngach taobh, agus fuinneóg ‘sa phinniúir. Do h-aistrigheadh an Althóir, agus do cuireadh i lár baill í cois falla thiar an tSeipéil. An fhaid céadna agus an leithead céadna atá sa chuid nuadh agus atá ‘sa tseana-chuid. Do cuireadh suas lochta ag bun an tSéipéil an uair sin. Ceithre ursanna (props or supports-ed) a bhí fé, agus iad go léir ar aon líne treasna le cúil an dorais. Do raghadh duine i n-áirde ‘sa lochta ó’n ndoras so. Bhí deic suidheacháin ar gach taobh de’n lochta, agus cé ná fuil an lochta ann anois, tá cuid des na suidheachánaibh ag bun an tSéipéal. Bhí ráil mór-thimcheall ar an Álthóir, agus laistigh de sin do théidhtí isteach go dtí an tig beag a bhí laistiar de’n tSéipéal. In-aice na ráile lasmuigh ar an dtaobh thuaidh bhí an tobar baisdíghe. Do chosain an Séipéal cúig céad púnt. An pobul a dhíol as a dhéanamh.
Nuair tháinigh an t-Athair Pádraig Ó Muirthile (1888 – 1908 a.d.) go dtí an pharóisde, do thosnaigh sé ar treó níos fearr do chur ar an Séipéal. Do dhein sé póirse mór-thimcheall ar gach doras. Tá gach póirse aca naoi dtroighthe ar fhaid, ocht dtroighthe ar leitheadh, agus seacht dtroighthe dhéag ar aoirde. Tá fuinneóg bheag Ghótach ar gach póirse agus an bullán ar tháirsing na fuinneóige. Tá gach fuinneóg troigh agus naoi n-órlaigh ar leithead, agus cúig órlaigh ar dhoimhneas. Tá na leit-reacha i.h.s. ar gach bullán aca. Tá dhá leath-dhoras i ngach póirse, agus tá ceann eile ag dul isteach ‘sa tSéipéal. ‘N-a theannta sain do gearradh amach an pháirc laistiar de’n tSéipéál, do leagadh an falla thiar agus do cuireadh siar an Áltóir cois falla an chinn nua laistigh. Do tógadh dá thig bheaga lasmuigh de’n Tearmann Naomhtha ar an dtaobh theas, ceann aca istigh agus ceann aca amuigh, agus doras ag dul isteach fé dhéin na h-Álthóra. Ceithre troighthe dhéág ar fhaidh agus dhá throigh déág ar leithead atá in ngach tigh aca. Do cuireadh trí fuinneóga de ghlóine daithte ar dhruim na h-Álthóra. Ar an bhfuinnéoig theas tá dealbh Barra Naomhtha, an bachall ‘n-a láimh aige agus choróinn an easbuig ar a cheann. Sidé an sgríbhinn atá ag bun na fuinneóige:
"St. Finbarr, pary for Sarah Sutherland by whom this window was given, A.D. 1889"
Bean cheannaidhe éisc ó Chorchaigh a b’eadh í. Tá dealbh Chroidhe Ró-Naomhtha Íosa ar an bhfuinneóig mheádhonaigh agus sidé an sgríbhinn atá ag a bun:
"Jesus have mercy on us; Sacred Heart of Jesus bless the donor, Rev. Cornelius O’Sullivan."
Do rugadh an t-Athair Conchubar Ó Suílleabhaín ar an n-Gráig laisthiar d’ Ínse Geimhleach. Nuair a bhí sé ‘n a gharsún do thóg an t-Athair Diarmuid Ó h-Uallacháin isteach ‘n-a thige é. Do thug an sagart fé ndeára an dúil a bhí ‘sa leigheann ag an mbuachaill ‘s á chráibh theacht bhí sé, ‘s do chuir sé i gColláisde é chun go ndeánfí sagart de. Do deineadh sagart de, agus fuair sé bás ‘n-a shagart pharóisde i n-Innis Céin. Tá dealbh na Maighdine Muire ar an bhfuinneóig tuaidh, agus ‘s sidí an sgríbhinn atá ag bun na fuineóige:
"Mary Immaculate, intercede for Martha MacCarthy who gave this window, A.D. 1889"
Is í bean Thaidhg Uí Scannaill an bhean uasal so agus is í máighistreás scoile na gcailíní i mBéal Átha an Ghaorthaidh fé láthair í. (1922)
‘N-a theannta sain do cheannuigh an t-Athair Pádraig Ó Muirthile suidheachaín nua do’n t-Sépéal. Do chuir sé rachtaí agus díon agus slínn nua air. Do thóg anuas an lochta, agus do dhein sé seómra beag d’en tobar baisdighe ag bun an t-Séipéil ag an gcúinne thoir-theas. Tá doras deas, neáta, órnáideach ag dul isteach sa tseómra so ó’n Séipéal. Fear do muinntir Chártaigh, siúnéir ‘sa tsráid-bhaile, a dhein an doras. Do tógadh an seana-thobar soir go tigh an tsagart pharóisde. I dteannta an méid sin do deineadh ráil nua ag aghaidh na h-Álthóra. I lár baill ar an ráil ar phláta phráis tá ab sgríbhinn seo:
"Presented by Stephen Grehan, Esq of Banteer, who also gave the site of this Church, A.D. 1889"
Tá sean-árthach ‘sa tigh bheag a bhíodh mar Phláta Leavábó ‘sa t-Séipéal. I lár baill ar an bpláta laistig tá dealbh an tríú Ríogh Liam agus é ar muin chapaill; agus ag bun na deilbhe tá an sgríbhinn seo: "William 111. No surrender" Mór-thimcheall an phláta istigh, fan na ciúmhaise, tá so scríbhthe:
"This emblem of intolerance was used for many years as a ‘Lavabo’ in Ballingeary Chapel, Co Cork A.D. 1890"
Is i nGaoluinn atá Stáir na Páise ann. Ar gach stad seasuighid na figiúirí daithte amach. An chéad lá fichead do’n Mheádhon Fhóghmhair i mbliadhain a 1890, do cuireadh suas ‘s do coisreagadh iad. Caitliceach ó Shasana darbh ainm Art Brainóreach d’aistrigh an sgríbhinn. Do rugadh i mBearró é. Ní raibh sé ‘n-a Chaitliceach ó thosach, acht d’iompaigh sé. Do thagadh sé go minic go Béal Átha an Ghaortaidh aimsir an Choláisde. Bhí ana-dúil aige i gceól agus i leigheann na h-Eaglaise, agus san éideadh bheannaighthe. Do théidheadh sé mór thimhceall na tíre chun na seipéal d’fheicsint, agus do thugadh sé leis pictiúir díobh. Bhí árd-mheas aige ar an éideadh. Gótach, agus do dheineadh sé sompla dhíobh d’á cháirdibh sagart. Do chuireadh sé ana-shuim i léir-scáilibh agus i n-ainmneachaibh áiteann, agus is ag ucht na suime sin gur bhroinn sé léir-scáileanna ar an gColáisde i mBéal Átha an Ghaortaidh. B’é an Creideamh ar dtúis fé ndeara dhó teacht to h-Éirinn. Do léigheadh sé an "Leasider" gach seachtmhain, agus b’é léigheamh an pháipéir sin a ghríosuigh chun na Gaoluinne é. Do chonnaic sé go soiléir an bhaint abhí ag an dteangain leis an gCreideamh. Do chuaidh sé i n-arm Shasanna i dtosach an chogaidh mhóir, agus cé go bhfeadfadh sé bheith ‘n-a oigigheach dá mba mhaith leis é, ní ghlachfadh sé le h-am ardréim san arm. Ní h-aon ghrádh abhí aige do’n arm, acht gur dhóigh leis gurbh’ é a dhualgar é. Do marbhuigheadh ‘sa chogadh e Lá Fhéile na Naoimh Uile i mbliain a 1916. Seo mar adubhairt cara dhó, an t-Athair Seán Ó Meachair ó Libherpúl, mar gheall air:
" I think he was received into the Church in 1904. He was then at Barrow, apprentice engineer at Vickers Shipbuilding works. I fancy he remained there about eighteen months. It was the priest at Ulverstown, a small town about nine miles from Barrow, who instructed and received him. In appearance Brandreth was of medium height, of tough-looking build, rather aquiline features, short stubby red hair. He had a jerky, emphatic way of speaking. His humour was of the quiet kind. He was very devout, and his interest in Liturgy was not the indulgence of a mere aesethic taste, but the natural expression of a soul whose unconscious motto was ‘sentire cum Ecclesia’. He was very proud of having so many friends among the clergy secular and regular. He was a great motor-cyclist, and was devoted to his cycle, which he made use of in his pilgrimages to visit Cathedrals and Churches. Looking back now, I would compare him to some Damask blade of fine temper; he was usually quiet and reserved - at rest in his scabbard, so to speak; but at the right moment, he would flash forth with a cut and thrust and slash – though there was no cruelty or aggressiveness about him".
Ainm An t-Séipéal
Bhí an Séipéal go léir críochnuighthe um Cháisg, 1889. An t-ochtmhadh lá do mhí Aibreáin, Domhnach na Cásga, do coisreagadh an Séipéal, augs do cuireadh fé choimirce Bharra Naomhtha agus Rónáin Naomhtha é. Timcheall ceithre míle laistiar de Bheal Átha an Ghaorthaidh tá Guagán Barra, ball to ndeirtear go raibh Ceall Barra Naomhtha ann fadó, Agus taobh istig de leath-mhíle lastoir de’n tsráid-bhaile, agus le h-ais an bhóthair nua ar an gCoill Móir, tá "Cillín Leasa Rónáin" a bhí fé choimirce Rónáin Naomtha. Ba chóir, dá bhrígh sin, an Séipéal nuadh do choisreaghadh i n-onóir Bharra Naomhtha and Rónáin Naomhtha. Tá Álthóir dheas néata ‘sa t-Séipéal. Althóir mharmuir ‘sead í, agus tá leac de marmar riabhach ar chlár na h-Althóra. Tá ceithre ursanna fé’n gcolumhain i lár baill os cionn an Phailliúin. Tá Cailís órnáideach airgid ag gabháil leis an Seipéal. Tá so sgríbhthe ag bun na Calíse:
"Ballingeary Chapel, June, 1883"
‘N-a theannta sain tá dhá Cibórium airgid ann. Ar cheann aca atá órnáidí, agus tá an sgríbhinn seo ar an gciúmhais ag á bun:
Ora pro anima Cornelii O’Leary, P.P. qui obiit 1913
R.I.P.
Ar an gceann eile atá gan aon órnáid tá an sgríbhinn seo ar an gciúmhais ag á bun:
"Ora pro anima Cornelii O’Leary Parochi. Obiit 1913
R.I.P."
Bhí an t-Athair Conchubhar Ó Laoghaire ‘n-a shagart Paróiste i n-Uibh Laoghaire ó bhliain a 1908 to dtí bliain a 1913. D’fhág sé an dá árthach airgid le h-údhucht ag an Séipeál i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
An Scoil
Maraon leis an Séipeál thóg an sean-shagart an t-Athair Diarmuid Ó h-Uallacháin, sgoil nua i mbliain a 1820. Do cuireadh suas an sgoil i gclós an t-Séipéil laisteas, agus cois bhothair na Sráide. Bhí sí cúig troighthe agus dachad ar fhaid agus ceithre troighthe dheag ar leithead. Fuarathas an tslínn i gcoiréal ar Oileán Eidhneach. Nuair a cuireadh Bórd an Oideachais ar bun i mbliain 1831 do dhíoladar seacht bpúint dhéag sa bhliain leis an máighistir, agus do thugadh na scoláirí airgead dó leis. I mbliain a 1840, bhí suas le céad agus dhá sgoláire dhéag ar fhichid ann(132), idir buachaillí agus cailíní. Bhí na sgoláirí ag dul i lionmhaire, agus do thug an sagart paróisde fé ndéara ná raibh slighe dhóibh ‘sa tseana-sgoil, agus do chuir sé chun sgoil nua do thógaint dos na buachaillibh. D’iarr sé an talamh ar fheirmeóir gallda darbh’ ainm Bhilliams a chomhnaigh ar an gCoill Mhóir an uair sin. D’eitigh seisean é. D’árduigheadh grainneal na h-abann, agus do tógadh an sgoil ar aghaidh na seana-sgoile amach ar an dtaobh thoir de bhóthar na sráide. B’é Mac Uí Éalaighthe an chéad máighistir. Ciarruigheach do b’eadh é. Is é is deallraithighe gur i nDoire Fhionáin é. Fear mór groidhe, láidir do b’eadh é. Bliain an ghorta d’imigh sé go Sasana Nua, agus fuair se bás thall. Mac Uí Chorcora a tháinigh ‘n-a dhiaidh. Do rugadh i mBéal na Marbh é. Tháinigh sé go Béál Átha an Gaorthaidh ó Ínse Geimhleach. Bhí sé pósta le Fainche de Barra, cailín go raibh gaol gairid aici leis an "mBarrach Mór". D’eirigh sé as an múinteóireacht i mbliain a 1880 agus is é Diarmuid Ó Tuathaigh a tháinigh ‘n-a dhiaid. Do leagadh sgoil na mBhuachaillí, agus i mbliain 1898, do deineadh sgoil nua dos na buachaillibh ‘san áit chéadna. An t-Athair Pádraig Ó Muirthile, mac drithár do’n tsean-sharart a thóg an sgoil. Sgoil mhór ‘seadh í. Tá seómra mór agus seómra beag innti. D’fhan na cailíní ‘sa tseana-sgoil to dtí gur cuireadh suas sgoil nua dhóibh i mbliain a 1887, lastoir de’n droichead ag cúinne na Coille Móire ag an gcrosaire. Bhi an tseana-sgoil mar halla ag muinntir an bhaill to dtí gur cuireadh Coláisde na Mumhan ar bun i mbliain a 1904.
Coláiste Na Mumhan
Sar ar thosnaigh obair an Choláisde do bhítheas ar lorg ionaid múinteórachta. D’aimsigheadar an ball. Do leagadh an falla thoir de’n tseana-sgoil seo, agus do cuireadh deich dtroighthe ‘sa bhreis leis an sgoil, agus do cuireadh slinn nua ar an sgoil go léir. An t-Athair Pádraig Ó Muirthile, a stiúraigh an obair. Do chuireadh dóirse i lár na sgoile istigh a dheineann dá leath do’n tseómra mhór. Tá dóirse dúbhalta ag dul isteach ‘sa Choláisde ó bhóthar na sráide, agus ós a gcionn tá so sgríobhtha: "Coláisde Múinteórachta na Mumhan" Bhí an sgoil seo ‘n-a Choláisde go dtí gur deineadh an Coláisde Nua i mbliadhain a 1914. Bíonn an "Seana-Coláiste" anois mar halla ag muinntir na háite.
Tigh iarrainn ‘seadh an Choláisde Nua. Timcheall céád slat laistiar do’n tsráid bhaile ar thaobh an bhóthair nua is eadh tá sé. Tá cláracha adhmaid fan an iarrainn laistigh. Seómara an-mhór atá ann, agus stáitse ar an dtaobh thoir agus dhá thigh bheaga lastoir de’n stáitse. D’fhéadfí dhá dhoras fillte do tharrac treasna an tseómra mhóir chun trí chuid a dhéanamh de, nuair a bhíonn na buidheanta ar siúbhal. Tá doras ar an staobh thiar agus doras ar an staobh thoir agus dhá dhoras ag dul isteach go dtí an póirse laisteas. Táid na fuinneóga ar an dtaobh theas agus ar an dtaobh thuaidh. Tá doras mór ar an bpóirse ar an staobh thoir, agus ceann eile ar an staobh thiar, agus fuinneóg mhór ar an dtaobh theas. Ag bun na fuinneóige seo lasmuigh tá an choch-bhuinn, agus sidí an sgríbhinn atá uirthi:
"An t-Athair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, do chuir, a.d. 1914"
B’é Risteárd Ó Dálaigh, Sagart agus Dochtúir Diadhacha a bhailig an t-airgead chun an Coláisde do chur suas, agus b’é an t-Athair Séamus Ó Laoghaire, Sagart Paróisde ó bhliain a 1913 to dtí bliain a 1920, a stiúraigh an obair. Is é Coláiste na Mumhan an chéad Choláisde dos na Coláisdí Gaedhealachaibh do cuireadh ar bun i n-Éirinn. Do cuireadh ar siúbhal é d’fhonn módha múinte na Gaoluinne do thabhairt do mhúinteóiríbh. Do leath clú agus cáil an Choláisde ar fuaid na tíre. Is mó múinteóir a tháinigh to dtí an Coláisde chun teasdas d’fhagháil, agus is mó duine seachas iad san, idir Franncach agus Dánar agus Iodáileach, a tháinig i bhfad ‘s a gcéin ag triall ar an sráid-bhaile. B’é an Dochtúir Ó Dálaigh an chéad Árd-Ollamh, agus is é an t-Athair Gearóid Ó Nualláin, M.E., agus Ollamh re Gaoluinn i gColáisde Mhaigh-Nuadhat, an tarna Árd-Ollamh.
Ab Bhearraic agus Eachtra an Dí-shealbhú
Go dtí le fíor-déanaighe bhí tigh eile i mBéal Átha an Ghaortaidh. B’in é an bhearraic. Tháinigh póilíní Shasana go dtí an ball i mbliain a 1894. Bhí achrainn ar siubhal ar Inse ‘n Fhosaidh, baile atá teóranta le Drom an Ailthigh laistiar, i dtaobh feirme thailimh i rith na bliana úd. Táinig na póilíní agus d’fhanadar. Do thógadar tigh ósda le Seán Shorten, do chomhnaigh sa tigh tábhairne ar a aghaidh amach, "An Bungoló Hotel" a tugtí air. Is ann d’fhanadh na daoine móra do ghabhadh an bóthar ó Mhághchromdha to Beanntraighe, agus is ann do gheibhidír béile maith bídh dóibh féin agus d’á gcapallaibh. ‘Sa tigh sin do chuir na póilíní fútha. Do mhuinntir Néill do b’eadh an chéad fear a bhí i mbun na bearraice.
I mbliain a 1906, bhí saoghal go dian ar na póilíní. Dia Máirt, an ceathrú lá fichead do mhí an Iúil, do chuir an Greathánach, tighearna talamh, Diarmuid Ó Mathghamhna amach, agus do chuir sé fear darbh’ ainm Simpson isteach i bhfeidhil na h-áite. Bhí tigh deas muinntire ag Diarmuid Ó Mathghamhna ar thaobh an bhóthaire atá ag gabháil liastiar de Dhrom an Ailtigh ó Dhroichead Ínse an Fhosaidh to dtí an bóthar thuaidh ó’n nGuagán. Is é an tríú tigh ar an mbóthar sain e. An oichche a chuireadh amach é, tháinigh muinntir na h-áite, agus le cabhair lucht an Choláisde do chuireadar amach an t-aodhaire, agus do chuireadar Diarmuid Ó Mathghamhna isteach i seilbh airís. D’imthigh Simpson in eineacht leis na póilíní go dtí an bhearraic i gcóir na h-oidhche, agus do theit sé leis féin ar maidin. Istoidhce Dia Diardaoin, an seú lá déag de mhí na Lughnasa, tháinigh suas le leath-chéad póilíní ó Dhúnmaonmhuighe, agus do ghabhadar naonbhar do lucht na h-áite, agus do rugadar leo iad go Mághchromdha. T’réis an sgéal do phlé, do leagadh amach ar bhannaí iad go dtí Seisión an Gheimhridh a bhí chúghainn.
Tháinigh na póilíní arís, go moch ar maidin an seachtmhain n-a dhiaidh sin agus do chuireadar amach Diarmuid Ó Mathghamhna arís, agus do chuireadar fear darbh’ ainm MacDáithi isteach i bhfeidhil na h-áite. D’fhágadar triúr póilíní do mhuinntir Churtáin i gceannas chun fóirithin air. An Domhnach ‘n-a dhiaidh sain, an séú lá ficheadh do mhí Lughnasa do tiónóladh cruinniú poiblí ‘sa pháirc ar an dtaobh theas do’n bhóthar nua lastoir de Dhroichead Ínse an Fhosaidh, chun labhairt i gcoinnibh an cur amach. Bhí a lán daoine ann, idir tuaith agus cléir agus feisire. ‘Sé an cómhairle a ceapadh ná iarracht do dhéanamh ar an aodhaire do chur amach, agus Diarmuid Ó Mathghamhna do chur isteach. Bhí a lán póilíní ar an láthair agus arm aca. Do tugadh fogha fé’n dtig agus do thosnaigh an bhruighean. Do gortuigheadh beagán, ar a raibh póilín Mac Curtáin. Do chuaidh na póilíní isteach ‘sa tigh agus do tharraingeadar a ngunaí chúcha, agus do chaithfeadar roinnt urchar. Cuir sin scaipeadh ar an sluagh. Do gabhadh seisear príosúnach t’réis an lae. Do thugadh ós chómhair giúistís i Mághchromhda iad, agus do cuireadh siar iad, t’réis an sgéal do phlé, ar bhannaí go dtí Seisión an Gheimhridh.
Bhi na póilíní ar thóir na ndaoine eile go raibh droch-amhras aca ortha, agus i mí na Feabhra do ghabhadar ceathrar eile. Do tugadh ós comhair na ngiúistís i Mághchromhdha iad, agus do chuireadh siar ar bhannaí go ceann ocht lá iad. I ndeire na h-aimsire sin, níor trialladh i n-aon chór iad. Bhí duine des ma póilíní breóite, agus d’fhág sin saor iad. Do cuireadh na priosúnaigh eile fé thriaill ag Seisión an Gheimhridh i gCathair Luimhnighe. Níor daoradh i n-aon chor iad. Do cuireadh siar ar bhannaí iad, acht amháin Dómhnall Ó Laoghaire ó Bhán an Aoil; Conchubhar Ó Laoghaire ó’n gCúm Dorcha, agus Séámus Ó Cróinín ó Ínse ‘dir Dhá Fhaill. Do daoradh iad san, agus do gearradh trí mhí i bpríosúin le cruaidh-obair dóibh. Do chuir mná uaisle Mhághchromdha athchuinge ag triall ar mhnaoi Fhir Ionad an Rígh, Baintighearna Aberdín, ar a son, agus do baineadh sé seachtmhain d’á dtearmaí d’á bhárr.
I rith na h-aimsire seo do gabhadh daoine eile. Do cuireadh fináil ar chuid aca agus do cuireadh fináil leis ar chuid de mhnáibh an bhaill a thug conghnamh do’n fearaibh. Acht ba ghearr gur tuigeadh do’n tighearna talmhan nár bh’aon mhaitheas do bheith a d’iarraidh cur gcoinmibh na ndaoine. Do tugadh le tuisgint dos na tighearnaí talmhan eile chómh maith é. Bhí an t-Athair Tadhg Ó Murchadha ‘n-a shagart óg i bparóisde Uibh Laoghaire an uair úd. Tháinigh sé sin ar mholadh beirte, agus do dhein sé an beart ar fheabhas. Do tógadh ceathrar príosúnach eile an sémhadh lá do mhí an Abreáin i mbliain a 1907, agus do samhluigheadh do’n chuid eile nár bhfeárr rud a dhéanfaidír ná iad féin do thabhairt suas. Do chuireadh na príosúnaigh go léir fé thriall, agus do scaoileadh leó go léir acht ámháin Diarmuid ‘ac Coitir an sgéalaidhe ós na Curraichí, Séamus ‘ac Coitir a dhritháir, agus Seán Ó Tuama. Do daoradh iad sain mar gur cuireadh ‘n-a leith, gur ghabadar ar na póilíní agus do gearradh mí i bpríosúin le cruaidh obair dóibh. An ceathrú lá deag do mhí an Iúil do daoradh iad agus do sgaoileadh chun suíbhal iad an ceathrú lá déág de mhí Lughnasa. B’in deire na bruighne acht b’é rud a tháinig as ná gur chuireadh fhiacaibh ar an dtighearna talmhan, Mac Uí Mhathghumhna do leogaint isteach arís, agus dob’ b’éigean do gach tighearna talmhan eile aca an talamh a dhíol leis na tineóntaithe. Do dhein muinntir na h-áithe troid mhaith, agus is mór an chreideamhaint atá ag dul dóibh mar gheall ar an gcuma ‘n ar bhainneadar a gceart amach.
Cogadh Na Saoirse
Bhí an saoghal ar a dtoil ag na póilíní go dtí bliain a 1920. B’é an cómhairle a bí ceapaithe ag an Riaghaltas an uair sin ná eirighe as na bearraic beaga. ‘N-a theannta sin, bhí eagla ortha, dá dtugtaoi fogha fé bhearraic bhig agus gan aon bhraith ag na póilíní dá mba i lár na h-oidhche a thabharfí fogha fé, go dtógfí an bhearraic agus a bheadh innti. Rud eile, cé gur theip ar fogha cheana féin, ní beadh aon deimhiniú aca ná go dtógfí arís í. Lá airighthe, mar sin, d’imthigh na póilíní ó’n mbearraic. Oidhche an lae céadna do dóghadh an tigh. Fear dárbh’ ainm Appelby, an duine deireannach a bhí i mbun na bearraice.
B’é an t-Athair Séamus Ó Ceallacháin a marbhaigheadh i gCorcaigh an chéad sagart óg abhí i mBéal Átha an Ghaortaidh. Do caith sé timcheall dhá bhliain ‘sa pharóisde ar dtúis ag tabhairt conganta do’n tSagart Pharóisde. Am t-Athair Cónchubhar Ó Laoghaire a bhí ‘n-a Shagart Paróisde i n-Uíbh Laoghaire an uair sin, agus ní raibh an tsláinte ró-mhaith aige. Nuair a fuair an t-Áthair Conchubhar bás i mbliain a 1913 d’aistrigheadh an t-Athair Séamus Ó Ceallacháin siar go Béal Átha an Ghaorthaidh chum a bheith ‘n-a sharart óg ann. D’oibrigh sé go dian ar son an Chreidimh, agus ar son na tíre, agus ar son na teangan. Rúnaidhe na h-áite do’n Choláise do b’eadh é. D’aistrigheadh go Cathair Chorcaighe é, Eanair na bliana a 1917, chun a bheith n-a Sheiplíneach i gClochar an Aodhaire Fhóghanta. Is i dtigh Mhichíl Uí Luasaigh ar an gCoill Móir a bhí sé ar lóisdín i rith n ah-amisire a bhí sé i mBéal Átha an Ghaorthaid. Do bhíodh sé ag múineadh i gColáisde na Mumhan i rith an tSamhraidh. Bhí árd-mheas ag muinnir Uibh Laoghaire air. Ar dheis Dé go raibh a anam.