Ainmneacha Páirceanna agus Carraigreacha in Inse Bheag i bParóiste Uíbh Laoghaire. Bailithe ag Ina Ní Chroinín timpeall 1936

 

Fuair sí an t-eolas seo óna hathair Donnchadha ó Cróinín (Dinny Dick)

 

 

 

1. Páirc an Connlaig.

2. Páirc an Dá Shoc.

3. Páircín na dTullacán.

4. Páircín na hAbhann.

5. Páirc an Túair.

6. Páirc an Bóthar.

7. Páircín na Cabhlaighe.

8. Páirc na Coille.

9. Páirc na Teórann.

10. Páirc na Teine Aoileach.

11. Móinteán Fliuch.

12. An Sean-Coinnleach.

13. An Corrach.

14. An Móinféirín Garbh.

15. Páircín na Carraige.

16. Páirc an Aitinn.

17. Páircín na gCapall.

18. Móinteán an Phóirse.

19. Carraig Mhór.

20. Carraig an Bhranair.

21. Stuicín an Radhairc.

22. Stuicín na Gaoithe.

23. Carn na Spideóige.

24. Faill an Leathair.

25. Stucán na Callaighe.

26. An Cnocán Ramhar.

27. Carraig Dhomhnall Uí Sheaghdha.

28. Carn na nGníománach.

 

Míniúghadh ar na h-Ainmneacha d'réir na n-uimhreacha.

 

1. Mar tá connlac (stubble) ann sa fhomhair.

2. Mar tagann na cladhthacha le céile ar cuma go bhfuil bior nó soc ar dhá ceann na páirce.

3. Mar do cuireadh a lán tullacán(heaps of stones) amach air fadó.

5. Sé an cúis gur tugadh an ainm sin ar an bpáirc ná go gcuirtí na ba isteach ann gach oidhche geall leis i rith an tSamhraidh.

7. Tá cabhlach sean-tighe ar ceann na páirce agus sin é an cúis gur tugadh an ainm sin air.

9. Mar tá sé ar an dteórainn idir beirt fheirmeóirí.

10. Bhí tine Aoil (lime kiln) ann agus aol á doghadh innti timcheall ceithre fichid bliadhain ó shoin.

20. An carraig idir Scoil Céim An Fhia agus an bothair. Tá sé ráidhte go bhfeichtí púcaí ann fadó. Breis is céad bliadhain ó shoin do dhein fear an tailmh an t-árdán seo do threabhadh. Nuair a bhí an obair críochnuighthe fuair an seireach bás. Bhí eagla ar an bhfear go loitfí aon síol a chuireadh sé ann agus d'fhág sé ina bhranair (fallow) é, sin é an cúis gur tugadh an ainm sin ar an árdán.

22. Tá an stuicín seo suidhte in áit scéirdeamhail agus is beag lá nách mbíonn an ghaoth ag séideadh ann.

23. Deirtear gur ba anamh ná go bhfeichtí spideóg tímpal an Cairn seo.

25. Bhíodh sean-bhean ag aodhaireacht na mbó dá dritheár agus ba gnáth léi suidhe anáirde ar an gCarraig seo.

(28. Bhí giomanach (yeoman or servant) ag ealú le cailín agus caith siad an chéad oiche ar nó faoin carraig seo. )