Jerh Ó hÉalaithe 1918 – 2002

Le Donncadh Ó Luasa,, Béal Átha’n Ghaorthaidh.

 

 

Tráthnóna lae Samhna 2002 d’fhágamar slán le Jerh nuair a cuireadh i gcréafóig an Ghugáin é. Tráthnóna mánla dorcha a bhi ann a oir an ócáid. D’oir an dorchadas don tocht a bhi ar a mhuintir agus ar a cháirde. Bhí sé tráthúil go raibh an tráthnóna mánla mar ba dheachair teacht ar fhear eile in Uíbh Laoghaire a bhí chomh cneasta, cineálta; seimh, síochánta; mín, mánla le Jerh.

 

Ar an 15 Aibreán 1918 a rugadh Diarmad Ó hEalaithe. Tógadh i dtig a mhuintire é ar Goirtin na C(o)ille. Deartháir amháin a bhí aige - Peaití - a chonaigh ar an gCill Mhór agus deirfúr amháin, Nóirín, a bhí pósta i Sasana. Táid araon ar shlí na Fírinne le tamall.

Tadhg Ó Scanaill agus Pádraig Ó Suibhne na múinteoirí a bhí aige i scoil na mBuachaillí ach ní mór a chloisfeá uaidh i dtaobh laethe a scoile. Nuair a bhí an t-am istigh –14 bliana an uair sin – d’fhág Jerh an scoil. An bhliain dar gcionn thosnaigh se ar obair le Danny Hyde. Trí bliana a chaith Jerh le Danny sarar bhris sé amach leis féin.

 

A Chuid Oibre

 

Le himeacht ama deineadh ceardaí críochnúil,slachtmhar de Jerh. Ba bheag obair láimhe ná raibh ar a chumas Bhí sé go seoigh chun maisiúcháin agus chun deisiucháin. Dheisíodh sé doirse, gloine, glais, cathaoireacha, boird, suíocháin, leapacha, píopaí uisce, buaicairí agus leithris. An rud ná bíodh indeisithe, dheineadh

 

Jerh ceann foirfe as an nua. Ina theannta san chaith Jerh tamall ag taispeáint scannáin san seana halla. Dob aige a bhí an t-aon pictiúrlann a bhí riamh i mBéal Atha’n Ghaorthaidh.

Bhí ana mheas air mar dhathadóir, deaslámhach, néata. I’m óige, dá mbíodh an stáisiún le bheith i dtigh, an chéad rud a deintí na fios a chur ar Jerh. Bhí nós péinteála ar throscán na cistine sa bhfaisean an uair úd ar a dtugtaí ‘graining’. Dob é Jerh an Master grainer.

 

Amach san am, luigh sé féin agus Jerm Kelleher isteach le chéile agus ghlacaidis le hobair nios troime – tógáil fallaí agus diónta, plástarail agus uaireanta thógaidís tigh ar fad - ó bhonn go ceann. ‘ Bé Bun Coille, ar Inse an Fhosaigh, an tigh deireannach a tógadh leo.

Aoinne go raibh se de rath air bheith i measc na beirte seo agus iad i dteannta a chéile bhí saibhreas le fail aige nach bhfuil teacht air in aon mianach – ná in aon leabhar. Saibhreas a piocadh suas as a n-oíge ó bheith ag éisteacht le agus ag faire ar chomharsain ina dtimpeall. Saibhreas a cuireadh i dtaisce go cúramach i ndoimhneas na hintinne.

 Saibhreas a scaoileadar uatha aris ina sceílíni simplí saoithiúla a bhí lan de ghaois agus de ghreann, de ghrinneas agus de ghreannúireacht. Scealaithe snasta ab ea iad beirt – an friotal agus an t-athfhriotal ar fheabhas ag Jerh.

 

Buidhean Piobairi Barra Naofa

 

As a oíge bhí suim ag Jerh sa bhuión ceoil - Buidhean Piobairi Barra Naofa. Chaith se tamall ar an nDruma Fada, tamall ina mhaor druma agus tamall ag baint ceoil as an nDruma Mór. Bhaineadh Jerh ana- phleisiur as na turasanna a dheineadh sé leis an mBanna Ceoil. Ní raibh sé riamh gan scéilín féna bheilt ar teacht abhaile do. Amach san am chuireadh sé oiliuint ar dhrumadóirí óga. Bé Uachtarán coiste na búione é go lá a bháis.

 

Gnothaí stáitse

 

Ach ba i ngnothaí stáitse is mó a bhí suim ag Jerh . Músclaoidh an tsuim seo ann nuair a fhreastail sé ar ranganna Gaelainne a bhíodh ar siúl ag Éamon Ó hAragáin sa Cheard Scoil. Ar na dramaí go raibh paírt aige iontu san blianta sin bhí- Dúir(t) sé Dair(t) sé; Cor in aghaidh an chaim, Aiséirí, Cruachas na mBaitsiléirí 7rl. Bé an ‘Bunnán Buí’ an chead dráma a dhein se fé Sheamas Ó Sé agus buadh Chraobh na hEiréann. Sa dráma san, chomh maith le Diarmuid agus Séamus Ó Sé, bhí Conchubhar Ó Críodáin, Diarmuid Ó Mathúna, Siobhán Ní Cheallacháin, Eilín Ní Mhuirthille, Maighréad Ní Shúilleabháin (Uí Lionáird, anois). Fuair Diarmuid Ó Mathúna gradam na hócaide don aisteoir ab’ fhearr.

Ní suim sa stáitse amháin a spreag Jerh chun freastal ar na ranganna seo. Bhí cloch eile ar a phaidrín. Ag freastal chomh maith bhíodh Siobhán Ní Cheallachain. Deireadh an scéil gur chuireadar a seó féin ar siúl, ar stáitse an aireagail sa Ghúgán, sa bhliain 1953 nuair a pósadh iad; seó a mhair geall leis leath-chead bliain Beirt iníon agus triúr mac atá orthu. Tá sé le maíomh gur chaith gach ball den dteaghlach seachtair seo seal ar stáitse.

 

Nuair a cailleadh Séamus Ó Sé thit cur chun cinn na Gaeltachta ar Jerh. Ba mhaith chuige é. Bhíodh sé i gcónaí ag faire ar sheansanna ainm Bhéal Átha an Ghaorthaidh a chur chun tosaigh. Bhí ana-shuim aige i dtionscail a mhealladh chun an cheanntair. Thuig sé gur tríd an nGaeltacht a thárlódh san agus dá mbeadh ainm láidir Gaeltachta orainn go leanfadh na tionscail. D’athbhunaigh sé an Coiste Forbartha go luath sna seachtóidí. Mealladh tionsclaíochta ba phríomhchúram don gCoiste.

 

Cumann drámaíochta

 

Eagraí ana-mhaith ab ea Jerh. Bhí cumann drámaíochta ana-láidir sa phobal sna seascaidí agus sna seachtóidí. Bé Jerh príomheagrai an chumainn. É siud a roghnaíodh na dramaí, a gheibheadh na haisteoirí agus a shocraíodh cúrsaí taistil. Thaisteal an cumann Gaeltachtaí na Mumhan ag iomaíocht, agus ba mhinic duais leo abhaile. Chuireadar seóanna ar siúl chomh maith in áiteanna chomh hilghnéitheach le Baile Ghib(Co. na Mí), Bleá Cliath, Corcaigh, Ceatharlach, Conamara, Luimneach, Aonach Urmhumhan, Gaillimh, Tráilí, Oileáin Aráinn, chomh maith le stáitsí ba chomhngaraí do bhaile. Bhíodh páirt lárnach aisteoireachta ag Jerh sna dramaí seo go léir agus is mó duais a bhí aige ar fheabhas na haisteoireachta san. Shroich sé buaic i bpáirt an mheisceora i ndrama Frank O’Connor –"ar an dTraen".

 

Thaistealaiodh Jerh go cruinnithe Chomhaltas Drámaíoochta na Mumhan a tinóltaí i Magh Ealla, le linn an gheimhridh agus an Earraigh. Da bharr so, ba mhinic féilte drámaíochta á dtionól i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le linn na seachtóidí. D’imigh cáil na ndeirí-seachtaine drámaíochta so i bhfad agus i gcéin. Thagadh complachtaí anso ó cheann ceann na tíre. Is cuimhneach complacht do theacht ó Dhoire agus ceann eile ó Chontae Aontrama. Ag an bhFéile dheireannach acu so,1978, d’eirigh le Coiste na Feile ardán a thabhairt do dhrama agus fiche. Jerh a bhíodh ina bhainisteoir stáitse, imeasc rudaí eile, ar na Féilte.

 

Ach, dob é An tAgallamh Beirte an mean aisteoireachta a b’fhearr le Jerh. Thaitníodh go seoigh leis, dá mbíodh sé ina aonar i mbun obair an lae, bheith ag smaoineamh ar théamaí, ar phlotaí, ar bhéarsaí nó ar línte glice, gaoismheara, greannúra a fhéadfaí a fhí isteach in Agallamh. Bhí an meán so ana-oiriúnach don bhféith laidir grinn a bhí i nDiarmuid agus bhaineadh se lán–leas as agus é ag coimheascar lena leath-bhádóir, Nóra Bean Loibhéad. Do chomórtaisí an Oireachtais is mó a cleachtaítí na hAgallaimh seo ach tógtaí leis iad go SCÓR agus go coirmeacha ceoil ar fud na háite. Bhíodh Jerh ana-mhórálach go mbíodh go leor ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag triall ar an Oireachtas go minic ina theannta. Orthu so bhíodh scéalaithe, amhranaithe agus ar feadh tamaill (1972-1976) Cór Eaglaise agus Claisceadal. Bhuaidís seo go leor duaiseanna agus, dar le Jerh, chabhruíodh so go mór le hainm Bhéal Atha’n Ghaorthaidh a chur chun cinn.

 

Buille cruaidh don áit

 

Faríor, ní raibh an rath ar an mealladh tionsclaíochta lena raibh Diarmud ag súil, de bharr na ngníomhaíochtaí seo. Is iad na gnóthaí a fuarthas don ndúthaigh sa tréimhse seo ná an Níolann agus CeBonn Teo. Ba bhuille cruaidh do Dhiarmuid agus dá chomhleacaithe é gur sciobadh uathu muileann adhmaid Grainseár Teo. a bhí le lonnú sna Curraithe. Ba mheasa le Diarmud an slimearáil agus an chamastuíol a bhíodh ag oifigigh áirithe de chuid Udaras na Gaeltachta/Gaeltarra Eireann. Nuair a fhógair duine acu nach raibh O’Donovan Enterprises (anois Firebird) a bhí aimsithe do Bheal Atha’n Ghaorthaidh ag teacht, d’fhag Diarmuid an cruinniú le déistean.

 

Ar mhaithe le Béal Átha’n Ghaorthaidh

 

Bhí Diarmuid, chomh maith, i mbun na craoibhe áitiúil de Chonnradh na Gaelainne agus, chomh maith leis an Athair Ó Mathúna, i mbun gnóthaí Ghlór na nGael i mBéalAtha’n Ghaorthaidh. Ba bhall é leis den gcraobh áitiúil de Chómhaltas Ceoltóirí Eireann. Da bharr so dheineadh sé a lan taistil go cruinnithe in áiteanna éagsúla – i gcónaí ar mhaithe le Beal Átha’n Ghaorthaidh.

 

Coláiste na Mumhan

 

Deireann Siobhán, a chéile dílis, gurb é deireadh a shaoil, na blianta a chaith sé ina airíoch ar Choláiste na Mumhan, an t-am ba shonasaí ina shaol. Thaitin an obair leis agus thaitin níb’ fhearr leis an t-atmasféar Gaelach ina raibh sé ag obair. Bhí sé ana-mhórálach as an gCúrsa Crazy Gailf a leag sé amach in aice an Ostáin. Is fíor a rá chomh maith go raibh ana-mheas ag múinteoirí agus scoláirí araon ar Dhiarmuid. Ba mhinic iad le feiscint ag éisteacht leis, ag baint taitnimh as na scéilíní áitiúla a bhíodh á insint aige As an mion rud agus as an mion-duine a dheineadh Jerh stair sna scéilíní sin.

Iórón an tsaoil é, faríor, gur stair anois é Jerh – ach is mór le rá é i stair phobail Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

 

Deinimídne san Iris Staire seo comhbhrón lena chéile, Siobhán; le Caitlín agus le hAine, le Pat, Michael, Fionnbarra, agus le pobal Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ina mbris. Go deimhin is boichtede sinn go léir a imeacht uainn. Iarraimíd leabaidh imeasc Gael na háite seo dá anam uasal.