DONNCHADH Ó LUASAIGH
Tráthnóna gréine in Uíbh Laoghaire
I ndeireadh an Fhómhair bhuí,
Mo rothar loctha agam go socair
Ar sheastán táltha ag an EEC,
Cúig cinn de bháid – ealaí ‘s ál
Neadaithe i dtír. An loch
Os mo chomhair go gorm, glé,
Geal mar a bhí riamh, ach
Cad fés na cuairteoirí ag iascach
Romhamsa, fuaim inill a mbáid
Ag réabadh ciúnas na mblian?
Cad deir scáil na crannóige
Leis an ineall glórach don todhchaí
Romhainne, thar mar a bhí?
An tráthnóna ‘na dhéidh sin - San ionad céanna –
An oíche a’ teacht de dhroim na sliabh,
Na simnéithe a’ deatú na spéire -
Is cuid den oíche na hiascairí -
Soillse tí mhóir an tsagairt paróiste
Ag glioscarnaigh sa loich cois crannóige,
Easpag, nach de shliocht Mhiléisius,
A’ caoladóireacht sna cnoic i gcéin uaim,
‘S eatarthu istigh tá ealaí – Mongánaigh –
Beag beann ar a gcomharsain – Gearmánaigh.
An é seo, feasta, scéal Uíbh Laoghaire?
Gaeil ‘s Gaill a’ deatú le chéile –
Doircheacht nó gile? A’ bhfeadair éinne?
Samhain 2001