An Pota Pádraig.

(Scéal ar Céirnín le Gael Linn ó Diarmuid An Scealaí, ó Na Curraithe. Deineadh taifeada air ag an Oireachtas).

 

Sea, a cháirde agus a lucht scoraíochta, tá sé iarrtha orm scéal eile ínsint díbh anocht, agus is é an scéal atá socair agam am aigne ínsint díbh ná "Scéal an Pota Pádraig"

Fadó, nó insa tsaol atá gafa tharainn do bhíodh a lán nósanna ar fuaid na hÉireann i measc na ndaoine ná fuil inniú ann. Deireadh daoine go raibh cuid des na nósanna go peacúil, agus go rabhadar piseogach. B’fhéidir go raibh san le rá i dtaobh cuid díobh, ach do bhí tuilleadh acu agus ní raibh aon pheaca ag baint leo, ná aon phiseóga. Do bhí sé de nós ag na daoine gach aon Lá le Pádraig go raghaidís go tigh a’ táirne agus go n-ólaidís an pota. Agus do bheadh eagla orthu mara dtéidís go tigh a’ táirne an lá san agus an pota ól ná beadh aon rath ná aon ámhar orthu i gcóir na bliana. Do bhí gean fé leith acu, nú gean thar barr acu, don lá san agus don phota óil, mar gurb é Pádraig Naofa féin do chuir ar bun ar dtúis é. Seo mar a tharla an scéal.

Nuair a bhí an Chriostúlacht curtha ar bun aige in Éirinn do bhíodh sé de nós aige go raibh sé ag siúl agus ag taisteal, a’ glaoch go dtí na daoine ar fuaid na tíre féachaint conas do bhí an gnó ag dul chun cinn. Do bhí an-ghean aige dosna gaibhnní. Deireadh sé ná raibh aon duine bocht eile ar an saol is troime dheineadh obair ná an gabha, go mbíodh teas na tine agus teas an iarainn agus troime an oird a’ cuir allais air agus a’cur tuirse air, agus ná raibh aon duine eile in Éirinn a dheineadh obair chó dian leis ná is mó go mbeadh do ghá aige le deoch ná an gabha bocht.

Lá áirithe do bhí Pádraig Naofa ag gabháil trí sráidbhaile, agus d’airigh sé fuaim na mbuillí ar an inneóin, agus do bhuail sé isteach sa chéartain go dtí an gabha. Do bhí allas ar sileadh leis an ngabha. Timpeall seachtain roimh Nollaig ab ea é, agus nuair a bhí sé ag comhrá leis an ngabha ar feadh tamaill thug sé cuireadh don ghabha: dúirt sé leis teacht amach agus go raghaidís go tigh a’ táirne agus go dtabharfadh sé deoch dó.

"Ó, a Phádraig Naofa", ar seisean, "ní raghad leat in aon chor"

"Dhia, cad ina thaobh?" arsa Pádraig.

"Ó, a Phádraig", ar seisean, "níl insa tsráidbhaile seo ach aon tigh táirne amháin. Agus tá bean a’táirne ana-spriúnlaithe: ní thugann sí a gceart in aon chor dosna daoine, agus go deimhin a Phádraig Naofa, bíonn siad a’clampar, agus bíonn siad bruíontach agus bíonn siad acharnach".

"Sea", arsa Pádraig, "gluais leat", ar seisean. "Agus cá bhfios duit", ar seisean, "ná go gcuirfimís ar a leas í".

Taréis Pádraig a bheith a’tathaint ar feadh tamaill do ghéill an gabha, agus do bhuaileadar araon amach ag dul fé dhéin tí an táirne. Agus duirt Pádraig Naofa leis: "Sea, anois", ar seisean leis, "nuair a raghaimíd isteach ná bíodh aon dithineas ort. Suigh ar stól nú ar fuarma éigint", ar seisean, agus leog domsa", ar seisean, caint a dhéanamh leis an mnaoi úd. B’fhéidir go dtógfadh sé tamall aimsire orm sara bhféadfainn í chuir ar a leas". Do gheall an gabha dho. Do bhuaileadar isteach. Ó do bhí bean a’táirne go fial agus go fáilteach rompu agus go gáirteach, go mór mór ós é Pádraig a bhí ann. Dhírigh sé ar chaint lei agus ar chomhrá, agus duirt sé lei. "Sea, a bhean a’táirne, líon an pota dhúinn go dtugad deoch don ghabha".

Do bhíodh sé do chleas aici nuair a bhíodh sí a’líona na n-árthaí nó na dtomhasanna go gcaitheadh sí isteach an lionn nó an pórtar ina thulca insan árthach agus d’éiríodh cuipe breá cuaráin ar a bharra. Do dheaghaidh sí go dtí an baraille, tharraing sí amach tadhscán, chaith sí isteach sa phota é, d’éirigh an cuipe breá cúráin ar a bharra, d’éirigh sé cúpla órlach suas os cionn béal an árthaigh. Dhíol sé léí pé pinginí airgid a bhí ag teacht chuici, do dhírigh sé ar comhrá lei agus ar scéalta bréatha ínsint di. Agus ar ball nuair fhéach sé isteach sa phota ní raibh sé leath-lán.

"Ó, a bhean a’táirne", ar seisean, "níor thugais mo cheart dom. Féach níl sé leath-lán fós".

Do dheaghaidh sí go dtí an baraille arís, agus thairrig sí tadhscán eile amach, agus do chaith sí isteach do steall insan phota é. Agus d’éirigh an cúrán céanna arís aníos do dhroím béal an árthaigh. Dhírigh sé ar bheith ag caint arís lei, agus a’mínchaint agus ag insint scéalta dhi, ach ní ró-mhaith a bhí sí a’tabhairt aon chluas dó. Ar ball nuair a fhéach sé isteach arís ann.

"Ó, a bhean a’táirne", ar seisean, "níl sé lán fós. Tá easnamh fós air".

Sea! Do dheaghaigh sí go leisciúil go dtí an baraille, is do thug sí léí tadhscán eile, is chaith sí isteach é. Ach do dhírigh sé ar na mínscéalta arís, agus a bheith ag ínsint di. Ach níor éist sí in aon chor leis, puinn. Nuair fhéach sé isteach bhí sé imithe síos arís - an t-árthach.

"Ó, a bhean a’táirne", ar seisean, "níl mo cheart fós agam!

"Ceart nó ancheart!" arsa an bhean, "ní chuirfead-sa a thuilleadh ann".

"Dhia, a bhean", ar seisean, "níor thógas-sa pioc as. Agus do thugas a luach duit".

Níorbh aon chabhair a bheith lei, is amhlaigh a d’éirigh sí chuige.

"Ó, mhuise, a bhean a’táirne", ar seisean, "tá sé ag imeacht níos measa uait. Agus níl sé ag déanamh pioc saibhris duit, ná pioc acmhuinne dhuit. Tá sé ag imeacht níos measa uait".

"Conas a bheadh sé ag imeacht níos measa uaim?" ar sise.

Neósad-sa dhuit, arsa Pádraig. Tair anuas anso agus taispéanfad-sa dhuit cá bhfuil sé ag dul".

Dheaghaidh sí leis síos agus isteach fén staighre nú i bpluais éigin dorcha. Thug sí radharc di: spadalach éigint beithíg a bhí caite istigh insa chúinne dorcha. Thug sé corraí éigin dó féin a thug locht crúb leis. Thug sí fé ndeara go raibh peidhre de bheannaibh maithe géara d’adharcaibh air. Tháinig critheán uirthi.

"Ó, a Phádraig, ar sise, "caidé sin?".

"Caidé sin, airiú!" arsa Pádraig. "Sin é an diabhal agat" ar seisean. "Agus an méid a choiméadann tusa san éagóir" ar seisean, "ós na daoine a thagann chugat-sa isteach sin é ólann é. A bhfeiceann tú an cneas breá atá ann", ar seisean, "a shleamhaine atá sé, agus a chothaithe atá sé?".

"Ó, a Phádraig", ar sise, "díbir é".

"Níl neart agam", arsa Pádraig. "Tá an saol ró-mhaith anso aige", ar seisean. "Agus dá ndíbrinn é bheadh sé chugat isteach arís sara mbeinn-se leathmhíle ón áit seo. Is agat féin atá a dhíbirt".

"Agus conas a dhíbreod-sa é?" arsa an bhean.

"Tá", ar seisean, "na tomhaiseanna agus na potaí a líonadh dos na daoine", ar seisean. "Ní bheidh pioc aige seo le n-ól ansan. Glaofad-sa chugat i gcionn ráithe, agus deirim leat" ar seisean, "gurbh fhuirist é chur chun siúil an uair sin".