An Nollaig im’ óige.

Bhíodh scéal againn mar gheall ar bhean a théadh chuig Faoistin gach aon deireadh seachtaine agus, i gcónaí, d’inseadh sí an peaca céanna. Ar deireadh thiar, theip ar fhoighne an tsagairt agus mhínigh sé di go raibh an peaca úd maite agus dearmad a dhéanamh air.

"Tá’s agam é sin", ar sise, "ach is maith liom bheith ag cuimhneamh air agus ag caint fé!".

Ba mhar an gcéanna liom féin é nuair a hiarradh orm mo chuimhní chinn ar "an Nollaig im’ óige a bhreacadh síos. Ar a shon go bhfuil leisce orm suí síos agus tosnú ag scríobh, is deas an rud é bheith ag smaoineamh siar agus níos deise fós bheith ag smaoineamh ar ocáid thaitneamhach mar an Nollaig. Téann mo chuimhní siar go dtí na Daicheadaí, nuair a bhí an Dara Cogadh faoi lán tseoil. Bhí gach rud gann, an tae, an t’arán, éadaí, soláistí, boinn dos na rothair, na feaigs, ach amháin na WOODBINES agus a lán eile leis, gan amhras. Ach mar sin féin, cheapas go raibh draíocht ag baint leis an Nollaig úd, gach aon phioc chomh maith leis an lá inniú, nuair atá raidhse de gach aon tsort againn go léir.

 

Is fearr rith maith ná droch sheasamh!

Rugadh mé i Victoria Cross i gCorcaigh. Nell Lucey ó Chúl a’Ghrianáin ab ainm do’m mháthair; Nell Pats Lucey a ghlaodh muintir na háite uirthi, is dócha. Fuair m’athair, John Higgins, bás, beannacht Dé leis, nuair a bhíos ceithre bliana d’aois. Cuireadh amach go dtí mo sheanmháthair, Johanna Lucey, mé, ar Bhóthar an Locha, Inse Gheimhleach, chun go mbeadh sós ag mo mháthair bhocht, uaim, ar feadh tamaill tar éis a bris. Bhí beirt uncail liom ann, Jim Pats, Dan Pats agus mo Aintin Peig, Dia go deo leo go léir. Bhíos go brea sona sásta ansiúd, mé im’pheata ceathrar daoine fásta agus le comharsana deasa, na Twomeys ar thaobh amháin agus Lucey the Bogs, muintir Con Joe, cáiliúil, agus Tadhg Cronins ar an dtaobh eile. Bé an ‘scoraíocht-ing’ an nós mór san am agus bhímis thiar ‘s aniar, gach re óiche. Seanchaí iontach ba ea Dinny Twomey agus déarfainn go ndearna scrios ar gach uile ‘record’ reatha, sna hOilimpics, ag teacht abhaile tar éis óiche scéalaíochta, faoi thaibhsí, beansí, madraí móra dubha, headless coaches agus rl.

 

Bail ó Dhia oraibh go léir, a cháirde!

 

Beidh na criticí litríochta um an dtaca so, ag cnáimhseáil agus am cháineadh toisc chomh mall, fadálach is a táim ag teacht ag croí lár an scéil agus an ceart acu! Bhí sagart paróiste againn an uair úd, Fr. O’Neill ab ainm do; bhí an donas air le seanmóin fhada leadránach. Bhíodh sé ag luascadh a láimhe ag leagan béime ar phoinntí tábhachtacha diaganta, a dhrom leis an bpobal agus é dírithe i dtreo na fuinneoige. Leanadh mo shúile é, ar aon chuma, mo smaointe agus mo nhianta, chomh maith, amach an fhuinneog, go dtí páirc peile Andrew Brophy, áit a rabhas, im’ shamhlaíocht, ag deanamh ‘raic’ le solo’s, le dummies, le ciceanna fada, arda, díreacha thar an trasnán. Ba ar éigin a bhí Micheal Ó hEithir in ann coiméad suas, ina thráchtaireacht, ar na gníomhartha gaile agus gaisge úd!

Táim féin chomh holc leis an Fr. O’Neill, céanna anois , is dócha. Ach pé olc maith é nó mé, níl aom amhras ná gurbh é an reiligiún agus an creideamh an chuid ba thábhachtaí, de cheiliúradh na Nollag an uair úd. ‘Bhí Dia laidir agus bhí máthair mhaith aige’ mar a deir Séan F. Ó Cróinín, go minic.

 

Tús áite do chursaí spioradálta

Dob é an príomh dualgas Óiche Nollag ná dul chun faoistine. D’Ordaíodh mo Aintin Peig dos na fir, ag titim na hóiche, bheith ag bogadh leo síos fé dhéin na sráide, le haghaidh faoistine. Bhí cumhacht ag na mná sna laethe sin! Théidis féin i lár an lae, tá’s agat – am níos galanta, b’fhéidir. Ba bhreá liom bheith ag féachaint agus ag moladh na gcoinnle Nollag móra dearga, ag spréacharnaigh sna fuinneoga go léir, ar an mbealach síos. Cheapas go raibh na soillsí ar an dtaobh ó thuaidh des na locha, i nGráig, Tír na Spideoige, Doire Mhéan, Bearna na Gaoithe, Claon Rath agus Céimín go hálainn ar fád. "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn" deir tú.

Ach, dá fheabhas iad, ní raibh siad ionchurtha, in aon chor, leis na soillsí gleoite, ealaíonta sa tsráidbhaile, sna siopaí, Creedons, Lil Ahearne, Charlie Kellehers, Dora’s, Barry Leary’s. Sháraigh an Lake Hotel iad go léir, ámh, le coinneal i ngach ceann des na mílte fuinneaoga go léir a bhí acu – ní dhéantar dearmad, go deo, ar an radharc iontach draíochta sin. Bhí seans ann, fiú, go ndéanfadh, garsún óg, dearmad ar chuid dá pheacai troma agus é ag druidim níos comhgaraí don Séipéal agus an Fhaoistin scanrúil. Cinnte, ní dhéanfainn dearmad ar na píosaí glóthach a ghoid mé nuair a bhí mé ag cabhrú le mo Aintin, an trathnóna sin chun trifle na Nollag d’ullmhú.

 

An Gleann agus a raibh ann

 

Ní dóigh liom go raibh crann Nollag ag éinne an uair sin agus ní chuimhin liom cartaí Nollag ach oiread. Thagadh Fear a Phoist ceart go leor, ach dob é an litir ó Mheiriceá, leis na dolléirí an rud ba thabhachtaí a bhí aige. Neilus Kelleher ab ainm d’ár bhfear poist. Bhí turas fada le déanamh aige, suas Mall, Muine Mhadra, Gort na Carraige, Túirín a’Lobhair, siar agus síos isteach sa Ghleann, chuig Thompsons, Sheas, Kellehers agus a lán eile. Ansin bhí air filleadh ar Bhóthar an Locha, thar Cuar na hAith Thuile, Leath Gníomh, Cotters, Gort na gCnocán, Twomeys, go dtí ar deireadh go Cúl a Ghrianán agus sinnne. Dob iontach an fear é bheith ina sheasamh fós, tar éis braonín i ngach teach! Ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Ní bheidh a leithéid ann arís.

 

Bíonn blas ar an mbeagán.

Ní chuimhin liom, ach óiread, go mbíodh turcaí ag éinne le haghaidh dinnéar na Nollag. Lacha a bhí againn, i gcónaí, ar aon chuma. Bíodh ál lachan againn á bheathú ón Samhradh anall, is dóigh liom agus iad faoi chúram chirce. Dheineadh sí a dícheall dóibh, an créatúr, ach bheadh trua agat don chearc nuair a d’imíodh siad ar snámh uaithí, ar lochán uisce. ‘Culture shock’ a ghlaofaoi ar a leithéid, sa lá atá inniú ann. Déarfainn go raibh gé ag na clanna móra. Bhíodh scata díobh ag roinnt mhaith de na comharsanna, mar d’fheicfeá iad ag gluaiseacht go maordha mórthimpeall na háite. Bhíodh an diabhal ar an ngandal, pé scéal é, mar ní ligfeadh sé leaid óg mar mise, fiú, isteach i gclós na feirme. As sin a d’fhás an ráiteas; "I’ll see you out past the gander!" Bhí géar gá leis, deirim-se leat.

 

‘Ba lúth mo chos is dob ard mo léim’.

 

Rud eile a thaitin go mór liom ná an cuileann agus na caora dearga. Bhíodh gach pictiúr agus fuinneog plódaithe leis. Án "clevvy", an tseilf fhada os cionn an tinteáin, leis na boscaí lán de chnaipí ioldaite agus rudaí tabhachtacha eile, an áit ab fhearr ar fad chun é a charnadh. Bé sin an cúram a bhí orm, an cuileann a aimsiú agus a bhreith abhaile.

D’imínn, go luath, maidin an lae roimh Lá Nollag go dtí an Rinn, sort leathinis, idir na locha, a bhí díreach cosúil le Meiriceá Theas ar an léarscáil, ar fhalla na scoile. Bhíodh Seip, mo shean-chara dhílis, mar chomhluadar agus mar chuideachtain agam. Lá geal, gréine a bhí ann riamh is cóiche, d’réir mo chuimhne, ar a shon go mbíodh leac-oighir, mar phlána gloine ar imeall an locha, ar uairibh. Níor dhein san, ach cur le háilleacht agus draíocht na hocáide. Bhí seans leis go bhfeicfeá dobharchú nó dhó sna díoganna a bhí ag sní isteach sa loch. Uair amháin, thángthas ar liús mór agus é ag iarraidh ceann eile, beagnach chomh mór leis féin, a shlogadh! Chaitheas féin agus Seip tamall fada ag scrudú an iontais sin, deirmse leat.

 

Agus, ó, an t-excitement.

 

Agus bhí Daidí na Nollag ann, an uair sin leis. Bhíodh amhras ar Shíle Dromey, arbh leí an chearta, an mbeadh a Jerry Driscoll, an gabha, ó Baile Dá Chab, i bhfad siar, in ann cruite a dhéanamh dos na fíanna, agus iarainn chomh gann sin i rith an chogaidh is uile, ach dá n-ainneoin sin go léir, ní theipeadh riamh air. Gan amhras ní fhéadfadh sé móran a thógail leis, le eitléain Hitler san aer ina choinnibh. Mar sin féin, bhíodh stoca, fada, geal, ag bun na leapa, i gcónaí agus é lan de rudaí iontacha, mar ‘Snakes and ladders’, feadóga beaga, agus iontas na

n-iontas, Jack in the box.

D’iarr an múinteoir, Miss Twohig, orainn, ár mbréagáin a bhreith ar scoil tar éis na Nollag agus bhí an bord mór plódaithe le gach sort ruda, níos gile agus níos áille ná a chéile. Blíodh an Rang Gaeilge bunaithe orthu – bean chliste, feallsúnaí,leis – bhí suim thar na beartaibh againn sna bréagáin sin, go mór mhór nuair a phiocadh sí suas do bhréagán féin. "Is bosca deas é sin; is bábóg álainn í sin". Ach an lá a d’oscail sí mo bhosca agus a léim Jack amach – ní dóigh liom gur tháinig sí chuichi féin riamh arís ina dhiaidh sin.

 

An Nollaig á bhreith abhaile.

 

Bhí leabhair agus iriseáin agus nuachtáin an-ghann an uair sin, leis, gan amhras. Ach, beidh cuimhne agam go deo, ar mo chroí ag preabadh nuair a thógadh m’Aintín Peig, An Dublin Opinion mór, ramhar, geal na Nollag abhaile, lá an mhargaidh. Bhí spiorad na Nollag le feiscint agus le braith ar an gclúdach, fiú, leis na daoine geal-gáireacha groi, ag damhsa nó ag preabarnaigh le háthas na hócháide. Bé an leathnach ba dheise, im’ thuairimse, ná an ceann go mbíodh an sean-lánún ag tiomáint na trucaille abhaile agus é lán de gach sort sóláiste, idir bia agus dighe. Bhíodar féin lán de spiriod an tseasúir leis, de réir dealraimh! ‘Bringing home The Christmas in Ballyscunnion’, ab ainm dó.

Cheapas go raibh An Holly Bough go hiontach freisin. Bhí scéalta bréatha ann agus léadh m’Aintín dúinn go léir iad ist’ óiche. An óiche go mbíodh braon ‘piuns’ ar bord aici, léadh sí níos fearr iad! Dé ghnáth, ní bhíodh ag na mná ach gloine fíona, déanta as na sméara dubha nó muga stout te le siúcra ann. Liomanáid an taon deoch dos na daoine óga.

 

Lá Nollag féin.

 

Nuair a thángamar abhaile os na Trí Aifrintí(!) théadh Jim Pats agus mé féin agus an madra amach leis an ngunna ar feadh cúpla uair a chloig. Suas an cnoc ar a bhfuil an Chrois anois a théimis. Creabhair coille nó fo-naosgach a bhí le fáil – ní raibh piasúin ann ag an am. Tar éis cúpla ceann a chur sa mhála, thugaimis sciúird ar theach éigin, chun Beannachtaí na Nollag a ghábháil leo. Conn Luceys, Mall, Bill Syl Cotters, Jamie Learys, Kearneys, John Murphy – Bandon nó Johnny Twomeys na tithe ba chomhgaraí, sa chamchúirt thaitneamhách sin. Bhíodh braonín te ag Jim, cáca agus liomanáid agamsa, agus tréimhse scéalaíochta i ngach teach. Bhíodh boladh breá ó pé rud a bhí sa phota ar an dtine acu go léir. Bhí scéal ag Jim Pats - is iomdha scéal seoigh a bhí aige - faoi fhoghlaeraí a ghlaoigh ar theach go raibh lacha bhreá á róstadh ann. Nuair nach raibh bean a tí ag faire, sciobadar an lacha agus d’fhágagar fód móna ina h’ionad! Is baolach go ndeinim gáire fós nuair a smaoiním ar aghaidhte na ndaoine bochta, ochracha, ag baint an clúdach den pota dóibh!

 

Ionsaí na hInse!

 

Bheifeá imníoch ag filleadh abhaile ar eagla go mbeadh ár lacha féin sciobtha ag pleidhchí éigin, ach ní raibh riamh, Buíochas le Dia. Tar éis scrios a dhéanamh ar an lacha chéanna agus ar píseanna blasta na mBaitsiléirí agus ar na prátaí álainne, plúrmhara, théadh na seanóirí a chodladh ar feadh cúpla uaire, chun cabhrú leis an díleaghadh. Théadh na leaids óga fé dhéin Ínse Idir Dhá Fhaill, i gcomhair cluiche péile, áit a mbíodh Connie Lehane, Paddy Herlihy and Patrick Dineen ina ríthe faoi réim ar an ínse. Bheadh an tádh leat dá bhféadfá greim d’fháil ar an bpeil uair nó dhó i rith an tráthnóna ar fad. Agus b’fhéidir go mbeadh an t-ádh níos mó ort gan í fháil in aon chor, mar thiteadh slua anuas ort id’ionsaí agus id’bhrú agus id’bhascadh. Ní haon ionadh, go rabhamar ábalta go maith do dhaoine mar Shéamus Mór Ó Scríbhín, Connie Mary Leary, Micheal agus Séan Sciobtha Ó hÉalaithe, ar fhoireann Uibh Laoighaire ina dhiaidh san!

Is dócha go gcuireann na blianta agus an tsamhlaíocht dallamullóg orainn, ach cheapas ar aon chuma, go raibh An Nollaig im’ óige, go sona aoibhinn agus go raibh lá breá gréine ann i gcónaí. Nollaig Shona dhíbh go léir.