Sean-Fhocail
Tá a lán céille i sean-fhocail ach measaim ná húsaidtear iad chomh minic anois agus a deintí leath-chéad blian ó shoin, ach "is dóich le fear na buile gurb é féin fear na céille". Seo leanas roinnt sampla.
- Nuair a luíonn gé luíonn siad go léir.
- I dtosach na h-aicíde is fusa a leigheas.
- Bíonn blas ar an mbeagán.
- Is fearr súil le béal an chuain na súil le béal na h-uagha.
- An té bhíonn amuich fuarann a chuid.
- Tosach sláinte codladh, deireadh sláinte osna.
- Aithníonn Tadhg Taidhgín.
- Capall na hoibre an bia.
- Is fearr sioc ná síor-bháisteach.
- Is maith le dia cúnamh a fháil.
- Is dána gach madra ag doras a thí féin.
- Is ait an mac as saol.
- Ualach éadtrom e an fhoghlaim.
- Caora mhór an t-uan abhfad.
- Ná bac le mac an bhacaigh ‘is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.
- An té nach bhfuil bólacht ar chnoc aige, bíonn suaimhneas ar sop aige.
- Is fad-saolach iad lucht múchta.
- Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
- Is geal le sos malairt oibre.
- An óige is an amaideacht, is deacair iad a cheannaireacht.
- Pós fear ón iarthar is pósfair an t-iarthar ar fad.
- Is mac leat do mhac go bpósfar ach is iníon leat d’iníon go raghaidh tú sa chré.
- An té a bhíonn thios luíotar cos air, ‘is an té a bhíonn thuas óltar deoch air.
Tongue Twister. (gal = tobacco)
Do thabharfainn-se gal don té a dtabharfadh gal dom nuair a bheadh
gal aige is gan aon ghal agam ach an té ná tabharfadh gal dom nuair a bheadh gal aige is gan aon gal agam ní thabharfainn gal dó nuair a bheadh gal agam is gan aon ghal aige.