Faction Fight - a story in Irish collected in 1938

 

Muintir an Bhunáin versus Muintir an Ghuagáin

 

Schools Manuscript Collection 1938; Keimaneigh National School

 

Cuntas i dtaobh bruighne a fuair Donnacha O’Súilleabháin ó Phádraig Ó Murchú, Gort Luachra, Beal Átha’n Ghaorthaidh. (Fuair Pádraig an scéal seo o’na dheartháir, Domhnall)

 

(Usaidtear an sean-litriú)

 

 

Bhí sé de nós ag muintir an Bhunáin go dtagaidís oíche fé leith sa Ghuagán Barra chun seal ragairne agus óil do bheith aca. Is minic a bhídis ag leigint ortha gur chun paidreoireachta go dtí an t-oileán naofa Fionn Barra a thugaidís ach d’réir mar inneostar dúinn anois is beag cráibhteachta a bhí ag baint leo an tráth san agus gur mó go mór an dúil a bhí acu i dtroid ná i n-úrnaighthe. D’réir dealraimh bhí acrann éigin idir mhuintir an Bhunáín agus muintir an Ghúagáin uair éigin roimhe seo agus bhí an dá dhream ag ullmhú ar feadh ráithe chun go mbeadh troid cheart aca a thaispeáinfeadh ciacu dream ba mhó neart cuisfinne.

Bhí muintir an Ghúagáin ag gearradh maidí Coll agus da stalaghadh i gcomhair oíche na bruighne. Ní raibh mórán fear sáite san obair seo is ar éigin a bhí fiche fear ag gach taobh. Fir dána láidre a bheadh i lucht an Bhunáin , an mhuintir ón bparóiste sin ,an Bunán i n-Iarthar Theas Chiarraí agus ní raibh aon easba carráiste ar na fearaibh a bhí ag troid ón mball seo.

Bhí tosach na hoíche ciúin. Gach dream ‘na sheomra féin ag ól agus ag amhrán ach d’réir mar a ghabhann an scéal sa cheanntar seo b’iad muintir an Bhunáin a thosnaigh an droch-obair. Thug duine de mhuintir an Bhunáin tarcuisne éigin do dhuine ón nGuagan agus thosnuigh an bhruighean as san. Bhíodh muintir an Bhunáin déanta suas ‘na chuid éadaigh Domhnaigh agus báiníní a bhíodh ar mhuintir an Ghúgáín. Chuadar amach ar an bpairc le breacadh an lae-maidin Shamhraidh agus labhair duine on mBunán mar seo,

"Cá bhfuil aon fhear gearbach ó Uibh Laoghaire a throidfidh liomsa ?"

"Mise duine acu !" arsa Tade Sheáin Ó Laoghaire ó Ghort a’ Phludaigh á bhualadh le buille maide agus á shiíneadh ar an bpáirc.

Deirtear go raibh Tade Sheáin an-aicillidhe agus an-chruinn leis an maide. Do cailleadh an fear céadna timpeall ceithre bliain o shoin i naois a seacht mbliadhna déag agus cheithre ficid. Thosnaig gach éinne ag bualadh ansan agus deirtear go raibh dhá mhaide ag cuid aca á laimhseáil , ag cosaint leis an láimh chlé agus ag tarrac leis an láimh ndeis. Bhí an lá ag muintír an Ghuagáin mar bhíodar ró oilte sa troid den mhuintir eile. Bhí cuid de mhuintir an Bhunáin laetheanta gan dul abhaile bhíodar chomh bascaithe sin agus roinnt de mhuintir na háite seo tinn go maith ar feadh tamaill.

Tá sé ráite gur chuir an sagart stop le h-aon bhailiughadh a bheith sa Ghúgán a thuille agus d’éirigh leis mar chomhfhada agus is eol d’aon duine críona san áit ní raibh aon bhruighean mar sin ann ó shoin anuas.