Dúthaigh an Ghaorthaidh

 

Thug Donnchadha Ó Luasaigh, Béal Átha’n Ghaorthaidh, an leacht seo ag Daon Scoil Na Mumhan i Gúgán Barra, Co. Chorcaí , 7ú Deireadh Fómhair, 2000.

 

Cois an Ghaorthaidh is bréatha in Éirinn agus is áille ar abhainn

Mil is céir-bheach, tortha ar ghéagaibh agus úlla ar chrann;

Chloisfead aoinne cantain éan a bheadh míle ón mball

Cnó buí agus caora ar barraí géaga ag fás go Samhain.

 

Aon duine a éistfheadh leis an véarsa amhráin san cheapfadh sé gur méanar don té go bhfuil cónaí air cois an Ghaorthaidh mar ná fuil in Éirinn áit is bréatha ná an taobh seo tíre. Cuireann na línte seo as an amhrán eile san "Bruach na Laoi" leis an dtuairim sin.

 

Bhí geánna ar linn ann, míoltha agus mearaphoic,

Éisc ag tíocht de dhruim gach caise acu,

Naoscaigh, faoilinn, sceimheal de lachannaibh

Ag tíocht gan eagla a trácht on spéir.

Tá iontas éigin éan ná feadarsa

Ag déanamh neaduigthe ar bharr na ngéag,

An fiolar agus an chuach gus mórchuid eatartha

Go suanmhar seascair fé scáth na gcraobh,

An druid agus an creabhair ar chrann eile in aice sin,

An chéirseach sleamhain is an seabhach breá beatuithe

Cáig is colúir ina dtrupaibh ag taisdeal ann,

Is na smólaigh bhreaca ar a n-úbhar féigh.

 

Dúthaigh lán de mhaitheasaí , de thorthúlacht, d’áilleacht agus de cheol an dúlra Bruach na Laoi agus Dúthaigh an Ghaorthaidh, de réir na h-amhráin san; amhráin atá fé ardmheas sa bhall so; iad na h-amhráin Náisiúnta don áit.

Cad é de stad a baineadh asam mar sin nuair a tháinig sé chun mo thuisceana nach don nGaorthadh so fúinn a thagraíonn maitheasaí na namhrán ach don nGaorthadh so soir uainn, an Gaorthadh gan crann, iad gearrtha d’aon ghnó agus an gleann báite ag an ESB chun taiscumar uisce a chur ar fáil dos na stáisiúin ginte ar Charraig an Droichid agus Inis Carra, an Gaorthadh céanna is atá i gceist san amhrán Béarla san -

 

As I travelled one day to Geragh Bridge ………

 

An Gaorthadh atá anois go mór i mbéalaibh éan eolaithe agus eiceolaithe, a mbuíochas san do Kevin Corcoran i Macromtha agus a bhuíochas do fear ó Chill na Martra, Seán Máistir Ó Conaill, a scríobh "Ar Bhruach na Laoi". Déarfá gur fada ón Laoi é Cill na Martra, gur mó an bhaint a bheadh aige leis an dTonn nó leis an Solán , ritheann an Tonn isteach sa Laoi i mbéal an Ghaorthaidh thoir, go deimhin d’fhéadfadh smut den Ghaorthadh a bheith sa pharóiste Cill na Martra, mar sin ceapaim gur don áit thoir a bheadh níos cóngaraí don bhfile atá an t-amhrán ag tagairt.

Le déanaí agus Cois an Ghaorthaidh á léamh agam thógas ceann den véarsa so;

 

Nach dubhach saósmhar atá an Laoi seo ag gabháil eadaraibh aniar

Ina tulca ag cóisgear de bharr liagrach gan ceo geal niamh

Níl inseacha lena taoibh ann ná pór breá ar féar

Ach barra fraoigh ar charraig aoird ann is mothruas bhur dtréad.

 

Go deimhin, sin é an véarsa a thagraíonn don nGaorthadh atá fé chaibidil againn agus ní ró-bhreá, ní ró-thorthúil, ní ró-rathmhar, ní ró-séanmhar an pictiúir í. Féach na focail agus na hiomhánna a cuirtear os ár gcomhair - carraig aoird, liagracha, tulcaí ag cóisgear, dubhach, saósmhar, agus féach mar a chríochnaíonn sé "mo thruas bhúr dtréad".

 

Lonnú Cois An Ghaorthaidh

Sea, dúthaigh bocht is ea dúthaigh an Ghaorthaidh, bocht ó thaobh tailimh dhe, ach go háirithe. Cuireann sé sin an scéal i gcuimhne dom i dtaobh an tsagairt a cuireadh chun na paróiste uair. Casadh fear de chuid na háite air agus thosaigh siad ag caint. Tháinig sos sa chaint agus chaith an sagart a shúil ina thimpeall, gan cuimhneamh dúirt sé "O God, isn’t the land very bad". D’fhéach an paróisteánach air féachaint an le hachasán, le mór-is-fiú nó le símplíocht a dhein sé an chaint. Meáigh lena shúile é agus ansan deir sé "Well, to tell you the truth Bíodh san mar atá. Dá mhéid carraig atá sa dúthaigh níor stop san daoine ó lonnú anso ó thosach aimsire."

Gur chuireadar fúthu anseo, is léir ós na liosanna agus ós na rátha in ár dtimpeall, go ndúradar a bpaidreacha is léir mar tá ciorcaill cloí sa cheantar agus nuair a cailleadh iad inseann na galláin agus na cromleaca dúinn gur adhlacadh iad cois an Ghaorthaidh. Cois an Ghaorthaidh a deirim agus ní sa Ghaortha mar a léiríonnn suíomh na leacht gur choinníbh na lonnathóirí luatha so an talamh árd chúchu féin.

Agus go raibh daoine suimiúla ina measc is léir ós na hainmneacha atá fágtha mar oidhreacht againn - Rí agus a bhord féin aige i nDoire Mhá Chóirnín, Bord an Rí, Gaiscíoch agus áit cónaithe dá gcuid féin aige - Ráth an Ghaiscígh, agus cad déarfá le, béal dorais linn anso Uaigh an Fhathaigh.

Go mbíodh Fianna Éireann ag fiach agus ag fiana choscairt dóibh féin sa Ghaorthadh agus gur bhaineadar sú agus súghlach as an tseilg, is léir ós na cúig cinn d’Fhualacta Fia atá os cionn an Ghaorthaidh. Don té ná tuigeann, - " pressure cooker" na Féinne ab ea an Fulachta Fia. Deireann Smith’s "History Of Cork" fén bhfearann ag an am,

 

This country was all a forest. The woods consisted of large oak,

Birch, alder, some ash and manyyews of as great a bulk as the largest oak. Great quantities of fir are still taken out of thr turf bogs. This forest was then stored with red and fallow deer and abounded with great ayries of excellent hawks.

 

Deir Máire Uí Léime in irisleabhar an Chumainn Áitiúil Staire go raibh an Fulachta Fia san in úsáid sa cheanntar so 3,500 bliain ó shin - mar sin is fada daoine cois an Ghaorthaidh nó b’fhéidir gur cirte a rá ós a chionn. Nuair a smaoiníonn tú ná fuilimíd ach trí mhíle dhéag ón bhfarraige mar a imíonn an t-éan - ó cheann Bá Bheanntraí , ceann des na bánna is gleoite agus is doimhne san Eoraip, seans go míníonn san an scéal - gurb taistealaithe chugainn thar farraige aneas, refugees, dar ndóigh na lonnathóirí luatha so cois an Ghaorthaidh.

 

Ní fios ar thug Fionn mac Cumhaill féin turas ar an nGaortha riamh, nó ar chaith sé féasta Cois an Ghaorthaidh ach is mac mic le Conán Maol, ar a dtugtaí Dubhán Mac Cais MhicConáin a cuireadh fé Ghallán mór Bhán an Teampaill agus go ndeirtí anso mór-thimpeall, ach go háirithe, ina thaobh gurb é an gallán ab aoirde in Éirinn. Nuair a leagadh an Gallán ar lár le linn rabhartaí na Féile Pádraig 85, ghlacas leis an bhfaill agus thósas an Gallán. Bhí sé 22 troigh ar fhaid, 4 troigh ar leithead agus 1 go leith troigh ar tiús. Chloisinn na seandaoine á rá nach raibh os cionn tailimh den ghallán ach a dhá thrian mar nár mhór aon trian a bheith shíos chun go seasfadh an chloch in aghaidh stoirmeacha an dubhlúchair agus síon na mbleag. Cad é mar iontas a bhí orm más ea a fháil amach nach raibh fén dtalamh den dá throigh ar fhicid ach dhá go leith troigh. Is é an t-iontas más ea nách fadó riamh a thit an gallán nó níos iontaí fós b’fhéidir an fhaid a chaith sé ina seasamh.

Bhuel, pé acu a thug Fionn Mac Cumhaill cuairt orainn nó nár thug agus d’fhéadfhadh sé bheith ar an sochraid, is baolach gur fhan Diarmuid agus Gráinne ar a cama-chuairt Éireann, i bhfad amach uainn, mar leaba Dhiarmada nó go fiú leaba Ghráinne féin níl againn - an ceann is congaraí dúinn tá sí i nGleann Daimh fé bhun Mhullaigh an Ois.

 

When St. Patrick was living in Ulster

He thought to the south he’d come down -

And where do you think he took lodgings -

 

Ach oiread le Diarmuid agus Gráinne níor tháinig Pádraig Aspal, ná aoinne uaidh riamh chun an Ghaorthaidh, ná níl aon trácht ar shéipéal sa Ghaorthadh i nDoiceamad an Phápa 1199. Mar sin d’fhéadaimís bheith ag ceapadh go raibh saol breá nádúrtha fé shó pháganta á chaitheamh cois an Ghaorthaidh ar feadh na mílte blian murach iarsma bídeach stairiúil agus písín béaloideasa.

 

Suíomh mór eaglaise ins an ‘Chill Mhór’!!

 

I bpáirc cois locha tamall lastoir de shráid Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, le linn d’obair dhraenála a bheith ar siúl thit píosa den bpáirc i bpoll. Cuireadh fios ar na seandálaithe ó Ollscoil Chorcaí a dúirt gur póirsí fé thalamh - souterrains fé ndeara na titime. Sa bhliain 1997 aimsíodh ábhar airgid a chur ar cumas eolaithe ó Ghlascú an suíomh a thocailt. Dúradar san gur suíomh mór eaglaise ón 6ú - 7ú céad a bhí sa bhall ach go raibh an cuma ar an scéal ná raibh an áit ró-fhada in úsáid. An é go raibh ganntanas anamnacha cois an Ghaorthaidh agus nách raibh dóthain oibre dos na manaigh sa bhall, nó an é go raibh nós na págantachta imithe go smior sna háitreabhaigh agus gurbh í an chluas bhodhar a thugadar dos na manaigh, arbh é gur ionsuigh na págánaigh na manaigh agus gur theitheadar lena n-anam nó arbh amhlaidh gur chuir an Máistir Mór ladar sa scéal, a mhairbh na manaigh le galar nó pláigh le seans a thabhairt do ghasra an Ghaorthaidh maireachtaint leo tamall eile fé só na págántachta. Ní fios mura gcuireann an Cruthaitheoir lámh sa scéal arís agus ábhar eile airgid a chur i dtreo an Chumainn Staire a chuirfeadh ar a gcumas tuille tochailte a dhéanamh.

De réir an Bhéiloidis, áfach, bhí suíomh nó cill ar an láthair ag Naomh Rónáin agus go deimhin bé an nós leanaí nár baisteadh a chur sa taobh theas den bpáirc, ar ar tugadh Cillín Leasa Rónáin, go dtí nár n-am féin. Is dóichí chomh maith cliú a bheith sa logainm agus gurb cirte an "Chill Mhór" a thabhairt ar an mbaile seochas an "Choill Mhór" mar tugtar de ghnáth.

Níor chuir na págánaigh ná na Críostaithe isteach ró-mhór ar a chéile ná ar an nGaorthadh mar sin i gcaitheamh na mbliana. Fágadh é sin fén gcéad dream refugees eile a tháinig an treo i dtosach na mílaoise seo caite - muintir Laoire.

Muintir Uí Laoire

Teifigh ab ea muintir Laoire ó Ros ó gCairbre. D’íbir na Coileánaigh agus na Donnbhánaigh iad agus bhíodar san ina dteifigh iad féin ó chois Má i gCo. Luimní áit as ar d’íbir na Normannaigh iad. Ní fios cén fháilte a chuirfí roimis na teifigh seo inniu ach chuir Tiarna an ama - Mac Uí Fhloinn, go raibh caisleán i MaCromtha aige - ní Lynch’s Lodge - fáilte rompu go Múscraí agus thug píosa deas tailimh dóibh ar an dtaobh so de MaCromtha idir an Laoi agus an Tonn.

Lastoir díobh bhí an Gaortha san gur labhras ina thaobh i dtosach na cainte seo. Gaortha chomh maith a bhí ag síneadh fad a radhairce siar uathu go bun na gcnoc anseo inár dtimpeall. Tá an focal Gaortha fé trí sna logainmneacha anso inár dtimpeall: Gaortha na Péice - Gaortha an Tornóra - Béal Átha’n Ghaorthaidh. Na crainn a leagadh agus na gaorthaí seo a thabhairt chun míntíreachais an obair mhór a leag muintir Laoire rompu. Críostaithe ab ea na Laoirigh seo a ghlac go croí teagasc a dTiarna, "síolraigh agus leathnúigh". Chuireadar chun oibre le flosc agus le dúthracht. Fén mbliain 1600 aithníodh ar a laghad dhá chlann ar fhichid ar an dtréibh. Orthu san bhí an Clann Buí, an Clann Breac, An Clann Bolgach, An Clann Céadach, An Clann Ceithearnach, An Clann Clogach, Laoire Dána, Laoire Dorcha, Laoire Dúileach, Laoire Rua, Laoire Riabhach, Laoire Rúntach gan trácht ar Laoire na Mocheirí, ná ar Laoire Gaelach.

Sea, shíolraíodar, ach ní hamháin gur shíolraíodar, leathnaíodar. Fén mbliain 1600 bhí 272 gníomh tailimh ina gcúram - 35,000 n-acraí agus an gabháltas san i seilbh cúigear déag ar fhicid den dtreibh - 1,000 acra an duine dá mbeadh an roinnt cothrom - rud ná raibh mar bhí caisleán ag an dTaoiseach agus acraí sa bhreis, caisleán ag an dTánaiste agus caisleán ag an Iar-Thaoiseach a fágadh aige nuair a thug sé suas a phost - rud a chur bun leis an nós sa tír seo an Merc agus an tiománaí a fhágaint ag iar -thaoisigh Stát go gcailltear iad.

Sea, más ea, deir Diarmuid Ó Murchú ina leabhar "Family Names of Co. Cork" - "reading between the cold lines of official statistics we catch here a glimpse of what must have been one of the most tightly knit and deep-rooted of the old Gaelic Clans to have survived into the mid 17th century. These 35 were, of course, the landowning aristocracy and no doubt there were many O’Leary families of tradesmen and workmen as well. Their most favoured Christian names were Conchúr, Diarmuid agus Donnchadh.

Tá gabháltaisí agus gabháltaisí ann amh. Mar seo a deireann an Civil Survey fé ghabháltas na Laoireach

"The generality of the soil is for the most part barren, rocky, red bog and shrubby wood. Here are good store of timber lying near the loch of Lough Allua ……

Rud a léiríonn nach raibh an Gaortha ar fad ceannsuithe fén mbliain 1600.

Galldú an Ghaorthaidh

Ag an bpointe seo agus muintir Laoire i mbarr maitheasa mar a léiríonn na caisleáin, a buaileadh Cath Cionn tSáile. Lean an Laoireach an Cárrthach a lean an Niallach go Cionn tSáile. Dá bharr so bhain Séamus 1 a gcuid de mhuintir Laoire ach ní rabhadar gan ghradam mar d’fhreastal taoiseach na treibhe, Domhnall Mac Airt Óg ar an gComhdháil i gCill Choinnigh. Sa bhliain 1643 tugadh méirligh ar sheisear déag den dtreibh. Chríochnaigh Cromail a thosnaigh Séamus 1. Thit dhá cheann de Caisleán na Laoireach le saighdiúirí Broghill agus cuireadh garasún sa 3ú ceann. Baineadh 272 ghníomh de mhuintir Laoire agus aistríodh taoiseach na treibhe, Domhnall in aois a 5 bliain agus 4 fichid go Co. an Chláir. Mar seo a deirtear i Civil Survey na bliana 1654.

"There are three castles in this parish, 2 wherof are demolished … no other buildings …. Not so much as an Irish cabin".

Mar sin in aon leath céad bliain amháin cuireadh saothar agus obair agus dúthracht na 400 bliain roimis ar ceal. Tar éis Cogaidh an Dá Rí, díoladh an 272 ghníomh leis an Hollow Sword Blade Corp. agus nuair a leogadar san an talamh ar cíos ní raibh mórán de mhuintir Laoire ina dtonóntaithe acu.

Ag an bpointe seo mar sin a thosnaigh Galldú an Ghaorthaidh. Gaill ó thaobh teangan agus ó thaobh creidimh de ab ea a lán des na daoine a fuair tailte na Laoireach. Ní raibh aon Protastúnach sa dúthaigh seo agus is dóichí ná raibh aon Bhéarla á labhairt inti sa bhliain 1700. Fén mbliain 1766 ámh bhí 123 Protastúnach cláraithe sa Pharóiste agus Silver Grove á thabhairt ar Doire an Airgid, Boyslegrove ar Dromcarra agus Hedgefield ar na Millíní. B’sin dar ndóigh, ag buíon na mbolg mór - lucht ite an phóirce Dé hAoine. D’fhan dream an éisc Dé haoine, dá mbeadh an t-iasc acu, dílis dá dteangain dúchais ar feadh tamaill eile agus dá gcreideamh go dtí an lá atá inniu féin ann.

Is léir ón dtuairisc seo san Statistical Survey of the Co. of Cork ná raibh aon dul chun chinn ró-mhór déanta ag an mBéarla sa Ghaorthadh fén mbliain 1810.

"The people of this district are partly clothed in woollens of their own manufacture …. Great numbers of them are still ignorant of the English language".

 

Agus i dtréadlitir a chuir an tEasbog Ó Murchú go dtí sagart na paróiste sa bhliain 1817 agus aon duine a thabharfadh turas an Ghúgáin á chur fé choinnealbhá aige, dúirt sé –

"You are requested by the Bishop to fulminate the following sentence of excommunication from each of your altars …. And to read and explain in Irish to your flocks the following Pastoral letter".

 

Rud a thaispéanann gurbh í an Ghaelainn teanga an Ghaorthaidh sa bhliain 1817. Ach bhí an t-athrú ag teacht agus ag teacht go pras. Is léir gur chabhraigh na bunscoileanna a bunaíodh cois an Ghaorthaidh leis an athrú san a thabhairt i gcrích. Éist leis an tuairisc seo a thug Windele ar fheirmeoir in Inse an Fhosaigh gur bhuail sé isteach chuige le linn do turas a thabhairt ar Ghúgán Barra sa bhliain 1827.

 

"Foremost amongst the wants of the proprietor, a hale, stout, good-natured looking fellow, he placed his ignorance of the English tongue. We found him to think that English should be the language of a man of substance - the tongue of farmers and gentlemen - while a poor man, a labourer might content himself with Irish". "Whenever", said he "I hear English spoken, I admire the good fortune of the speaker, and feel regret at my own ignorance, but since it is too late for me now to help myself, I have resolved at least that my children shall learn it; for which purpose I keep them constantly at the school of Bellaghnagearaigh, and allow them to speak but as little Irish at home as possible".

 

Agus ansan cuireann Windele agaisín dá gcuid féin le caint an fheirmeora - aguisín an-oiriúnach, dar liom; "This opinion is become quite prevalent among our peasantry".

Tá dhá rud léirithe ansan, dar liom ó thaobh dul chun cinn an Bhéarla cois an Ghaorthaidh. Tá, mar adúrt, tionchar na mbunscoileanna agus tá meon aigne i gceist, chomh maith. An meon a cheanglaíonn Gaelainn agus bochtanas lena chéile, - "a poor man", a deir sé, "might content himself with Irish", agus dála an scéil, féach mar a cheanglaíonn sé an fheirmeoireacht leis an uaisleacht - "the tongue of farmers and gentlemen - men of substance"- agus an drochmheas a léirítear ar an bhfear gan talamh – "a poor man, a labourer".

Nárbh ró-árd os cionn cac na circe é féin, dar le Windele, an t-iorón ar fad. "This opinion is quite prevalent among our peasantry".

Dar ndóigh, do lean an meoin nó na meonta san anuas go dtí ár n’am féin geall leis. Seo mar a scríobh Seán Ó Coindealbháin sna fichidí - abair 100 bliain tar éis Windele.

"For those who have been in Ballingeary, and in similar Irish speaking districts, know what contempt many, if not most, of the native speakers of Irish had for their native tongue and how their highest aim was to try "to spake English and be dacint".

An dearcadh, so ach go háirithe, dar liom fé ndear nach raibh baile fearann amháin, go bhfios dom, cois an Ghaorthaidh nach raibh aon Bhéarla ag a muintir i dtosach an chéid seo caite.

Coláiste Na Mumhan

Ag an bpointe sin thainig cor sa scéal. Ag Feis na Mumhan, a tinóladh sa bhliain 1903 i gcathair Chorcaí, socráoidh go gcuirfí Coláiste Múimteoireachta ar bun "chun cainteoirí Gaeilge d’ollamhú i gcoir múinteoireachta na teangan" Cois an Ghaorthaidh a cuireadh an Coláiste Múinteoireachta ar bun. Thug seo mórán stróinséirí cois an Ghaorthaidh "who admired the good fortune of the speaker" go raibh an Ghaelainn ó dhúchás aige. Daoine fásta (na mhic leinn) ab ea iad ar fad . Daoine cáiliúla alán acu, tírghráthoirí, polaitaiceoirí agus óghlaigh ina meascagus an uair sin b’ionnan iad - agus alán sagart. Sagairt, ach go hairithe, a bhí i mbun an léinn/na gcúrsaí a thabhairt. Orthu sin a bhí An Dr. Ristéard Ó Dalaígh, (Astrálach agus sagairt) " an erratic genius, so brilliant that he was teaching the Gaels of Ireland their Gaelic". An Dr. de hIndeberg, ollamh le Cheiltís in Ollscoil Chorcaí, An tAth. Gearóid Ó Nualláin, ollamh i Maá Nuat, uncail le Myles Na gCopaleen agus a deartháir, Ciarán agus an tAth. Padraig Ó Duinnín.

Árd Easpag Chaisil agus comheaspag Rómhánacha sa Mhumhán ar fád a bhí ina bpatrúin ar obair an Choláiste agus chuir a bfhormhór a lamh ina bpocaí agus thug síntuis.

‘Na dteannta san bhí ceithre sagart, an tAt. Aibhistín ina measc, ar bhórd bhainistíochta an Choláiste.

Ar na daoine cailiula a chaith tamall cois an Ghaorthaidh sna blianta tosaigh san agus ba liosta le haireamh iad go leír – Tomás MacDonnchadha, sínitheoir forógra na Casca; Brian Ó hÚiginn (cártaí), Tomás Mac Cúrtáin, Árd Mheara Chorcaí; Mrs. Cruise O’Brien; An Seabhac; Eilís Ní Flannagáin, driofúr cheile De Valera; gan tracht ar Franncaigh, Danair, Iodálaig agus daoine eile a thainig i bhfad agus i gcéin – ag triall ar an nGaortha.

Bhíodh na scolairí seo, daoine fásta ar fad, ag dul i measc na ndaoiní ag piocadh seanfhocail, frásanna agus nathanna Gaelainne uathu agus sa tslí sin cothaiodh meas arís ar an gcainteoir dúchais agus mórtas sa chainnteoir féin. Ist’óiche bhiodh scoraíocht ar a fhreastalaiodh muintir na háite chomh maith le lucht an Choláiste agus bhíodh ana mheas ar amhránaithe, sceálaithe agus seanchaith áitiúla mar mhíreanna idir, mar shampla, Fallaí Luiminí agus An Cor Seisear-deag.

Sa tslí seo d’imig cáil an nGaorthaidh i bhfad agus i ngearr. Leathnáiodh eolas ar, ach go háirithe, amhrán áitiúla. Cath Cheim an Fhia mar shampla, agus Cois an Ghaorthaidg. Clóbhuaileadh a lán acu sa leabhar breá san Ceol Ár Sinnsear, go háirithre de bharr tionchár Áine Uí Raghallaig, "the only lady professor of tradional singing in Ballingeary Irish College, Co. Cork" a deir an reamhrá.

D’ar ndóigh aon áit go mbionn cuairteoirí bíonn cóir (catering) ag teastáil agus mar sin d’fhás tionscal deas cois an Ghaorthaidh ag freastal ar lucht an Choláiste – an rud ar a dtabharfaí anois "cultural tourism – rud a chabhraigh go mór le heachnamaiocht na háite agus a d’ardaigh caighdeán tithióchta agus coiríochta sa cheanntar. Deir broísiúr os na triochadaí

"As many residents mainly depend for their livelyhood on success in this respect, efficent catering for strangers has of necessity become a speciality"

Cé go nduairt ó chianaibh nárbh fholáir nó go raibh dea thionchar ag an dtionscnamh seo ar mheoin an phobail i leith na Gaelainne thátar ann leis a deir gur droch-thioncar a bhí ag búnú an Choláiste ar staid na Gaelainne sa cheanntar mar gur thapaig gasra an Ghaorthaidh a ndeis chun Béarla a fhoghlaim os na scolairí a bhí ar aíocht ina measc. D’fhás an meoin chomh maith, meon éadhmhar, b’fheidie a chothaig an ráiteas "Why should I speak Irish. I’m getting nothing out of it," nó "What’s he getting out of it?" Táthar ann dá réir a deir ná beadh focal Gaelainne le clos anois sa ghaorthadh murach na pinginí atá fós le tuilleamh trí Choláiste Na Mumhan.

Ach tá an meon san leis ag athrú mar níl einne anois cois an Ghaorthaidh ag brath ar an gColáiste mar phríomhfhoinnse ioncaim.

An fheirmeoireacht, ó tháinig muintir Laoire 800 gcéad bliain ó shin, go dtí an lá atá inniu ann an príomhfhoinnse ioncaim sa Ghaorthadh seo ach toisc meádú na ngabháltas agus a bhfuil de mheaisíní ar fáil níl an líon ceánna gafa leis an dtalamh agus a bhíodh. Mar sin féin níl einne dífhostaithe, ná ag thógaint an bháid, mar tá obair le fail i monarchain an Udaráis dos na fhearaibh ach go háirithe, i mBaile Bhúirne agus d’á ggceílí anseo sa Ghaortha. Tugann seo dhá fhoinse ioncaim do ghac tigh – rud a chuireann an athás ar Charlie McCreevy, mar anois bíonn sé ag bailiú ó ghasra an ghaorthaidh, in ionad bheith ag tabhairt, mar a bhí leis na blianta.

An glúin seo

Mar sin níl cúrsaí bocht ná chomh hainneis ag an nglúin seo cois an Ghaorthaidg ‘s a bhí ag na glúinte go leir rompu siar amach. Fiú amháin ó thailimh de, cé go bhfuil na cairreacha agus na liagracha fós inár dtimpeall, tá alán acu glanta chun siúil nó curtha fé chré le hineallra nua aimseartha agus cintionn an 10-10-20 go mbíonn rraidhse féir glais idir na liag.

So, murab féin é an ghaortha seo fuinn atá i gceist san "amhrán naisiunta" sin a bhí i dtosach an alt seo, b’féidir gur cirte, agus sinn i dtosach na mílaoise nua, na línte ann a thagairt don ghaortha fuínn ná don ngaortha báite thoir.

Cois an ghaorthaidh is breáthha ‘n Éirinn ‘s áille na habhann,

Mil ‘is ceirbheach, torth’ ar gheágaibh agus úlla ar chrann.

Bhuel, , go bhfois dómhsa, ní raibh na húllórda riamh ró-fhlúirseach anseo timpeall, ach tá corr chruiceog fós sa ghaortha agus i mbliana bhí na smeara dubha go súmhar, lionmhar; tá na cnoite buí á bpiocadh ag na leanaí agus mé ag scriobh; tá caortha craobhdearga ar nan gcaorthainn le tamall; tá na sceachoídí iomadúil agus cheanna féin tá na caora cuilinn ag cronadh. Tá na cáig, na colúír agus na seabhaic chomh beathuithe ‘s a bhíodar ag Seán Maistir; an chéirseach comh sliochta, sleamhain agus a bhí a’riamh, cé go bhfeicfeá go minic ceann i do chosán, na coisíní san aer aici, a boilgín lan le ceimicí nár oir di. Ach tá ceolna néan i gconaí sa ghaortha, cé go bhfuilidh in ár measc a deir gur deise de cheol "cling na bpinginí sa till"

Óm’ tháobh féin de, sé an ceol is binne ar fad atá fós le clos cois an ghaorthaidh ná focail Gaelainne nuair a cloistear iad á stealladh as béil pháiste. Gura fada an ceol san in ár measc.