Donnchadh Ó Croinín ar a theicheadh i bfaill na Sróine i n-aice an Gúgáin Barra

 

Scéal a fuair Donnacha Ó Súilleabháin O.S., Céim An Fhia ó Pádraig Ó Murchadha, (Patsy Kit), Gort Luachra i 1938. Fuair Pádraig an sgéal seo ó ‘na drithaír Dómnall

(Usaidtear an sean-litriú)

 

Bhí fear gurbh ainm dó Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí i nGoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de Bhéal Átha’n Ghaorthaidh. Thug máthair Dhonnchadh airgead ar iasacht do mhuinntir Chárthaig a bhí na gcomnaidhe ar Gort na Scairte timcheall míle taobh theas de Charraig an Adhmaid (Baile Mhuirne). Bhí sé ag teip ar mhuinntir Chróinín iacaint a chuir ar mhuinntir Chartaig an t-airgead d’ais-íoc dtaobh is gur iarradar go minic é. Shocruigh Donnchadh Ó Cróinín go dtógfadh sé roinnt beithidheach i n-ionad an airgid.

Seo é fé dhéin Ghort na Scairte é maidin áirithe agus beirt fhear eile na theannta. Tharla gur rug sé a ghunna leis agus nuair a bhí an triúr ag tiomáint na mbeithideach abhaile tháiníg an mhuinntir thuaidh ag sárugadh an stuic. Sa bhruighean dóibh do chaith Donnchadh urchar agus mhairbh sé beirt de mhuinntir Chárthaigh. Thug sé féin agus a chomradaithe aghaidh ar an mbaile agus chuaidh Donnchadh ar a theicheadh i mbéilic ar fhailltreachaibh an Ghuagáin i n-áit nárbh fhéidir teacht suas leis.

 

Chaith sé cúig bhliadhna dá shaoghal ann go dtí go raibh sé tuirseach tnáithte agus sa deireadh cheap gur b’é an rud ab fhearra dhó dhéanamh ná é féin a thabhairt suas. Bhí an Barrach ‘na chomhnaide i gCill Barra i bparóiste Uibh Laoghaire an uair sin agus chuir Donnchadh sgéal chuige go raibh sé socair aige é féin a thabhairt suas. Leig an Barrach scéalta chuige é féin a thabhairt suas do féinidh agus go dtabharfadh sé saor é. Dubhairt sé leis bualadh uime féinidh i gceardchain i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus an gunna a thabhairt leis. Bhí Donnchadh ann. Tháinig an Barrach isteach sa chéardchain agus nuair a chonnaic sé Donnchadh istigh sé an chéad rud a dein sé ná breith ar an ngunna i láimh leis agus an láimh eile a chuir ar ghualainn Chróinín agus a rádh,

"Táim-se ‘d thógaint id’ phríosúnach, caithfir dul liom-sa."

"Ó raghad !" a dubhairt Donnchadh.

Chuir sé ar mhuin a chapaill féin é agus thóg leis go Cill Barra é. Bhí drithaír ag an mBarrach sa tigh ‘na theannta ná raibh aon tsaidhbhreas aige. Bhí sé ‘na sheasamh amuigh nuair a ghaibh Donnchadh agus an Barrach tairis isteach.

"Dia leath-sa a Cróinín" ar seisean, "sin bóthair na geobair-se siar a’ tuille. Mo thruagh-sa an té a chuir láimh ionat, ach ní h-aon truaigh é ach a clann agus clann a clainne." Thug an Barrach é go Corcaigh agus chuireadh isteach sa príosún é. Tháinig lá na trialach agus sé an Barrach an chéad fhear a labhair ‘na páirt ach má labhair do labhair an "Cárthach Spáinneach" na choinnibh.

"A Bharraigh do fuairse breab chun an fir seo do thabhairt isteach agus oireann duit breab eile d’fághail anois chun é bhreith amach. Aon fhear eile a labharfaidh focal ‘na páirt caithfidh sé mise troid le piostol."

Bhí sé de thiodol aige gunna a thabhairt leis isteach sa cúirt. Nuair a bhí an triail ar siubal d’iompuigh an "Cárthach Spáinneach" ar Mhac Uí Cróinín a bhí i mbraighdeanas , mar is dócha go raibh an Cróiníneach a d’iarraidh a thabairt amach gur le tionóisc a marbuigheadh an bheirt fear, agus dubhairt,

"Is maith a bhí fhios agat féin cad a dhéanfadh do lámh, an fear a lágfadh an fiolar ar Mhaolach an Chuma Ruaidh ón mbéilic agus na Géadhna fiáine ar loch an Guagáin."

Deineadh é daoradh ar an neomat san agus tugadh breith crochta air, ar an láthair sin.