DONNCHADA AN DEITHEANAIS

 

le TADHG Ó SUÍBHNE.

 

 

 

Donnchada an Deitheanais ab’ ainm dó, nó chun na fírinne a ínsint, b’in é an t’ainm a thugadh muintir na h’áite air, ós rud é go mbíodh deithneas i gcónaí air, pé rud a bhíodh ‘á dhéanamh aige. Ní dóigh liom gur dhéin sé aon rud riamh ar a shuaimhneas ach b’fhéidir codladh. Bhíodh sé i’na shuí go moch gach maidin mar do bhíodh eagla air nách mbéadh an lá fada a dhóthain chun oibreacha a’ lae a chríochnú. Bhí tímpeall seisear clainne aige agus bhíodh ortha súd rith chómh maith nuair a thugadh sé rud éigin le déanamh dóibh.

Bhí feirm bheag dheas aige ar thaobh a’ chnoic gar de’n tsráid agus is ann a bhí sé féin ‘is a mhac lá breá Samhraidh roinnt mhaith blianta ó shin, ag sábháil féir sa mhóinéar. Tímpeall lár a’ laé chuímhnig sé go h’obann go raibh sochraid sa tsraid nárbh fholáir dhó freastal air. Do rith sé isteach abhaile agus do bhéic sé ar a iníon, cupán tae a dhéanamh dó, faid a bheadh sé á bhearradh féin agus ag athrú a chuid éadaig. D’ól sé leath an chupáin, rith sé amach sa chlós agus do léim sé ar a rothar féin a bhí ‘na sheasamh i gcoinne an fhalla. Cuireadh stop lena deithneas go dearbha nuair a chonaic sé go raibh bonn an rotha tosaig ina licíneach. Níor chuir san stop le Donnchada áfach mar bhí rothar a íníne ansan le n’ais agus do sciob sé láithreach é agus ar aghaidh leis go dtí an sochraid. Is fiú cuimhneamh anois gur rothair is mó a bhí ag gach éinne tímpeall an ama seo agus níorbh áon ionadh trí scór rothar nú breis a bheith tímpeall na sráide i rith Aifreann an Domhnaigh nó lá sochraide, díreach mar a bhíonn gluaisteáin ann fé láthair.

Nuair a shroich Donnchada an tsráid thug sé fé ndeara go raibh an corp fós sa tséipéal agus dá bhrí sin do bheadh am aige deoch a bheith aige sa tigh tábhairne. Do léim sé den rothar agus chuir sé i measc na rothair eile é i gcoinnibh falla an tí tábhairne. Isteach leis go Tigh Shorten agus ghlaoidh sé ar phiúnt pórtair dó féin.

Ní raibh sé ach leath-slí tríd a phiúnt nuair a d’fógraig duine éigin sa tábhairne go raibh an corp a’fágaint an tséipéil ach sar a raibh an deoch críochnaithe aige bhí scéal na rothar imithe glan as a cheann. Amach leis agus fuadar an domhain fé agus do thóg sé rothar fir a bhí taobh amuigh den doras. Cheap sé gan dabht gurbh é a rothar féin a bhí aige. Do lean sé an sochraid ar an rothar sin an tslí ar fad go dtí Inchigeela agus soir leis lom díreach go dtí an reilig. Mar ba cheart is ba chóir do, d’fhan sé sa reilig faid a bhí an corp’á chuir fé chré acu. Gan dabht thug san seans do socrú síos beagán agus nuair a bhí sé a’ fágaint na reilige chuímhnuig sé gurbh é rothar a iníne a bhí aige agus amháin le Dia nách raibh rothar cailín taobh amuigh de gheata na reilige díreach san áit a cheap sé gur fhág sé an rothar.Phioc sé suas an rothar sin agus siar a’ bóthar leis i dtreó an bhaile ach mo léir bhí an cathú ró láidir nuair a tháinig sé cómh fada le Creedon’s Hotel, isteach leis. Bhuail sé le roinnt dá cháirde ansan agus bhí cúpla piúnt aige. Bhí an chuideachta go maith agus an deoch ar fheabhas, níor thug Donnchada fé ndeara an tam a’sleamhnú thart, nuair a d’féach sé ar an gclog baineadh an diar de phreab as. Do shlog sé a’ raibh fághtha sa ghloinne agus amach an doras leis mar sidhe-gaoithe, do rug sé ar a rothar féin (rothar fir) mar a cheap sé, agus siar an bóthar leis faoi dhéin Béal Átha’n Ghaorthaidh chómh mear agus a bfhéidir leis.

Fé dheireadh do shroich sé an tsráid agus gan amhras bí tart maith air tar éis an turais. Ní raibh sa tsráid an uair sin ach tigh tábhairne amháin -Shorten’s - isteach leis agus bhí cúpla deoch aige ar a shuaimhneas. Do lig sé a scíth agus nuair a d’fág sé an tabháirne bhí a fhios aige go maith gurbh é rothar a iníne a bhí taobh amuigh de’n doras san áit inar fhág sé é roimh na sochraide. Bhí an ceart aige agus do rug sé air agus do thiomáin sé siar abhaile é gan aon trioblóid. Do shroich sé an baile i n’am crú na mbó agus do chabhraigh sé mar ba ghnáth dó chun gnóthaí an lae a chríochnú.

I rith an lae sin do "ghoid" Donnchada trí rothar ach ní raibh a fhios aige faic mar gheall ortha. Do thóg sé na cianta ar Ghárdaí na h’áite an cheist a réiteach ach ní bhfuaireadar amach riamh gurbh é Donnchada a thóg na rothair ó áit go h’áit.

Tá an scéal seo fíor ar fad ó thús deireadh, ach amháin ainm an phriomh aisteóra, do thit sé go léir amach díreach mar a scríobhas é.