Beal Áthan Ghaorthaidh – An Chéad Leabhar Staire

 

 

Seo thios an cead cupla leathanach de leabhar a scriobh An tAthair Donnchadh Ó Donnchadh i 1922. Fuair Mary Lovett, Drom an Altigh, le deanaí é agus chaith sí morán ama á chlóbhuaile. Táimid fior bhuaiodh dí.

 

 

 

Riomh-Fhocal.

Táim ag cur an leabhrainin seo i gclódh,

le súil go gcuirfidh muintir Bhéal Átha an

Ghaortaidh agus na daoine a taithigheann an

áit, suim éigin ann. Taim buideach de

seanchaidhthe na h-áite agus go h-áirighthe de

Chonchubhair O Muimheachain, ó Chill Chainnig,

do chabhruigh liom.

 

Donnchadh Ó Donnchadh

Sagart

Domhnach na Tríonóide,

 

1922 

Béal Átha An Ghaortaidh

 

Tá sráid-bhaile Bhéal Átha an Ghaortaidh i bParóiste Uibh Laoghaire, i bhFairche Chorcaighe agus i n-Iarthar Chorcaighe, leath-shlíghe idir Beanntraighe agus Mághchromdha. Is é an tarna sráid-bhaile ‘sa pharóiste é. Tá Ínse Gheimhleach, an ceann eile, sé mhíle lastoir de. ‘Sa tseab-aimsir Uíbh Flainn Laoi a tugtí ar an ndúthaigh go léir ó’n nDribsigh, atá timcheall leath-shlíghe idir Corcaigh agus Mághchromhdha, go dtí an Bhóirneach i mBaile Bhóirne. Bhí an treabh sin i mbun na tíre seo gur ghaibh Clann Chárthaigh ceannas Mhúsgraidhe. Agus treabh fé leith fé’n gCárthach a b’eadh Muinntir Laoghaire. Is uatha san do tugadh Uibh Laoghaire ar an bparóisde atá ó Dhroichead na Tuinne lastoir go Céim an Fhiadh laistair, agus ó Chnoc na Seithe lasthear go dtí an Ton Lastuaidh. Bhí tríocha Baile Fearann aca, agus gan aon chíos orra acht an ghnáth –chíos a bhí ag dul do’n árd-thighearna do réir dlighe. Thánadar a ndeas ó Ros ó gCairbre i mbliain a 1192. T’réis buadha na Normanaigh do díbreadh as an mball sin iad le h-Uibh Dhonnobháin, agus thánadar a ndeas do dtí an Laoi. Nuair a ghaibh an Cárthach ceannas Mhúsgraidhe d’fhág sé an ceanntar so acu. Bhí an t-adh nú a atharrach ar mhuinntir Laoghaire fé mar do rug an buadh nó an briseadh ar an gCárthach. Fé dhéire tháinig an léirsgrios orra I mbliadhain a 1588, fé mar tháinig ar an ndúthaig go léir. Tá a lán do mhuíntir Laoghaire ‘sa pharóisde fós. Tá céad agus seacht mbailtí san méid de’n pharóisde atá i mBarúntacht Muscraidhe Thiar.

 

I nDrom an |Ailthigh is eadh tá furmhór tighthe an tsráid-bhaile. Tá an chuid eile de lastoir de’n droichead ‘sa Choill Mhóir. Ní’l aon bhaile fearann go bhfuil an ainm sin air. Tugtar Béal Átha an Ghaorthaidh leis, ar an méid de’n pharóiste a ghabhann leis an Séipéal laistigh de’n Guagán agus d’Ínse Geimhleach, acht níl aon bhaile fearann de’n ainm sin ann. Tá abhann beag ar a dtugtar an Bhun Síleann ag gabháil tríd an sráid-bhaile agus bhuaileann sí an Laoi laistíos de. Tá an Bhun Síleann lastoir de Dhrom an Ailthig agus tá sruth eile ar a dtugtar an |Abha Gharbh i Muing na Biorraighe ar Ghort Luachra lastuaidh agus ritheann sí le fánaidh i dtreó na Laoi ar an dtaobh thiar de Dhrom an Ailthigh. Is mar seo do chan Séamus Breathnach ó’n dTúirin Dubh ag tagairt do Mhuing na Biorraighe:-

 

"Tá céard eile mhairithe agam mara dtigidh aon phráta,

An gadhar ‘san guna as go mbéarfadh sé a lán leó,

An coileach ‘san pitirise ag tuitim le fánaidh,

An lacha ‘san bhárdal ar Mhuing na Biorraighe"

 

I ngrainneall na h-abhann tá clocha móra, agus tá carraigheacha árda ar bhruach an tsrotha. Tá droichead ar an mBun Síleann ag ceann an tsráid-bhaile, agus is uaidh sin do bhíodh " An Droichead" i mbéalaibh na sean-daoine ar an sráid-bhaile. Mar sin do ghaibh an sean-bhóthair ó Mághchromdha go Beanntraighe agus siar treasna an bhóthair nua agus fan an tseana-phóirse ag cúl na céardchan. San áit n-ar bhuail sé bruach na Laoi ar an dtaob thiar de Dhrom an Ailthigh, bhí crosaire ann. Bhí áth ar an Laoi ‘san áit seo mar ar ghaibh an bóthar siar go Beanntraighe. Ó thuaidh a bhí an bóthar eile ag gabháil timcheall leath-mhíle, agus treasna na h-Abhann Ghairbhe, agus siar thar Chnoc an Earbaill i dtreó an Ghuagáin.

Bhí seana-shéipéal cinn-tuighe i mBéal Átha an Ghaorthaidh fadó, agus is dócha gurab é sin, agus é a bheith ar an mbóthar árd mar a dtagann na h-aibhne le chéile fé ndeára tighthe bheith á dtógaint ann go dtí gur eirigh sráid-bhaile san áit. Baile garbh fiadhann ‘seadh Drom an Ailthigh. Tá 328 acra tailimh ann, ach ní’l puinn de’n talamh iontsaothruighthe. Prátaí agus coirce agus glasraí is mó a cuirtear ‘sa talamh leasaighthe.

I mbliain a 1766 ní raibh acht ceithre tighthe ar an mbaile go léir. Sidiad na cinn tighe agus an líon-tighe a bhí ins gach tig aca:

Dómhnall Ó Laoghaire, mór-sheisear;

Mattias Ó Rinn seisear;

Liam Ó h-Annracháin, cúigear;

Domhnall Ó Laoghaire cuigear.

 

T’réis na bliadhna san do chuireadh leis an sráid-bhaile. I mbliadhain a 1821 bhí sé tighthe dhéag ar an mbaile, acht tighthe feirmeóirí a b’eadh cuid díobh, agus bhíodar san lasmuigh de’n tsráid-bhaile. Sid iad na cinn tighe a bhí i ngach tigh:

Donnchadh Ó Laoghaire, sclábhaidhe, ochtar;

Donnchadh Ó Mangáin, gabha, cúigear;

Cormac Breathnach, ochtar;

Andrias Ó Foghludha, feirmeóir agus fighdóir, mór-sheisear;

Ristéard Breathnach, feirmeóir seisear;

Micheál Ó Liatháin, feirmeóir, triúr;

Nóra Ní Mhuirthile, baintreabhach, ceathrar;

Donnchadh Ó Mathghamhna, feirmeóir, naombhar;

Tadhg Ó Liathain, sclábhuidhe, ochtar;

Siobhán Ní Liatháin, baintreabhach, beirt;

Pádraig’ac Coitir, feirmeóir, ochtar;

Tadhg Ó Mathghamhna, feirmeóir, deichneabhar;

Seán Ó Suileabháin, sclábhuidhe, ochtar;

Seán Ó Laoghaire, sclábhuidhe, cúigear;

Seán Ó Rinn, feirmeóir, ochtar;

Tomás Ó Laoghaire, ceathrar.

 

Fan an tsean-phóirse is eadh bhí an tsráid-bhaile ag gabháil um an dtaca sin, a aghaidh ó dheas. Annsin do deineadh an bóthar nuadh ó Mhághchromdha go Beanntraighe - "Béalach Prionnsa na Breathaine" mar a tugtar air. Séamas de Barra (1747 – 1832 a.d.) "An Barrach Mhór" mar a tugtí air, ó Chill Barra, lastoir d’Ínse Geimhleach, a dhein an bóthar. B’é bailightheóir na ndeichmhan agus Árd Shirriamh an Chonndae é. An Captain Hedges agus Tighearna Bheanntraighe a chuir an bóthar d’á dhéanamh. Do deineadh an droichead ar an abhainn timcheall leath-chéad slat lasthuaidh de’n tsean-áth agus bhí an bóthar nuadh ag gabháil treasna an droichid agus fan na h-abhainn laistiar gur bhuail sé an seana-bhóthar. Bhí sé ag gabháil treasna an tsean-phóirse agus ag casadh siar annsin fan na Laoi ar threó Beanntraighe. Ar dhá thaobh an bhóthair nua fan an Bhun Síleann do chuireadh suas an sráid-bhaile nua. Acht tá cúpla tigh agus a lán cabhlach fós fan an tseana-phóirse siar mar a raibh an tseana shráid-bhaile.

 

Timcheall bliain a 1840 b’iad na Cearbhallthánaigh agus an Captaoin Mistéal, tighearnaí talmhan an bhaile. Do leagadar sain an ball amach d’aon tionónta amháin ar léas trí saoghal, agus do leag sé sin an ball amach arís do chúig tionóntaí dhéag. Bhíi feirm tailimh ag mór-sheisear aca-san, agus tighthe beaga a bhí ag na daoinibh eile. Seacht bpúint agus trí fichid cíosa a gheibheadh sé uatha. Acht tháinig atharughadh saoghail dos na tighearnaí talmhan. Do chuaidh an ball fé chúirt an tSeansailéara, agus tháinigh muinntir Ghríatháin ó’n mBántír i seilbh na h-áite. Bhí fear dlighe aca sain, Terrí a b’ainm dó. Sé tighthe ar fhichid a bhí i dDrom an Ailthigh i mbliain a 1881. Bhí céad agus triúr is dachad ‘na gcomhuaidhe ar an mbaile an bhliain sin. Naoi bpúint déag agus trí fichid agus cúig sgillinge, luach na dtighthe agus an tailimh an bliain céadna. Tá trí tighthe fichid ‘sa tsráid-bhaile anois, agus céad duine ‘na gcómhnaidhe ann. Tá cíos d’á dhíol ag lucht na sráide leis na feirmeóiríbh go bhfuil na tighthe tógtha ar a dtalamh.

 

Is cuimhin leis na seandaoinibh atá suas anois nuair ná raibh ‘sa tsráidbhsaile acht fíor-bheagán tighthe, agus tighthe cinn-tuighe a b’eadh an dá cheann sin. I mbliain a 1842 ní raibh acht aon tig tábhairne amháin ann. Bhí sé ag ceann na sráide ar aghaidh an droichid amach, agus bhí Bean Uí Chroinín an bhean-tighe. Tráth eigin roimh bliain a 1850 d’osgail Liam Shorten tigh tábhairne eile lámh leis an dtig sin laisteas. D’eirig muinntir Chróinín as an gcéird tamall beag roimhis sin. Tá an tig tábhairne eile ann fós, agus is é Beircheart Shorten atá ‘n-a chomhnaidhe ann. Mac mic do sheana-Liam Shorten ‘seadh é, agus dritháir do Sheóirse Shorten a cheap an t-amhrán "An Capaillín Bán". Tá trácht ‘sa "Felon’s Track" leabhar a sgríobh Michéal Ó Dubhchonna, ar an gcóir mhaith a fuair sé féin agus Séamus Mac Stiophán ar feadh cúpla oídhche ‘sa tigh tabhairne nuair a bhíodar ar a dteitheadh.

 

Foilseoimid cupla leathanach eile an bliain seo chughainn