Caisleán Carraig a’Phúca

 

le Séamus O Droma

 

 

 

Maidin go luath agus mé ag rothaíocht fan an bhóthair,

Gan cúram, gan imní, gan áird ar bith ar an saol;

Shiúl mé isteach thar an glcaí, agus thóg mé mo rothar

Go caisleán árd, maorga in a sheasamh le cianta gan baol.

‘Sé Carraig a’Phúca a glaotar ar an gcaisleán,

Is tá staighre cúarchasta, so-thógtha ó bun go barr;

Taréis dul ináirde tá urlár leibhéalta le fáil

Cun féachaint amach ar iontas na tuaithe gan smál.

Ailleacht na háite is lonradh na gréine ag brú;

Monabhar na sruthán go ceolmhar imeasc na gcrann,

Coiníní ag rince ‘sna páirceanna beaga go luath

Agus easóg ag faire go foigneach dá bhricfeasta ag tnúth.

Tá uisce an tSuláin ag sleamhnú faoi scáth an chaisleáin,

Ag triall ar a aistear faoi sméar, faoi choill is faoi sceach;

Ag lúbarnail síos cuig a máthair, an Laoi ar nós coileán,

In aice Magh Cromtha mar is ann a thaoscann sí isteach.

Go deimhin is fearr lion féin gan mé bheith mar rí,

Ach bheith sínte go suáilcheach le suaimhneas ar bharr an chaisleáin

Ar leasc mo dhroma is mé go séanmhar im luí,

Gan fuaim dá laghad le cloisint ach glór an tSuláin.