Scoil Mhuire    1974



Le Donncha Ó Laoire, Priomh Oide

I 1974 a tháinig Scoil Mhuire ar an saol. 'Sé a thárla ná gur tháinig Meán Scoil Mhuire isteach faoin gCoiste Ghairm Oideachais agus d'úsáideadh foirgneamh na Ceárd Scoile go hiomlán don scoil nua agus Scoil Mhuire mar ainm air. Coláiste Pobail a ghlaofaí air inniu ach ní raibh an teideal sin tagtha chun cinn ag an am. Comhnascadh a bhí ann ar shlí ach bhí comhnascadh de shaghas eile ann ó 1967. Bhí na hábhair phraicticiúla agus cúpla ábhar eile ag an gCoiste Ghairm Oideachais do dhaltaí na Meán Scoile. D'úsáideadh foirgneamh na Ceárd Scoile do na hábhair sin ach bhí furmhór mór ama na scoile caite sa Halla agus níos déanaí san Óstán.

Fuair Bainisteoir agus Bunaitheoir Mheán Scoil Mhuire, Fionnbarra Ó Múrchú bás go hobann agus go tragóideach i 1968. Ina dhiaidh sin bhí a bhaintreach Máire mar Bhainisteoir agus Conchúr Ó Murchú mar Phríomh Oide ar Mheán Scoil Mhuire. Bhíos féin mar 'Mhúinteoir Feidhleach' ar thaobh na Ceárd Scoile dhe ón sochrú i 1967.
Bagairt don scoil
Ag deireadh na seascadaí agus tús na seachtóidí bhíodh cruinnithe ag an Roinn Oideachais timpeall na tíre, ag iarraidh scoileanna a thabhairt le chéile agus comhnascadh a chur chun tosaigh.Is cuimhin liom bheith ag ceann de na cruinnithe sin i gColáiste Íosagáin, Baile Mhúirne ag deireadh 1971. Dúirt ionadaí na Roinne, an tUas Ó Cúill, go neamhbhalbh linn gurb é polasaí na Roinne é scoil amháin a bheith i nGaeltacht Mhúscraí agus go mbeadh an scoil sin i gColáiste Íosagáin. Is ait an scéal é gur sin an áit nach bhfuil scoil ann inniu. Cuireadh coiste ar bun i mBéal Átha'n Ghaorthaidh chun an bhagairt i gcoinne na scoile a throid. Chuaigh toscaireacht go Baile Átha Cliath i mí Feabhra 1974 chun bualadh leis an Aire Oideachais, Risteárd De Búrca T.D. Ar an dtoscaireacht bhí Máire Bean Uí Mhúrchú, Bainisteoir Mheán Scoil Mhuire, Conchúr (The Lodge) Ó Cróinín, Siobhán Bean Uí Éaluithe, Dónal S. Ó Céilleachair, Tadhg Ó Gealbháin,
Donncha Ó Laoire agus an An tAth Liam Mac Cárthaigh. Ní cuimhin liom aon rud mór ag teacht as an gcruinniú. Gheall an tAire nach ndúnfaí an scoil go dtí 1976 ar a luaithe agus gur chóir féachaint ar shlite chun breis ábhair a chuir ar fáil agus uimhreacha na ndaltaí a ardú.
Sochrúchán nua
Timpeall an  ama seo tháinig Príomh Oifigeach nua go Coiste Ghairm-Oideachais Cho. Chorcaí, sé sin, Riobárd Ó Buachalla. Chuir sé suim i mBéal Átha'n Ghaorthaidh ón tús agus ní raibh aon trácht aige ar dhúnadh na scoile. Mhol sé go gcuirfí sochrúchán i bhfeidhhm a bhí déanta aige roimhe sin sa Tóchar i gCiarraí. Réitigh sé an plean atá luaite i dtosadh an ailt seo.
Múinteoirí 1974
Tháinig cúigear mhúinteoir ar aghaidh le Meán Scoil Mhuire go Scoil Mhuire i 1974. Is iad san ná Conchúr Ó Múrchú, Máire Bean Úí Mhúrchú, Stiofán Ó Raifterí, Máire Ní Chadhla agus Seosamh De Nógla. Is iad na múinteoirí a bhí cheana féin leis an gCoiste agus a bhí ag múineadh i Scoil Mhuire i 1974 ná Donncha Ó Laoire (a ceapadh ina Phríomh Oide) Máire Bean Úí  Mhuirithe, Tadhg Ó Conaill agus Seán De Plás. Tháinig Caoimhín Ó Buachalla in áit Seosamh De Nógla i rith na bliana san. Bhí 67 daltaí sa scoil i 1974/5 agus bhí 18, 7 cailín agus 11 buachaill sa chéad bhliain. Is iad san ná:-






Daltaí na céad bhliana 1974
Cáit Ní Chreimín  Leaca Bán                   
Criostóir Ó Ceallacháin   Cathair
Síle Ní Chroínín  Inse an Fhosaigh     
Dónal Ó Céilleachair        Goirtín Fliuch
Siobhán Ní Dhonnchú  Ladhar na Gaoithe 
Seán Ó Céilleachair        Goirtín na Coille
Martina Ní Laoire  Doire Mhagh Cóirnín   
Risteárd Mac Coitir         Coill Mhór
Máire Ní Liatháin   Goirtín Fliuch               
Art Ó hÉalaithe         Coill Mhór
Úna Ní Mhuirithe  An tSráid   
Pádraig Ó Laoire         Curraithe
Neasa Ní Shuibhne  Túirín Dubh   
Donncha Ó Luasa         Inse Geimhleach
Séamus Ó Caochlaí  Muing a'Mhadra 
Séamus Ó Maonaigh        Inse Rua
Donncha Ó Mongáin  Tír na Spideoige             
Aodán Ó Múrchú           Gortluachra

Ó 1974 i leith
'Sé an tathrú is mó a bhí le feiscint de bharr búnú Scoil Mhuire ná gur caitheadh airgead poiblí arís ar threallamh, péinteáil, cothú agus forbairt na scoile. Bhí Roibárd Ó Buachalla, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin an-bháidhiúil leis an scoil, an tam san agus níos déanaí. Cuireadh síneadh de sheomra tionóil agus seomra nua Adhmadóireachta, chomh maith le háit imeartha, leis an scoil i 1982 agus cuireadh seomra eile leis an scoil i 1996.
Agus sinn ag teacht go deireadh an chéid agus deireadh na mílaoise, tá sé go  maith dúinn agus suimúil, féachaint siar ar 60 bliain na Ceárd Scoile, 40 bliain Mheán Scoil Mhuire agus 25 bliain Scoil Mhuire