Meán Scoil Mhuire 1959

Ar Bhóithrín na Smaointe le Maighréad Uí Laoghaire (Ní Chróinín)

Samhradh 1959 a bhí ann.  Bhíos féin san ochtú rang i Scoil na gCailíní i mBéal Átha'n Ghaorthaidh agus bhí Peadar san seachtú rang i Scoil na mBuachaillí.  Bhí dúil againn sa scolaíocht agus bhí brionglóid againn go bhféadfaimís leanúint ar aghaidh agus freastal ar mhéan scoil.  Ní raibh aon cheist ar sin, áfach do fhormhór dhaoine óga na háite ag an am. 

Ansan Domhnach amháin go míorúilteach bhí fógra ón altóir ag rá go raibh meán scoil á bunú af Fionnbarra Ó Murchú as Beanntraí (Beannacht Dé leis) i mBéal Átha'n Ghaorthaidh.  Bhí sceitimíní áthais orainn agus bhí sé á phléidh mórthimpeall na dúthaí ar fad.  Lasadh lóchrann an dóchais an lá san. I ndáiríribh bhí lag-mhisneach a dhóthain san áit ag an am.  Is beag fostaíocht a bhí ar fáil sa dúthaigh agus ní raibh mórán airgid ag teacht ón bhfeirmeoireacht ach an oiread.  Bhí imirce go forleathan agus ní raibh i ndán don chuid is mó des na daoine óga ach an bád go Sasana.

Ar an ochtú lá de Mhéan Fhómhair (Féile na Maighdine Muire) thosaigh an scoil i seomra suite Uí Chorcora.  Tháinig an máistir Fionnbarra ina "galoppy" gorm le Cáit Ní Ruairc as Ínse Rua, Caolcoill in suí taobh leis ar stól shúgáin.  Bhí deisceanna fada timpeall na bhfallaí - na buachaillí ar thaobh amháin agus na cailíní ar an dtaobh eile.  I mo thuairim-se thosnaigh fiche scoláire ar an scoil an lá sin, ach níor chríochnaigh ach naonúr déag an bhliain ar fad.  Dob iad
Cáit Ní Ruairc   Inse Rua, Caolcoill;
Sorcha Ní Chorcora:   Coill Mhór
Peadar Ó Chróinín   Coill Mhór
Maighréad Ní Chróinín  Coill Mhór; 
Eibhlín Ní Luasaigh,   Drom an Ailligh
Caitlín Ní Luasaigh,   Drom an Ailligh
Amhlaoibh Ó Luasaigh  Drom an Ailligh
Gobnait Ní Loingsigh   Drom an Ailligh;
Seán Ó Tuama   Leaca Bán;
Seán Ó hÉalaithe,   Gort a Phludaigh
Míchéal Ó hÉalaithe   Gort a Phludaigh;
Diarmuid Ó Laoire,   Inse an Fhosaigh; 
Siobhán Ní Shuibhne,  Céim Cora Bhuaile; 
Máire Ní Loingsigh,   Doire an Aonaigh; 
Eibhlín Ní Thuama,   Cúil Aodha;
Cáit Ní Thuama,   Baile Mhúirne; 
Seán Ó Mhocháin,   Cill na Martra; 
Gobnait Ní Mhocháin,  Cill na Martra; 
Cáit Ní Laoire,   Ros Mór; 
Eibhlín Ní Laoire,   Inse Geimhleach.

Ó thosach bhíomar mar chlann mhór amháin.  Is cuimhin liom go maith ar an gcéad lá go ndúirt an máistir linn féachaint air mar athair agus is cinnte gur mar athair a bhí sé dúinn fhaid is a bhíomar ann.  Sampla beag amháin de sin - nuair a bhí súil an-tinn agamsa chuir sé a lámh ina phóca féin agus chuir sé siar mé go dtí Máire Ní Laoire san Siopa Poiticéara chun "Golden Eye Ointment" a cheannach.

In ár gcás féin lean an cáirdeas eadrainn i ndiaidh na scoile chómh maith.  Bhuailimís le chéile ag an gCoróin Mhuire agus ag na deabhóidí eile a bhí go rialta sa tSéipéal.  Bhímís ag caint agus ag scoraíocht le chéile ina dhiaidh, ag pléidh cúrsaí scoile agus obair bhaile.  Shiúlaimís siar le Gobnait Ní Loingsigh go rialta, thar Casadh na Spride.  Ins na hoícheanta dorcha bhíodh scanradh a dhóthain orainn nuair a smaoimhnímís ar na scéalta go léir a bhí cloiste againn ó Mhaidhcí Tadhg (Beannacht Dé leis), fé an taibhse a bhí le feiscint ag an gcúinne sin.  Ní fhacamar faic riamh ach is mór an spórt a bhíodh againn le Molly agus Jack Lynch (Beannacht Dé leo) agus is mó cupán tae a ólamar ann.  B'shin iad na laethanta sona roimh teacht na teilifíse.

Bhí dhá ghrá mhór ag Fionnbarra - grá Dé agus na Maighdine Muire agus an ghrá d'ár dteanga agus d'ár gcultúr.  Spreag sé sinn chun leanúint ar aghaidh le h-obair na h-aithbheochana ar son ghrá na Maighdine Muire, Banríon na h-Éireann.

Dob é Meán Scoil Mhuire an chéad mhéan scoil meascaithe sa Deoiseas agus bhí ar Fionnbarra geallúint a thabhairt don t-easpag, an Dr. Conchubhar Ó Luasaigh, nách mbeadh aon chúrsaí grá ar siúl idir bhuachaillí agus cailíní.  Is mór an t-athrú atá ar an saol anois.

Bhí modhanna múinte ag an máistir bunaithe ar idéalachas Pádraig Mac Piarais, agus na tuairimí a bhí aige faoi oideachas.  D'inis sé dúinn faoin leabhar "The Murder Machine" leis an bPiarsach, ag cáineadh an Córas Oideachais a bhí againn anseo in Éirinn, a bhí bunaithe ar an gCóras Sasanach.  Dá réir, ba chóir go mbeadh Oideachas taitneamhach, leathan agus go n-ullmhódh sé an dalta don saol mór.

Cinnte bhaineas taitneamh as gach lá a chaitheas ar an scoil.  Ní raibh sé riamh leadránach agus bhí sult agus greann i gcónaí ann.  Gan dabht dheineamar an obair ach bhí an-spórt againn chomh maith.  Bhí Peadar go maith chun cleas a imirt ar dhaoine.  Thuig an máistir é seo agus bheartaigh sé ar bhob a bhualadh air ar lá na n-amadán.  Chuir sé é ag rothaíocht siar go Túirín Dubh le scéal seafóideach éigin do Mhíchéal Mac Cárthaigh (Beannacht Dé leis).  Tháinig an bháisteach síos go tiubh agus bhí sé fliuch go craiceann ach chonaic sé an taobh greannmhar de.  Is cuimhin liom lá eile, Peadar ag tabhairt taispeántas den "Peeler and the Goat"  dúinn suas ar na deisceanna i rith am lóin.

Thuig an máistir an tabhacht a bhí ag baint le spórt.  Bhí an pheil ann dos na buachaillí ach ní raibh faic ann dos na cailíní.  Thosnaigh sé an chamógaíocht dúinn agus bhímís ag traenáil sa pháirc imeartha taobh le tigh Uí Chorcora.  Bhíos dainséarach leis an gcamán agus dúradh liom é a choiméad ar an dtalamh ar eagla go ngortóinn éinne.  Ní dóigh liom gur bhuamar aon chluiche ach bhí an-chraic againn.

Ní fada taréis oscailt na scoile, thosnaíomar ag cleachtadh dráma - "An Fiach Bán" a scríobh an Máistir Ó Murchú féin.  Bhí sé bunaithe ar luíochán Crosbaire.  Thóg gach éinne páirt ann ag aisteoireacht, ag rinnce, ag seinnt, ag amhránacht agus taobh thiar stáitse.  Chuireamar ar siúl sa Choláiste é timpeall na Nollag 1959.

Bhí béim mhór ar ealaín sa scoil chomh maith.  Théimís amach ag péinteáil agus tugadh tuiscint agus meas dúinn ar an dtimpeallacht agus an nádúir.

Is deacair a chreidiúint go bhféadfadh múinteoir amháin na h-ábhair go léir a mhúineadh dúinn.  Bhí Gaoluinn, Béarla, Matamaitic, Stair, Tír Eolas, Ealaín, Laidean agus Teagasc Críostaí againn.  Bhí tuiscint iontach ag Fionnbarra ar na tréithe difriúla a bhí ag na scoláirí go léir.  Mheall sé sinn chun pé féith nádúrtha a bhí againn a chothú - cosúil le ceol, amhránaíocht scríobhnóireacht, ealaín, matamaitic agus rl.  Sa tslí seo thug sé féin-mheas dúinn agus d'fhoghlaimíomar conas iontaoibh a bheith againn asainn féin  - rud a chabhraigh linn san saol mór ina dhiadh sin.

Ní raibh aon éide scoile againn mar thuig an máistir go raibh airgead gannachúiseach ag na tuismitheoirí.  Cheannaigh sé leabhair dara-lámhach i gCorcaigh dúinn i dtreo is nach mbeadh an iomad streo orainn.  I dtosach na bliana 1960 bheartaíomar go raghaimís ar oilireacht go Cnoc Mhuire i Mí Bealtaine.  Thoghamar cisteoir agus chuireamar airgead i dtaisce go rialta agus mar sin níor tháinig sé deacair ar éinne.  Dheineamar suaitheantaisí dúinn féin as ribín gorm le Meán Scoil Mhuire fúáilte ar le snáth dearg.  Nuair a tháinig an lá d'éiríomar leis an dorchadas agus chuamar ar bus go Corcaigh.  Chuamar go Cnoc Mhuire ar an dtraein - an chéad uair ar traein don chuid is mó againn.  Bhíomar ag rá an Choróin Mhuire agus ag canadh iomann an slí ar fad.  Bhí na sluiate daoine san áit agus iad ag paidreoireacht go deabhóideach mór-thimpeall an tSéipéil.  Tar éis an Aifrinn thosnaíomar ar an slí abhaile agus bhíomar tuirseach go maith nuair a shroicheamar Béal Átha'n Ghaorthaidh arís, tuairim is a h-aon a chlog.

Ón gcéad bhliain iontach sin, lean an scoil ar aghaidh sa Choláiste le rang breise agus múinteoir eile Nollaig Ó Súilleabháin, Céim an Fhia (Beannacht Dé leis) san dara bhliain.  An bhliain ina dhiaidh sin tháinig Seán Ó Fathaigh ón nGaillimh.  Ar an gceathrú bhliain tháinig múinteoir eile Gráinne Ní Mhathúna as Corcaigh - múinteoirí den scoth iad go léir, leis na h-idéalacha árda céanna agus an suim céanna ionainn.  Dhein roinnt dinn an Árd Teist i gceithre bliana agus d'oir sé seo go maith dúinn mar bhí cuid againn níos sine ná an gnáth.

Ón tosach beag sin i seomra Uí Chorcora chuaigh tionchar na scoile i bhfeidhm ar an dúthaigh mór-thimpeall chun misneach a thabhairt dos na daoine agus bród a chothú ionnta ina n-oidhreacht uasal Gaelach.  Bhí brainse den Réalt sa scoil, go raibh mar aidhm aige an Ghaoluinn agus an gcultúr Gaelach a leathnú ar son grá Dé agus na Maighdine Muire.  Fé choimirce Fhionnbarra thóg Béal Átha'n Ghaorthaidh páirt i gComórtas Glór na nGael agus eagraíodh an-chuid imeachtaí difriúla.  Bhí comórtas don teaghlach is Gaelaí san áit.  Bhuaigh Risteárd Ó Coitir agus a bhean Áine (Beannacht Dé leo) agus a gclann an comórtas sin don gcéad uair.  Bhíodh na daltaí páirteach ins na himeachtaí seo.  Is cuimhin liom an t-Ath. Tomás Ó Fiach ag caint linn - sagart fíor dheas, umhal, lách, greannmhar.  Bhíodh scoraíochtaí ins na tithe chomh maith.  Bhíos ag scoraíocht an-taitneamhach i dTigh Uí Thuama, Túirín Dubh agus bhí Seán Ó Sé ag canadh ann.  Ag léacht eile sa Choláiste d'inis Seán Ó Riada (Beannacht Dé leis) dúinn cén fáth gur fhág sé an chathair.  Dúirt sé "ní bhím ag faire ar an gclog agus ní bhíonn an clog ag faire orm".

Le dachad bliain anois tá Scoil Mhuire ag tabhairt scoth oideachas do mhúintir óg an dúthaigh.  Gura fada buan í.  Táimíd go léir fé mhór-chamaoin ag Fionnbarra Ó Murchú go raibh misneach aige sa bhliain 1959 chun a aidhmeanna a chur i gcrích.  Tá buíochas mór tuillte chomh maith ag Séamus Ó Corcora (Beannacht Dé leis) agus a bhean Eibhlín a thug an seomra suite dúinn ar feadh bliana.  Cé eile a dhéanfadh é?