Ceardscoil Bhéal Átha'n Ghaorthaidh

 

Ag scoláire '48/'49 agus '49/'50

Donnchadh Ó Luasaigh
Baile an Chollaigh

I dtús báire ní mór a shamhlú nach raibh an bhéim ar oideachas foirmiúil an uair úd chomh láidir is atá anois de bhrí nach raibh an caighdeán maireachtála sa tír ábalta a leithéid a chothú. Bhí suim san oideachas ceart go leor ach chomh luath is a fhágfadh furmhór na scoláirí an bhunscoil bhíodh orthu dul ar obair chun crústa a chur ar na mbórd dóibh féin is dá dtuismitheoirí. Faoi láthair freastalann gach éinne nach mór ar iarbhunscoil ach an uair úd ba bheag duine a fhreastal. Théigheadh fo-dhuine, ámh, go meánscoil lae nó meánscoil chónaithe.
Fo-dhuine eile ná beadh fonn air ná acmhainn aige chun dul ar mheánscoil roghnóch sé an cheardscoil. Bhí difríocht mhór idir an cineál oideachais a bhí le fáil sa dá shaghas scoile ag an am sin. Bhí an bhéim ar teoiric 'sna meánscoileanna agus ábhair cosúil le Laidean fiú á mhúineadh ach sa cheardscoil bhí an treise ar ábhair phraicticiúla cosúil le hAdhmadóireacht. Oideachas leanúnach nó teicniciúil a tugtaí ar oideachas na ceardscoile an tráth úd, meán oideachas ar oideachas na meánscoile. Thóg cúrsa na meánscoile ceithre bliana de ghnáth agus b'iad an Mheán Teist agus an t-Árd Teist na scrúdaithe. Cúrsa dhá bhliain a bhí sa cheardscoil agus bé an Teastas Grúpa an scrúdú caoi.
Thosnuigh mo chuid oideachais leanúnach  féin sa cheardscoil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh i Meán Fhomhair 1948. Ní mór a thuiscint go sroicheadh scoláire rang a h-ocht sa bhunscoil ag an am, sé sin dá rang níos aoirde ná mar atá anois. De ghnáth bheadh an Teastas Bunscoile ina ghlaic aige chomh maith. Mar sin bheadh caighdeán áirithe aibíochta sroiste aige. Bhí an-difríocht idir an cheardscoil agus an bhunscoil a bhí fágtha agam. Foirgneamh réasúnta nua spásúil a bhí sa cheardscoil. Ansin i n-ionad an múinteoir céanna a bheith agat i rith an lae bhí beirt ar a laighead. Thug sé sin níos mó éagsúlachta ó thaobh timpeallachta agus teagmhála.
B'é Séamus Ó Sé a bhí ina Ardmháistir - duine de mhuintir na háite. Bhí togha na Gaeilge aige chomh maith le bheith ina oráidí agus ina thírghráthóir. Bhí an-suim aige i ngach rud Gaelach - bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Chontae Chorcaí de Chumann Lúthchleas Gael is mé sa cheardscoil.  B'é Liam Ó Loingsigh a bhí ina mhúinteoir Adhmadóireachta nuair a bhíos sa chéad bhliain - ceardaí den scoth chomh maith. B'é Mícheál Ó Súilleabháin ó Chiarraí a chomharba is mé sa dara bhliain.  Bhí sé siúd ina Ardmháistir ar cheardscoil an Daingin níos déanaí ina shaol. Liam Ó Briain a bhí ina mhúinteoir Tuaitheolaíochta cé nach raibh sé linn ach lá sa tseachtain - bhí a cheanncheathrú i Maghchromtha. B'é an tAthair Conchúr Ó Luasaigh a bhí i mbun cúrsaí Creidimh agus ina Shagart Óg sa tsráidbhaile. B'í Máirín Ní Scanaill a mhúin Tíos do sna cailíní - ó Chúil Aodh di. Agus ar ndóigh, bé Seán Ó Loingsigh an freastalaí. Tá a bhfurmhór imithe ar shlí na fírinne, go ndéana Dia trócaire orthu.
Bhí aon bhuachaill déag agus cúigear cailín déag ag freastal ar an scoil sa scoilbhliain '48/'49, seisear is fiche ar fad. Ní raibh ranganna meascaithe. B'iad ábhair na mbuachaillí ná :
Gaeilge, Béarla, Geograif, Obair adhmaid, Matamaitic, Líníocht, Céimseata, Gairneoireacht,
Tuaitheolaíocht, Cúntasaíocht Feirme aagus Teagasc Críostaí. B'iad ábhair na gcailíní ná: Gaeilge, Béarla, Uimhríocht, Cniotáil, Sláinteolas, Tíos, Cócaireacht, Níochán, Eolas ar Nadúir agus Teagasc Críostaí.
Cé nach raibh brú le mothú, do bhuaidh an scoil duaiseanna sa Teastas Grúpa agus i Scúdaithe na gceardscol. Fuarthas an chéad áit in Éirinn i nGaeilge an Teastais Grúpa, an chéad áit agus an dara háit i meánghrád Gaeilge agus arís in Ardghrád Gaeilge i Scrúdaithe na gceardscol sa bhliain 1949. Bhí Príomhchigire na Roinne i láthair ag searmanas bronnta duais. I gcomórtas de chuid Taispeántais Talamhaíochta Chorcaí i gCorcaigh tháinig ceithre duais i dtreo na scoile do thionscnaimh éagsúla adhmadóireachta. Bhí taispeántas d'obair na ndaltaí uile ós

comhairan phobail sa scoil féin. Agus um Nollaig1948 tugadh dinnéar speisialta do sna scoláirí lae sa scoil ag  a raibh amhránaíocht agus scléip.
Chomh maith leis na ranganna lae bhí cuid mhaith rang oíche. Do ghlac an rang Gaeilge mórpháirt sa drámaíocht ach go háirithe. Deineadh a lán taisteal go hionaid eile i gcomórtaisíocht agus i léiriú drámaí agus fuarathas a lán duais. Chuaidh an grúpa drámaíochta go dtí an Rinn, Eochaill, an Corrán, Cill Áirne agus go hOireachtas na Mumhan, mar shampla. Is léir go mba gnóthach taitneamhach an áit  í ceardscoil Bhéal Átha'n Ghaorthaidh an uair úd. Ní raibh galar an dithnis fós i réim - bhí an capall is an trucail ar an mbóthar is bhí an dara cogadh domhanda agus éigeandáil thart - ní raibh eagla níos mó roimh coinscríobh. Agus nuair a smaoiním air bhíomar fós sa dorchadas - níor shroich comhacht na haibhléise an áit go dtí 1955. Saol eile!
Cuirfidh mé bailchríoch ar mo ghearrchúntas ar cheardscoil Bhéal Átha'n Ghaorthaidh sna blianta'48/'49 agus'49/'50 le mionaiste a scríos ar an 14ú lá d'Fheabhra 1950 is mé im' scoláire lae. Cé gur samhlaíocht atá ann tugann sé saghas léiriú ar dhearcadh meóin an ama. Tá sé scríofa focal ar fhocal mar a bhí (fuachtáin agus méiscrí sa áireamh) - ní mór a thuiscint ámhthach gur cló Gaelach a bhí á úsáid againn an tráth úd, cé gur cló Romhánach a bhí againn sa bhunscoil. Seo é:-

"Mar a Chaithfinn Deich Scillinge."
Is mór agamsa scilling amháin gan trácht ar deich scillinge! Dá bhfaghainn deich scillinge anocht ní fhéadfainn néall amháin a cholla bheadh an oiread san áthais orm.
D'éireóchainn le breaca an lae agus sara mbeadh uain agat machtnamh do bheadh mo éadaí Domhnaigh umam agus ní fada go mbeinn fé lán tseól. Do rithfinn síos an staidhre agus do shuidhfinn chun búird ach ní bheadh ar mo chumas faic a ithe le neart dithnis.
Taréis greimín éigin a ithe i gcoinnibh mo thola do rithfinn amach agus do chuirfinn carraig-íle sa ghluaisteán, do léimfinn isteach agus seo chun bóthair mé lem'deich scillinge go daingean im' phóca agam. Do ghluaisfinn seacht ngeal ó gach aoinne a bheadh ar an mbóthar róm.
Nuair a shroichfinn an baile mór do léimfinn amach as an ngluaisteán agus do raghainn isteach go siopa mísleán agus do cheannóchainn cúpla bloc seacláide ar scilling. Do bheadh naoi scillinge fágtha annsan agam.
Do raghainn isteach go dtí siopa eile annsan agus do cheannóchainn cúpla bosca toitín ar leath-choróinn, agus ní bheinn sásta go dtí go mbeidís go léir ólta agam.
Seo isteach mé go dtí tigh ósta annsan agus d'ólfainn an té. Chaithfinn dhá scilling a thabhairt ar sin. Ní bheadh ach ceathair is raol fágtha annsan agam. Do raghainn amach as an tigh ósta agus isteach go tigh tábhairne agus do chaithfinn an fuighleach ar uisce beatha agus ar lionn dubh. Do bheinn cuíosach súgach go maith annsan, ach mar sin féin do raghainn abhaile slán agus ní bheinn sásta go mbeadh na mísleáin agus na toitíní ithte agus ólta agam."

Donnchadh Ó Luasaigh
Baile an Chollaigh
(Samhain 1999)