Eibhlín Ní Luasa
Drom an Ailligh
Samhradh na bliana 1959. Bhíos réidh
leis an mbunscoil agus ní raibh fhios agam ó
thalamh an domhain cad ab fhearr dom a
dhéanamh. Ní raibh mórán rogha ag duine óg
an uair sin - dul ar obair mar chailín
aimsire nó dul go scoil chónaithe, rogha an
dhá dhíog i ndairíre.
I lár an
tSamhraidh áfach tháinig réiteach na faidhbe
mar fógraíodh ar an Cork Examiner go
n-osclófaí meán scoil i mBéal Átha'n
Ghaorthaidh. Scoil chomhoideachais
lán-Ghaelach a bhí i gceist. Cheapas go
mbeadh sé sin oiriúnach dom. Thapaíomar an
deis agus cláraíodh mé féin agus naonúr déag
eile sa scoil nua. B'é Fionbarra Ó
Múrchú a bhunaigh an scoil agus b'é a bhí
mar árd-mháistir. Ar an ochtú lá de Mheán
Fomhair tar éis Aifrinn i Séipéal Fionbarra
agus Rónáin bhailigh daltaí na céad bliana
le chéile i seomra suite Uí Chorcora. Ba
dheacair a chreidiúint go raibh meán
scoil i ngiorracht scread asail de mo thig
féin. Bhí cónaí ormsa i nDrom an Ailligh
agus ní raibh le déanamh agam ach
pocléimnigh síos an bóthar.
Chuireamar aithne ar cháirde nua sa scoil,
daoine óga ó Bhaile Bhúirne, Réidh na
nDoirí, Ínse an Gheimhlidh agus an Céim.
Chuireamar aithne ar chairde nua eile chom
maith, Canon Sheehan ó Dhún ar Aill,
Wordsworth agus Shakespeere, Eisirt agus
Jimín Mháire Thaidhg. D'fhoghlaimíomar nithe
cosúil le "Mensa Mensa Mensam". Teoragán
Pythagorus and "Fair Daffodils, We weep to
see you haste away so soon".
Rud
amháin a chuaigh i bhfeidhm orm ná an
deabhóid a bhí ag an Máistir Nua don
Mhaighdean Mhuire. D'oscail sé an scoil ar
an ochtú lá de Mheán Fomhair, breithlá don
Mhaighdean Muire agus thug sé Meán Scoil
Mhuire mar theideal ar an scoil. Thug sé
Teaghleach Mhuire ar a theach chónaithe
féin. Thug sé an rang ar oilithreacht go
Cnoc Mhuire i ndeireadh na bliana. Bhí
pictiúir de Mhuire na Dea Chomhairle
ar crochadh sa tseomra ranga agus dúirt sé
go mbeadh a chuid oibre agus an scoil faoi
choimirce na Maighdine Muire.
Is
cosúil go ndeachaigh fealsúnacht an
Phiarsaigh i leith an oideachais i bhfeidhm
ar an Máistir.
Luaigh sé "The Murder
Machine" go minic. Bhí sé beagáinín mí
fhoighneach le córas na scrúdaithe. Cheap sé
go raibh an t-oideachas sin an-chúng. Mheas
sé go raibh dualgas air forbairt a dhéanamh
ar an duine iomlán. "Ní theastaíonn uaim
asail a dhéanamh daoibh" ar seisean go
minic. "Tiomáineann tú asal ach spreagann
agus mealann tú an duine."
Gan amhras
bhí béim ar gach gnéith den chultúr Gaelach.
Is í an Ghaeilge a bhí mar ghnáth theanga na
scoile agus fiú sa chéad bhliain ghlacamar
páirt i ndráma Gaeilge "An Fiach Bán,"
dráma faoi luíochán a deineadh in aimsir na
nDubhchrónach. Léiríomar an dráma sa Halla
C.Y.M.S. i gCorcaigh. Is cuimhin liom go
maith go bhfuaireamar tae agus ceapairí i
dteach fairsing galánta Mrs. Danny Bán
an Aoil san Mardyke níos déanaí an oíche
sin.
D'fhanamar sa scoil seo ceithre
bliana agus dheineamar go léir ár ndícheall.
Ní raibh brú ró mhór orainn mar ní raibh
córas na bpoinntí nó an fhoirm C.A.O. ag
déanamh imní dúinn. Bhíomar saonta i
gcomparáid le daltaí scoile an lae inniu ach
bhí an timpeallacht inar mhaireamar simplí
freisin.
Ní raibh an Máistir léannta
seo ach naoi mbliana i bhfeighil na scoile.
Samhradh na bliana 1968 bhí sé ar saoire i
gCorca Dhuibhne san áit ab annsa leis nuair
a tháinig an Rógaire Báis aniar
adtuaidh air. Bhí an téarma caite aige i
ngleann seo na ndeor agus bhí éacht oibre
déanta aige. Fuair sé a luach saothair sna
Flaithis san áit nách mbeadh aon ní de dhíth
air.
Thóg sé an bhunchloch agus
leanann a chuid oibre ar aghaidh. Chuir sé
síol an oideachais agus táimídne, na
h-iarscoláirí, ag baint an Fhómhair.
Go rabhaimíd go léir i gcomhluadair a
chéile i Riocht Dé.
Eibhlín Ní Luasa
Drom an Ailligh