Mo Smaointí ar Mheán Scoil Mhuire
le Cáit Ní Rouirc

Cois Abhann Ghleanna an Chéime, in Uibh Laoire sea bhímse
  Mar a dtéann an fia san oíche chun síorchodladh sóil
  Ag macnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe
  Ag éisteacht i gcoillte le binnghuth na neon.
Is minic an maidin luath agus tráthnóna déanach a chuaigh mé tríd an Chéim ag macnamh seal liom féinigh.

1959:  Bhí rang a seacht críochnaithe agam i Scoil Náisiúnta Cappabuí.  Ní raibh aon deimhneacht ann ar cad a bhí romham.  Ba mhian liom leanúint ar scoil ach ní raibh aon mhéan scoil níos cóngaraí ná Beanntraí - dhá mhíle déag uaim.  Ní raibh aon gluaisteán againn, mar ba gnáth an tam sin.  Bhí an leictreachas againn ar feadh bliana.  Bhí radio againn ach ní raibh aon teilifís.  Chuamar ag rothaíocht i ngach áit, nó thógamar an capall agus trap ar Aifreann.  Bhí orm cabhrú sa bhaile i mo saor aimsire;  ag crú na mba, ag dul go dtí an portach, ag sábháil an fhéir agus rl.  Ní raibh aon seans agam dul ag feirmeoireacht mar bhí deartháir níos sinne ná mise.

Lá mór a bhí san chéad Aoine de gach mhí; bé sin lá an Aonaigh i mBeanntraí.  Chuaigh mo athair chun an Aonaigh gach mhí.  Tháinig mo athair abhaile ó Aonach an Iúil 1959 le scéal mór.  Chuala sé ráfla go raibh Meán Scoil nua chun oscailt i mBéal Átha'n Ghaorthaidh i mí Meán Fhómhair - Meán Scoil lán Ghaelach agus ó Bheanntraí ab ea bunaitheoir na scoile nua - Fionnbarra Ó Murchú.

Ní raibh aithne againn air, ach bhí aithne againn ar a ghaolta.  Bhí siopa ag a dheartháir Pat san Sráid Nua.  Bhí uachtar reoite iontach le fáil ó Pat agus bhíodh sé againn gach uair a chuamar go Beanntraí.  Do cheannaigh mo mháthair na bróga dúinn ó Daithí - deartháir eile le Fionnbarra agus is ón a dheirfiúr - Hurleys the corner shop a cheannaigh mo mháthair na gréithe cistine.  Chuaigh Fionnbarra timpeall na paróistí in aice le Béal Átha'n Ghaorthaidh ag lorg daltaí.  Bhí súil aige daltaí a fháil ón a pharóiste féin, cé nach raibh ár bparóiste sa Ghaeltacht.  Bhuail mo athair le Jack Jim Murphy, cara le Fionnbarra, agus d'iarr sé air an raibh aon dalta aige go mbeadh suim acu san scoil.  Tháinig mo athair abhaile ón Aonach leis an scéal agus bhí sceitimíní orm nuair a chuala mé faoin scoil.  B'fhéidir go mbeadh seans ann, nach mbeadh orm dul ag obair, nó dul ar an mbád go Sasana, ba iad san an dá rogha a bhí ar fáil i 1959.

Tamall ina dhiaidh sin tháinig Fionnbarra chun ár mbaile ina ghluaisteán beag (An Jellopy) ag lorg daltaí.  Scoil Lán Ghaelach do bhuachaillí agus do chailíní a bheadh ann agus bheadh táille £10 gach bliain.  Ní chuirfeadh an Ghaeilge bunúsach as dom, mar labharamar Gaeilge sa bhaile. (Bhí sean Ghaeilge fíor dheas ag mo mháthair) agus fuaireamar an cúig púnt deontas bliantiúil ón Rialtas, chun Gaeilge a labhairt sa bhaile, bhí scrúdú ón gcigire againn gach bliain.  Bhí sórt eagla orm roimh na hábhair nua i.e. Laidin, Algebra, Geometry agus Líníocht tré Ghaeilge.  Theastaigh uaim triall a bhaint as, agus tugadh cead dom dul ar aghaidh.

Meán Fhómhair 1959:  Bhíos im aonar ag dul go Meán Scoil Mhuire ón taobh thiar den Chéim, agus bé Fionnbarra an t-aon múinteoir a bhí againn.  I bPárlús Séamus agus Eibhlín Bean Uí Chorcora a chaitheamar an chéad bhliain, 19 daltaí agus 9 ábhar a mhúin Fionnbarra dúinn agus mhúin sé roinnt mhaith eile freisin.

Thosnaigh an scoil ar an t-ochtú lá de Mheán Fhómhair (lá breithe na Maighdine Muire) le Aifreann sa Séipéal.  Bhí Fionnbarra ag taisteal gach lá ó Bheanntraí agus thug sé spin dom.  Bhuail mé leis ós comhair mo thig amach ar an mbóthar nua.  Bhíodh stól beag súgáin agam chun suí in aice leis, mar is dóigh liom gur gluaisteán do dhuine amháin a bhí san "Jellopy".  Bhí mór áthas orm go bhfuair mé seans chun freastal ar an Meán Scoil agus bhíos i ndáiríre faoin staidéar.

Bliain iontach abea 1959/60.  Bhí oideachas leathan á fháil againn.  Bhí cómhrá éigin  againn geall leis gach lá, nár bhain leis na h-ábhair scoile i.e. Thug Fionnbarra le tuiscint dúinn muinín a bheith againn asainn féin.  Thug sé idéalachas, misneach, creideamh, dóchas don lá a bhí le teacht, agus bródúlacht as ár dteanga, cultúr agus as ár dtír féin dúinn.  Spreag sé sinn chun oibre, go háirithe le na shampla féin, agus caithfidh go raibh sé deacair go leor de bharr a easláinte, ach bhí sé ana díongbháilte.  Bhí suim aige i ngach gné dár scoláireacht agus oideachas i.e. drámaíocht, spórt, amhránaíocht agus ár gcreideamh.  Bhí turas scoile go Cnoc Mhuire againn. Bhí orainn éirí ar a dó a chlog ar maidin chun dul ar bhus ó Bhéal Átha go Corcaigh.  Bhí Aifreann againn ar leath i ndiaidh a cúig i Séipéal Naomh Pádraig, roimh an turas traein a thosnaigh ar leath i ndiaidh a sé.  Bhíomar ar ais i mBéal Átha timpeall meán oíche.  Chuamar go Cnoc Mhuire díreach sar a dheineamar an tÁrd Teastas i 1963.

1960:  Phós Fionnbarra agus Máire sa Samhradh agus thóg sé tigh i mBéal Átha agus chaill mé mo spin chun na scoile.  Bhí múinteoir nua againn agus bhí na ranganna sa Choláiste don chéad uair.  Bhí an t-áth liom arís, mar bé Nollaigh Ó Súilleabháin as Céim an Fhiaidh ár múinteoir nua agus thug sé spin dom ar scoil ón a bhaile.  Bhí orm dul ag rothaíocht thar an Chéim gach lá.  Is minic a thug máthair agus aintín Nollag tae agus toast dom agus téamh cois na tine ar maidin agus mé préachta agus fliuch b'fhéidir, Dia leo go léir.  Bhí na crainn á chur sa Chéim ag na fir a bhí ag obair san foraoiseacht agus mise ag dul tríd an Chéim agus mé ag smaoineamh liom féin, cá mbeinn nuair a bheadh na crainn sin fásta.  Buíochas le Dia, táim anseo chun pléisiúr a bhaint astu, cé go bhfuil Nollaig agus Fionnbarra imithe ar shlí na Fírinne, Beannacht Dé leo.

Meitheamh 1961:  Do dheineamar an Mhéan Teist tar éis dhá bhliain agus is cuimhin liom gur rugadh Máire óg Ní Mhurchú nuair a bhí na scrúdaithe ar siúl.  Bhí sceitimíní orainn go léir de bharr breithe Mháire mar bhíomar go léir cosúil le clann ag Fionnbarra agus Máire.  D'fhág cuid den rang i ndiaidh an Mheán Teastas.

Meán Fhómhair 1961:  Bhí rang nua eile agus saotharlann nua againn, agus múinteoir nua, strainséar ón nGaillimh, Seán Ó Fathaigh.  Mhúineadh sé eolaíocht dúinn.  Bhí sé deacair dúinn é a thuiscint i dtosach mar bhí Gaeilge Connachta aige i.e. phataí in ionad prátaí.  Bhí an-suim ag Fionnbarra san eolaíocht mar theastaigh uaidh gach seans a thabhairt dúinn obair a fháil in ár dtír féin.

1962:  Fuaireamar múinteoir nua eile, Gráinne Ní Mhathúna ó Chorcaigh agus rang nua eile freisin.  Thosnaigh mo dheirfiúr Maighréad an bhliain sin agus thug Nollaig spin di freisin.  Bliain an-tabhachtach dár rang é seo mar bhí an tÁrd Teist á dtógaint againn sa Samhradh.  Bhí an scoil tar éis fás, ach bhraith rang'59 go rabhamar cosúil le clann Fhionnbarra féin go fóill.  Thóg sé go Corcaigh sinn chun an dráma Julius Caeser a fheiscint mar bé sin an dráma a bhí againn don Árd Teist.  Dheineamar an scrúdú don Stáit Seirbhís.  Dhein daoine eile scrúdú don Comhairle Chontae.

Bhíos ag brath liom abhaile tríd an Chéim tráthnóna amháin agus stop Síle Ní Bhriain as Radio Éireann chun cainte liom.  Dhein sí agallamh chun craoladh agus bhíos le cloisint ar Junior Journal go gairid ina dhiaidh sin.  Fuaireas 10 scilling tríd an bPost don agallamh sin.

Bhí tinneas ag Fionnbarra ar feadh cúpla mí i rith na bliana sin agus bhí múinteoir eile againn ar feadh tamaill bhig, bí sin Áine Nic Cárthaigh as an gCeatharlach.  Bhí scoil gach Satharn againn roimh an Árd Teist.  D'fhanfainn i mBán an Teampaill, geall leis gach Aoine, le col ceathrar le mo Athair, Máire Bean Uí Chróinín nó Mary Lehane mar bhí aithne againn uirthi.  Is mó oíche a chaith mé ag éisteacht leis na comharsain agus iad ag scoraíocht san tigh sin.  Ba bhreá liom bheith ann.  Is minic a thug na comharsain spin dom suas agus síos ón scoil freisin.  Bhíodh an lón agam le Maighréad Ní Chróinín go minic agus chuirfeadh a h-athair agus a máthair mór fháilte romham. 

San bhliain deireanach sin, do thógfadh Seán Ó Fathaigh mé féin agus mo rothar abhaile chomh fada le Scoil Cappabuí dá mbeadh an tráthnóna ag cur feartainne go trom.  Is dócha go raibh trua aige dom, mar bhí sé cruaidh go leor ag dul tríd an Chéim agus an bháisteach agus an ghaoth ag bualadh isteach im' aghaidh.  Is minic a dheinim smaoineamh ar na maidine breá i Mí Meán Fhómhair agus mé ag buaileadh síos an Chéim ar an rothar le mo dhá lámh im' phóca agus an drúcht go fuar ar mo aghaidh, stadfainn ag bun na Céime, ag macnamh seal liom féinig agus mé ag breathnú ar an áilleacht im' thimpeall.

D'fhág Nollaig Ó Súilleabháin agus Seán Ó Fathaigh an scoil linn i Meitheamh 1963 agus phós Gráinne Ní Mhathúna agus d'imigh sí freisin.  Tháinig triúr múinteoir nua, ach bhíos imithe.  Thosnaigh mé ag obair i mí Iúil 1963, i monarcha Gearmánach i mBeanntraí agus d'aistrigh mé go dtí Customs agus Excise, san Stát Seirbhís i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna an bhliain sin.  I 1967 tháinig mé ar ais go Corcaigh go dtí Customs.

1970:  Chuaigh mé ar ais go Baile Átha Ciath mar Hostess le Aer Lingus agus ar ais go Corcaigh arís i 1979 nuair a bunaíodh Base do Hostesses in Aerphort Chorcaí.  D'éirigh mé as bheith ag obair tar éis dom cúig bliana is fichead a chaitheamh le Aer Lingus agus táim im' chónaí i gCorcaigh anois.

Bhí Teacht le Chéile (an chéad ceann) ag ranganna 1959 agus 1960 i nGuagán i 1997 agus tá áthas orm a rá go bhfuil an chuid is mó againn in ár gcónaí in Éirinn agus ana chuid dínn i gContae Chorcaí.  As ár rang tá an tAthair Peadar Ó Croinín i Los Angeles agus tá Eibhlín Ní Thuama i mBoston agus tá Amhlaoibh Ó Luasa imithe ar slí na Fírinne, Beannacht Dé leis.   

Is dócha go mbeadh slí beatha an-difriúil agam murach gur oscail Meán Scoil Mhuire i 1959 agus sé a bhí scríobhta im' dhialann '63 ná "Slán beo leis an saol aoibhinn"  Sin mar a bhí dom i Meán Scoil Mhuire.  Tá Scoil Mhuire ann fós, a tháinig i ndiaidh Meán Scoil Mhuire agus go mairfidh sé i bhfad.

Mo bhuíochas do gach éinne a chabhraigh liom agus tá súil agam go bhfuil na daoine atá imithe uainn i Solas na bhFlaitheas i.e. mo thuismitheoirí Seán agus Cáit, Fionnbarra Ó Murchú, Nollaig Ó Súilleabháin agus a mháthair Cáit agus a áintín Peggy,  Máire Bean Uí Chróinín, Bán an Teampaill, Séamus Ó Corcora a thug an párlús dúinn don chéad bhliain, Diarmuid Ó Liatháin gaol liom - bhíodh an-scéalta aige agus thugadh sé tae dom freisin, Seán agus Máire Bean Uí Chróinín, an Choill Mhór, athair agus máthair Maighréad agus Peadar, a thug go leor lón dom.  Mo bhuíochas do gach duine uasal a thug spin dom féin agus mo rothar agus mé ag teacht agus ag imeacht idir mo bhaile in Inse Rua agus Meán Scoil Mhuire i mBéal Átha'n Ghaorthaidh