Um an
dtaca seo is dócha go bhfuil gach éinne tar éis
an cloch mór a fheiscint thuas ag barr an
Chéama, an cloch leis an dá leac air. Tá
pictiúir de i dteannta an ailt seo. Tá sé
scríofa ar an leac seo gur maraíodh triúr des na
Buachaillí Bána agus saighdiúir amháin.
John smith ab ainm don saighdiúir seo agus bhí
scéal ana shuimiúil ag baint leis. Chun an
scéal a thuiscint i gceart níor mhiste cur síos
ar cé a bhí páirteach ann. Is dócha go
raibh aithne ag gach éinne ar Shéamus Walsh ó
Túirín Dubh, bhuel Ritchie ab ainm d'athair
Shéamuis, agus Séamus Mór ab ainm do
shean-athair Ritchie.
Bhí Séamus Mór mar
chaptaoin nó mar cheannaire de shaghas éigin ar
na Buachaillí Bána áitiúla agus bhí easpa arm
agus amuinisiúin orthu. Do mheasadar an
cheist sin a réiteach le cuaird a thabhairt ar
thig Thighearna Beanntraí agus airm agus rl. a
thógaint "saor in aisce" mar a déarfá. Do
dheineadar san agus d'éirigh maith go leor leo,
ach bhí eagla orthu go mbeadh tuairim ag múintir
Bheanntraí gur anseo go Béal Átha'n Ghaorthaidh
a thiocfadh na h-airm. Mar sin do
shocraíodar le Buachaillí Bána Bheanntraí dá
bhfeicidís na saighdiúirí ag fágaint Beanntraí
go raghadh an duine ba ghiorra don tsráid in
áirde ar chnocán agus go ligfeadh sé liú as.
Ansan dhéanfadh an Buachaill Bán ba ghiorra dó
san an rud céanna ar a chnocán féin, agus mar
sin leo go dtí go shroichfeadh an liú Uibh
Laoghaire. Nós an scéil do leanadar leis
an liú go dtí gur shroich sé Carraig an Ime.
B'shin é "an liú gur leath i bhfad i gcéin" atá
san amhrán..
Do shroich na saighdiúirí an
dúthaigh seo i bhfad níos tapúla ná mar a cheap
na Buachaillí Bána a thoicfaidís mar do bhíodar
ar muin capaill agus dheineadar díreach fé dhéin
tigh Cheallacháin thuas i gCloch Bharrach.
Bhí sé beartaithe acu an tigh a dhó agus fear an
tighe a losgadh ina bheathaidh. Do theip
san orthu mar bhí na Buachaillí Bána ag bailiú
le chéile taobh thuas díobh, timpeall Túirín na
nÉan agus mar sin siar agus bhí eagla ar na
saighdiúirí dul níos sia soir. Do
dhruideadar siar i dtreo an Chéama agus bhí an
dá dream ag caitheamh le na chéile fan na
h-aimsire. Bhí scáth na gclathach ag na
Buachaillí Bána agus dá bhrí san ní raibh ag
éirí go maith leis na saighdiúirí. Fé
dheire d'fhág duine des na saighdiúirí a cháirde
agus mheas sé go bhféadfadh sé teacht aniar
aduaidh ar na Buachaillí Bána. Níor éirigh leis
áfach, mar bhí Séamus Mór Breathnach ag
feitheamh leis, agus bhí coimhlint cruaidh
eatarthu. I ndeire na dála do mhairbh
Séamus an saighdiúir - b'shin é John Smith.
Níor fhan na saighdiúirí eile i bhfad
timpeall na háite ina dhiaidh san, d'imíodar leo
thar nais go Beanntraí. Le titim na hoíche
do bhailigh na Buachaillí Bána le chéile agus do
chuireadar Smith i bpoll portaigh taobh thiar
den Túirín Dubh, ar an dtaobh theas den bóthar.
Sin é an chúis go dtugtar Droichidín Smith ar an
ndroichead beag atá thiar ansan fé láthair.
Bhí buachaill aimsire ó thigh na mBúrcach ag
faire ar na Buachaillí Bána nuair a chuireadar
Smith sa phort agus bhí eagla orthu go ndéanfadh
sé spiarracht orthu. Mar sin do thánadar
le chéile oíche eile chun an corp a aistriú go
dtí áit éigin eile. Bhí an oíche ana
dhorcha agus theip glan orthu an poll ceart a
aimsiú. Fé dheire chaitheadar dul siar go
tigh na mBuarcach agus an garsún a thógaint as a
leaba. Fuair an garsún an áit ceart gan
aon trioblóid in aon chor. Do thógadar leo
an corp ó thuaidh trasna an chnoic go dtí Muing
na Biorraí. Do bhaineadar a chuid éadaigh go
léir de agus chuireadar lom nocht isteach i
bpoll portaigh é tar éis súgán a cheangal dá
mhuinéal agus cloch ar an súgán chun an corp a
choiméad ag tón poill Ach do réir
deabhraimh d'ith na heascúin an súgán agus do
phreab an corp go barr an uisce i gceann cúpla
lá. Duine des na Buachaillí Bána ó Ghort
a'Phludaigh a chabhraigh le Séamus Mór chun an
corp a chur sa pholl a fuair amach go raibh an
corp tagtha go barr uisce. Is amhlaidh a
bhí garsún óg aige chun aire a thabhairt dos na
ba agus bhíodh gabhar bán leis na ba i gcónaí.
Tráthnóna amháin níor tháinig an gabhar abhaile,
agus chuaigh an garsún á lorg. Chonaic sé
an corp bán sa pholl portaigh agus cheap sé
gurbh é an gabhar é agus d'inis sé do fhear an
tighe é. Thuig sé sin go maith gurbh é
corp an tsaighdiúra a bhí sa pholl.
D'éirigh sé le breacadh an lae agus bhí
beartaithe aige dul go dtí an muing chun an corp
a chur fé uisce, i dtreo is ná éireodh sé go
brách arís, ach is amhlaidh a bhí an clós lán de
shaighdiúirí.
Bhí an spiaire tar éis a
chuid droch oibre a dhéanamh go héifeachtach.
Tadhg Bréidí ab ainm don spiaire seo agus bhí sé
pósta le h-iníon Máire Bhuidhe Ní Laoghaire,
dhein sé teangmháil leis an mBarrach Mór i gCill
Barra, agus thug an Barrach mála cruithneachtan
dó mar bhreib i dtaobh a chuid scéalaíochta.
Pé scéal é bhí an t-eolas go léir ag na
saighdiúirí agus nuair a tháinig an Barrach Mór
féin lá ar na mhárach, ní bheadh sé sásta éinne
eile a fháil chun an corp a thógaint as a' bpoll
ach na Búrcaigh, beirt clainne le Máire Bhuidhe.
Bhí cómhra acu, ach do chaith mná na h-áite
bairlíní a thabhairt dóibh. Do thógadar
John Smith leo agus do chuireadar thoir i reilg
Inse Geimhleach é agus tá sé ann fós
D'éalaigh Séamus Mór go Sasana agus bhí sé ar a
theithe ar feadh blianta fada ach sin scéal eile
ar fad.