Óráid a thug An tEaspag C. O Luasa nuair a
fhreastail sé ag an searmanas oscailte de
Seachtain Ghlór Na nGael i mBéal Áthan
Ghaorthaidh 27ú Iúil 1965.
"A Cháirde uaisle.
I dtosach báire, ba mhaith liom a rá gur cúis
áthais dom - mar Easpog, mar Gael,
agus mar leath-Bhéal Áthan an Ghaorthach -
bheith anseo inniu i measc Gael na tíre.
"Is
mó de ghlóire do náisiún a theanga dhúchais ná a
soirse, ná fiú amháin a saibhreas saolta.
Mo léan géar ní hí an teanga dhúchais a labhrann
an chuid is mó do mhúintir na hÉireann anois ach
teanga na nGall. Agus ní féidir linn a rá
gur 'sa Ghaeluinn atá glór na glóire na nGael
anois" - ach gur "inti ba chóir
dóibh a bheith", agus gurb í náire na nGael atá
i dteanga na Sacsan".
"Le mórán blian anois tá saoirse ó smacht
Shasana againne sna contaethe seo
d'Eirinn. Ach nil aon tsaoirse againn ó
Bhéarla Shasana. Is amhlaidh atá líon na
gcainteoiri dúchais tar éis titim ó
bhliain go bliain ó thainig rialtas dár gcuid
féin i gcomhacht. Agus ar an gcuma ceéanna
chuaigh "sprid" an phobail chun na Gaeluinne i
laige in ionad dul i neart.
"Cad is cúis
leis seo? Tá dhá phríomh-chúis leis, is
dóigh liomsa. Ar dtúis is insan Ghaeltacht -
níos mó ná áit ar bith eile den tuath atá líon
na ndaoine tar éis titim ar fad. Tá
ceantair na Gaeltachta a bhánú le daichead
bliain anuas. Le linn dúinn bheith ag
iarraidh teanga na Gae1uinne a shábháil bhí
faillí a thabhairt againn ins na daoine a
bhí ag labhairt na teanga, fé mar ba rud é
an teanga a bhí níos tabhachtaí ná na daoine a
bhí á labhairt - nó fé mar ná beadh sí ag brath
ortha in aon chor.
"Is é an dara
cúis, dar liom, leis an scéal a bheith againn
mar atá ná gur bhaineamar úsáid as slite chun na
teanga a shábháil a bhí ró-thuathalach agus
ró-shaolta. Bhaineamar triail as éigeantas
nach raibh ár gcroí ann; agus ar an dtaobh eile
bhí roinnt deontaisí agus postanna á thabhairt
de bhárr na Gaeluinne agus níor chuimhníomar in
aon chur gur fearr an "sprid" a bhí ann nuair
nach raibh aon deontas ná aon phost le fáil
aisti. Más í teanga tíre glóire na tíre
agus anam na tíre chomh maith, is ar na nithe a
bhaineann le cúrsaí glóire agus
cúrsai na hanam is ceart dúinn bheith ag brath
chun dúthracht ar son na teanga dúchais a
mhúscailt, agus ní ar aon spreagadh saolta.
"Is fíor nach féidir an Ghaeluinn a
choiméad beo - gan trácht ar í a athbheochan -
gan sonas áirithe saolta a bheith ag lucht a
labhartha. Ach ní leor spreagadh saolta
amhain chun an cath a bhuachaint, ná fiú
amháin a chur chun cinn. Is cabhair é, ach
sin uile. Cad tá á mholadh agam mar
sin? So chéad áit molaim forbairt chomh
már sin a dhéanamh ar cheantair na Gaeltachta
nach mbeidh ar duine ar bith a thagann ar an
saol iontu dul lasmuigh díobh ag lorg slí
bheatha ná ag lorg dul ar aghaidh sa tsaol.
Déantar iomadú agus fairsingiú ar phobal na
Gaeltachta, agus déantar na ceantair a leathnú.
Chuige seo beidh gá againn le tionscail áirithe.
Bíodh na tionscail sin bunaithe, áfach, ar
acmhainn nádúrtha na gceantar féin, nar shampla,
anseo i mBéal Átha an Ghaorthaidh ar thorthaí na
feirme agus ar obair adhmaid, in Oileán Cléire
ar an iascaireacht.
Molaim ansin san dara
áit luí ar an tairbhe spioradálta a ghabhann le
labhairt na Gaeilge agus leis an gcultúr
Gaelach. Ár dteanga dúchais í an Gaeilge, teanga
a bhfuil saibhreas spioradáltachta ina litríocht
agus ina gnath-bheannachtaí. Tá an teanga
Gaeilge féin agus an Creideamh Críostaí in
Éirinn fite fuaite ina chéile le míle go leith
bliain..........."
"Guím mo bheannacht ar obair na
Seachtaine, ar Ghlór na nGael, agus a
Chuspóirí."