Diarmuid Ó Mathúna  R.I.P.

Ar an 4ú lá de mhí Dheire Fómhair seo ghaibh tharainn, d'fhág Diarmuid slán ag an saol seo.  Bhí cónaí air ar Dhrom an Allaigh agus ba ina thigh a bhí an dí-shealbhú cáiliúil sa bhliain 1906.  Comóradh an ócáid thabhachtach seo ar an       lá de mhí             sa bhliain       , nuair a nocht an Ginearál Ó Maolcatha plaic ag ceann a thí.  Is cuimhin liom an ócáid  -  lá fliuch tóirní.

Duine uasal ba ea Diarmuid ó smior go smúsach - fear ciúin, séimh, galánta le suim mhór aige sa chultúr agus in imeachtaí Gaelacha.  Ba mhinic a aithris sé an giota aithriseoireachta atá san iris seo.  Agus ba mhinic leis a ghlac sé páirt sa drámaíocht - bhí mórphíirt aige sa Bhunán Buí ach go háirithe.

Tá sé imithe uainn anois agus deinimíd cómh bhrón ó chroí lena bhaintreach Máire, lena chlann agus lena dheirfiúracha.  Bhí saol fada aige cois Laoi na screabh.  Leaba i measc na Naomh go raibh agat a Dhiarmuid.   

Donnchadh Ó Luasaigh,
Baile an Chollaigh


Seo giota aithriseoireachta a chloistí go minic á aithris ag Diarmuid Ó Mathúna  ag coirmeacha ceoil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh timpeall leath chéad bliain ó shin. 

1.

Ní fheadar i n'Éirinn cad é mar shaol é,
Ní thuigeann éinne é i gcóir ná i gceart,
Mar dá mbé an tincéir é nó an táilliúr aerach
Nó an bacach féinig - gheibheann siad bean.

2

Ní druincéir mé ná ropaire éithigh
Agus feall níor dheineas riamh ar neach;
Cé gur mór é m'éirim, its quite plain now
Gur lochtaí éigin a dhein mé a lot.

3

I dtús mo shaoil dom bhíos beagáinín aerach
Is ar na comharsain taobh liom ní bhfaghainn aon bhlas
Is mo mháthair féinigh ag rádh i nagha'n lae liom
That twas with the agent I should make a match.

4

Bhí Tadhg Ó hÉalaí ar an mbaile taobh liom
Chomh maith le h-aon fhear i gcáil is i rath;
He'd give me Mary agus deighleáil spré leí
Is ní raibh her equals sa pharóiste ar fad.

5

Ach nuair a bhí m'éirim ar iníon an agent
Ag Máire Ní Éalaí ní raibh aon tseans,
Agus Pádraig Ó Céirín chuir sé chugam le scéala -
I told him plainly gan teacht thar nais.

6

Blianta ina dhiaidh san bhí iníon eile ag hÉalaí,
Cé ná raibh sí in aon chor chomh maith le Moll;
Ach shíleas féinigh nár mhór an sméid é
Dá bhfaighinn mar chéile í agus fortune maith.

7

Chuireas Father Brady ann le scéala
Is ní iarrfainn aon ní léi dubh nó geal
Ach bé a rádh go léir leis that I was getting grey now
Is ná tógfadh Kate mé dá mba liom Éire ar fad.

8

Anois táim im aonar is ag dul san aos leis,
Gan wife ná baby a réiteóch beart;
Ach tá iníon tincéara ná fuair fós éinne
And if she wont take me, I must stop!