Conas Ciseán a Dhéanamh.  11. 10. 1938.

Schools Manuscripts.

Cáit Ní Chróinín, Inse Beag, Béal Atha'n Ghaorthaidh. 

Rang a hOcht.


Is beag tigh mór-thimpal na h-áite seo atá gan ciseán nó dhó.  Rud an-úsáideach iseadh an ciseán chun cabáiste nó prátaí nó móin do thabhairt isteach.  Fadó do bheadh  duine nó beirt as gach tig ábalta ar chiseán do dhéanamh ach anois níl ach beirt nó triúr as an ndúthaigh go léir ábalta ar cheann do dhéanamh.  Baintear úsáid as málaí anois chun gach aon nídh a dhéanamh.


Chun ciseán do dhéanamh do chaithfá ocht gcinn déag de shlata fhada láidre do cur ina seasamh ar an dtalamh.  Sáidhthe a ghlaodhtar ar na tslait sin.  Deintear buinne an bhéil(rim-wale) annsan. Is deachra an buinne sin do dhéanamh ná aon chuid eile den chiseán.  Mura ndéanfá an buinne sin sa cheart do sgaoilfeadh sé nuair a thógfá an ciseán as an dtalamh.  Má bhíonn na sáidhte fada a ndóthain deineann siad cuid den ciseán i dteannta an buinne.


Do thosnófá ar bhuinne eile annsan agus do dhéanfadh na slata sin smuit eile den chiseán.  Do thosnófá ar an dtríú  buinne annsan agus do leanfá ort go dtí go mbeadh sé i n-am "buinne na tóna" do cur ann.  D'iompófá na sáidhte treasna annsan agus do chríochnóchadh na slata sin tóin an chiseáin.  Annsan dhéanfá na sáidhte do ghearradh timpeall dhá órlach ó bhuinne an bhéil.


Ní bheadh puinn maith ins an ciseán gan iomchair agus dá bhrigh sin deintear cinn do chur air.  Fadó bhíodh súgán déanta de thuighe nó d'fhéar mar iomchair ag na daoine ach anois bíonn píosa de shean-mhála na ionad san.


Fuaireas an sgéal so ó Dhómnall Ó Suibhne,Doire an Lunaig.


(Uasaidthe le Cead Roinn Na Gaeilge UCD)