Buíonn Píobairí Barra Naofa

Bunaíodh Buíonn Píobairí Barra Naofa i mBéal Átha'n Ghaorthaidh i 1928 agus tá sí fós beo agus ag dul i dtreise.  Le seachtó bliain anuas, is beag tigh sa cheantar nách bhfuil píobaire nó drumadóir tagtha as chun cúpla bliain a chaitheamh ag seinnt sa bhanna.

Bíonn an Banna Ceoil i gcónaí ullamh chun fáilte a chur roimh fóirne peile go mbíonn craobh nó cluiche tábhachtach buaite acu.  Bíonn an fháilte céanna curtha roimh gach gaiscíoch, foireann scoile, boladóir agus le déanaí, Pádraig Ó Cróinín ó Ros a'Locha a bhuaigh an chéad áit sa domhan le haghaidh bearradh caoirigh i gCo Loch Garman.

Nuair a tháinig Tadhg Ó Mongáin abhaile mar Easpag ar Los Angeles i 1945 agus mar Chairdinéal ar Los Angeles i 1973, bhí an Banna Ceoil ag seinnt roimhe agus é ag gabháil tríd an bhaile.  Cuireadh an fháilte céanna roimh an Cairdinéal Tomás Ó Fiach nuair a thug sé cuairt ar Bhéal Átha'n Ghaorthaidh.  Go ndéana Dia trócaire ar an mbeirt acu.

Fé láthair tá suas le fiche ball sa Bhanna Ceoil.  Bíonn orthu cleachtadh a dhéanamh go minic, go mór mhór nuair a bhíonn geallúintí acu le haghaidh cluichí, taispéantais, féiltí agus .rl  Tá iarracht á dhéanamh fé láthair an culaith éide agus na h-úirlisí a fheabhsú ach is tionscnamh an-chostasúil é seo agus beidh baill an bhanna ag iarraidh airgead a chur le chéile pé slí is féidir leo, chun an caighdeán árd atá tuillte ag Buíonn Píobairí Barra Naofa leis na blianta anuas a chaomhnú agus a thógaint isteach sa bhliain 2000.