An tAmadán Mór

 

Tógadh an scéal seo as an leabhar "Béaloideas Bhéal Átha'n Ghaorthaidh"- cnuasach scéalta a bhailigh Conchubar  Ó Múimhneacháin ó mhuintir an cheantair agus a foilsíodh i 1934.

Bhí baintreach ann fadó, agus bhí aon mhac amháin aici ar a dtugtaí an tAmadán Mór.  Tháinig lá sneachta agus chuir a mháthair d'iarraidh na ngabhar é, agus thug clóca dhó chun é chuir aniar air ón bhfuacht.  Ag teacht abhaile dhó, chonnaic sé gallán, agus cheap sé gur fear a bhí ann.  Tháinig trua aige dhó agus bhuail a chlóca aniar air i dtreo na leathfaí é.  Nuair a tháinig sé abhaile d'fhiafraigh a mháthair de cár ghabh sé leis an gclóca. D'innis sé di.

"Greadadh chugat a amadáin", ar sise, "rith thar n-ais agus faigh dom mo chlóca go mear."  Nuair a chuaigh sé go dtí an gallán, is amhlaidh a bhí an clóca séidthe de ag an ngaoith, agus é clúdaithe ag an sneachta.  Chrom sé ar bheith ag baint sásaimh de'n ghallán, agus ghá rádh leis clóca a mháthar do sholáthar dó gan mhoill.  Nuair ná raibh sé ag fagháil aon admháil uaidh, tháinig fearg air, thug a ghuala fé agus do leag.

Fuair sé próca óir fé bhun an ghalláin, agus thóg leis abhaile ag triall ar a mháthair é.  Geallaim-se dhuit ná raibh an clóca ag déanamh buartha dhi as san amach.  Bhuail an duine uasal gur leis an talamh i dtreo an ghalláin, nuair a bhí an sneachta imithe.  Fuair sé rian an phróca ann agus roinnt píosaí óir.  Casadh an t-amadán air agus d'fhiafraigh sé dhe an bhfeaca sé aoinne ag leagadh an ghalláin, nó ag tógaint an óir.  Dubhairt an t-amadán leis gur é féin a leag é, agus a rug leis an t-ór.

"Airiú, cá bhfuil sé agat?" ar seisean leis an amadán.  "Tá sé istigh sa chómhrainn ag mo mháthair", ar seisean.  "Téanam ort, go dtugair dom é, mar is liomsa é", arsa an duine uasal.

Nuair a shroiseadar an tigh dubhairt sé leis an amadán é a thógaint aníos chuige.  "Tóg féin é", arsa an t-amadán.

Nuair a chrom sé síos chun é thógaint, do bhuail an t-amadán a dhá láimh leis, agus chaith isteach é, agus d'fhág ann é agus glas air, go dtáinig a mháthair isteach.  Nuair a d'oscail a mháthair an doras fuair sí an duine uasal múchta marbh.  D'árduigheadar leo agus chaitheadar isteach i bpoll é.  Nuair a chuaigh an t-amadán a chodladh do mhairbh a mháthair gabhar agus chuir sí sa pholl ina raibh an duine marbh é.  Thóg sí léi an fear agus chuir i bpoll eile é, ar eagla go scéithfeadh an t-amadán uirthi, agus go n-ídeochthaí í.

Nuair nár fhill an duine uasal do gluaiseadh á lorg.  Do bhuail duine de'n lucht cuarduigh um an amadán agus d'fhiafruigh sé dhe an bhfeaca sé in aon bhall é.  Dubhairt seisean go bhfeaca, gur mhairbh sé féin agus a mháthair é, agus gur chuireadar i bpoll portaigh é.  "Téanam ort, agus taispeáin an poll dúinn", ar seisean.  Chuadar go dtí an poll, agus d'iarradar ar an amadán é thógaint aníos chúchu, i dtreo ná beadh orthu iad féin a fhliuchadh.

Nuair a sháith sé síos a lámha, is é céad rud a bhuail uime ná adharca an ghabhair.  "Gcloistí, an raibh adharca ar bhúr máistir?" ar seisean, á tharrac aníos chúchu.

Chuireadar díobh, agus dúradar nár tugadh aon leas-ainm air.

Nuair a fuair a mháthair amach cad do dhein sé, thug sí fághaltas airgid dó, agus dubhairt leis scrios leis féin, agus gan  filleadh go deo arís.