Tochailt sa Chíll Mhór

(Archaeological Dig in Kilmore - July 1997)

 

Thosnaigh an obair go moch maidin Luan, 15 de mhí Iúil.  Bhí ceathrar seandálaithe ó Ollscoil Glasgow ag obair ar an suíomh agus ochtar ón gCumann Staire áitiúil ag cabhrú leo.  Fad is a bhí baill an Chumainn ag aistriú téad agus ag leagadh amach grideanna, bhí beirt des na seandálaithe ag tomhas an suíomh agus rudaí eile sa timpeallacht.

Bhí Restestivity metre ag duine amháin agus bhí sí ag siúl suas síos na páirce chun pictiúir iomlán a fháil den pháirc.  Bhí an ceathrú duine ag obair le Magmamoter ag tomhas chomh maith agus arís bhí air an pháirc go léir a chlúdach.

Bhí JCB sa pháirc ar an ceathrú lá chun an talamh a bhriseadh.  Fuaireadh rian de "enclosure" le dhá chlaí.  "Enclosure" an mhór a bhí ann.

Oíche Dé hAoine d'osclaíodh an pháirc don phobal agus bhí seans ag daoine féachaint ar an obair a bhí déanta le linn na seachtaine.

Tá ceithre acra sa suíomh ar fad agus d'obraigh na seandálaithe ar pháirt den suíomh seo.  Bhí fhios acu go raibh "souteraine" ar thaobh amháin den pháirc agus níor dhein siad aon obair ar sin i mbliana, mar bhí stracfhéachaint acu ar sin seacht mbliana ó shin nuair a fuaireadar an "souteraine" an chéad lá.

Sé toradh na tochailte, de réir na seandálaithe i nGlasgow ná  gur suíomh mór eaglaise a bhí ann sa 6ú nó sa 7ú aois ach ceaptar nár baineadh úsáid as ró fhada.  B'fhéidir gur baineadh úsáid as an áit mar áit cruinnithe (Assembly Place) ina dhiadh san.  Níl aon fianaise go raibh settlement ann.

Tá "souteraine" ar thaobh na páirce agus cuireadh dáta sa 9ú aois ar sin.  Tá rian settlement sa  "souteraine" seo agus b'fhéidir, le tacaíocht go dtiocfadh na seandálaithe thar nais chun tochailt a dhéanamh ar an suíomh seo, an samhradh seo chugainn.

Ár mbuíochas do gach éinne a chabhraigh linn i rith an tSamhraidh, fhaid is a bhí na seandálaithe ag obair sa cheantar.

Máire Uí Léime, an Chíll Mhór.