Tá an scéal
beag seo tógtha ós na 'Schools
Manuscripts 1938'
le Cáit Ní
Chróinín, Inse Beag - Rang a hocht.
Na Daoine Maithe
Nuair a bhí fear gurb' ainm do Donncadh
Ó Ríordáin, atá ina chómhnaidhe fé
láthair ar an Inse mBig ina bhuachaill
óg tímpal sé bliadhna déag do cuireadh i
n-aimsir é go dtí duine de mhuinntir
Ríordáin a bhí na comhnaidhe thiar sa
Chúm Ruadh. Tugtar gleann
Deasmhumhan uaireanta ar an áit seo atá
suidhthe tímpal míle siar ón nGúgán
Barra.
Oidhche tar éis dul a
chodhladh do Dhonncadh agus do mhuinntir
an tighe d'airigheadar an fothrom
uathbhásach tímpal na cistineach.
Bhí na h-ártaighe ag cliotaráil, corcáin
á mbriseadh, cathaoireacha á gcaitheamh
ó thaobh go taobh an tighe agus
mheasadar go raibh gach aon rud ann ina
smidiríní. Bhíodar ag faire cun go
dtiocfadh amharc an lae cun go
bhfeichfidís cad é an díoghbháil a bhí
déanta.
Thug na daoine
maithe cuaird ar an sgioból chomh maith
agus d'airig muinntir an tighe iad ag
raobadh agus ag briseadh. D'éirigh
muinntir an tighe le breacadh an lae
chun feiscint cad é an dioghbháil a bhí
déanta tar éis na h-oidhche. Ní
fheacadar aon lot agus fuaireadar gach
rud san ionad chéadna agus ar an dtreó
inar fágadh iad an lá roime sin.
I gcionn seachtaine do buaileadh
breoidhte sean-bhean a bhí sa tig gur
b'ainm dí Máire Ní Laoghaire, Máire
Thomáis. Aniar ó Chill Gharbháin i
gConntae Chiarraighe abeadh í agus do
cailleadh í trí mhí ón oidhche a
buaileadh breoidhte í agus dá chómhartha
san féin tá sí curtha i n-Inse
Geimhleach.
|