Comhthionól d'iarscoláirí Meán Scoil Mhuire - 1959-60 agus 1960-61
"Abhaoinn beatha an
scoláire". B'shin díreach mar a mhothaigh
grúpa áirithe d'iarscoláirí a fhreastal ar Mheán
Scoil Mhuire i mBéal Átha'n Ghaorthaidh tráth
agus a tháinig le chéile arís ar an 2ú Lúnasa
1997 sa Ghuagán chun sean-chuimhní a
ath-chíoradh agus a shuathadh. B'iad na
scoláirí a bhí sa chéad bhliain i 1959-60 agus
scoláirí céad-bhliana 1960-61 a bhí i láthair.
Ba sa bhliain 1959 a bunaíodh an scoil.
Dob é Fionnbarra Ó Murchú (nach maireann)
bunaitheoir agus príomhoide na scoile.
Meán Scoil comhoideachais a bhí ann -
rud a bhí neamhchoitianta go leor ag an am ach
atá forleathan go leor i láthair na huaire.
Cláraíodh fiche dalta an chéad bhliain agus
tionóladh na ranganna i seomra de chuid mhuintir
Chorcora in aice na huachtarlainne.
Tionóladh na ranganna i Halla an Choláiste
taréis bliana.
Dob í Cáit Ní Ruairc a
d'eagraigh an teacht le chéile iontach seo.
Bhí na h-iarscoláirí go léir an-bhuíoch di de
bharr a cuid éifeachtúlachta agus riaracháin
- thaisteal sí bóithríní Mhúscraí ó dhubh
dubh le flosc dá gnó.
Thosaigh na
h-imeachtaí le hAifreann, i Séipéal an Ghuagáin.
Dob é an tAthair Peadar Ó Cróinín, S.S. CC.,
duine des na h-iarscoláirí, a dhein an tAifreann
a cheiliúradh. Bhí Peadar ar cuaird
abhaile ó Los Angeles agus é féin ag comóradh
cúig fichead mar shagart do. Ina sheanmóin
thagair sé do Fionnbarra Ó Murchú -
mheas sé go bhfuair sé inspioráid éigin teacht
go Béal Átha'n Ghaorthaidh, rud a thug seans dó
oideachas meán-scoile a thabhairt do dhéagóirí
an cheantair in sna seascaidí, seans ná
bhfaigheadh cuid acu mura mbeadh é. Dúirt
sé go raibh an saol mar phíosa táipéise agus go
raibh an-bhaint ag Fionnbarra i bhfí na táipéise
seo i saol a chuid scoláirí.
Chan Dónal Ó
Cróinín ó Chill na Martra iomainn bheannaithe le
linn an Aifrinn agus ba bheag súil tirim a bhí
san aireagal nuair a dúradh paidreacha do
mhúinteoirí agus do scoláirí a bhí ar shlí na
fírinne. Ina measc siúd bhí Fionnbarra Ó
Murchú agus Nollaig Ó Súilleabháin (múinteoirí),
Pádraig Mac Carthaigh, Eibhlín Ní Choitir
(Suibhne) agus Amhlaoibh Ó Luasaigh (scoláirí).
Grásta ó Dhia orthu go léir.
Bhí cóisir
in Ostán Uí Chróinín mar bhuille scoir ar na
h-imeachtaí agus cuireadh mór-fháilte roimh na
h-aíonna speisialta, Eibhlín Uí Chorcora, Máire
Uí Mhurchú, Síle Uí Chorcora, Tadhg Ó Léighin,
Seán Ó Fathaigh agus Antóin Ó Clúimháin.
Ansan deineadh bronnadh ar an Athair Peadar.
Bhí an-oíche caidrimh, cuideachta agus ceoil ina
dhiaidh san. Chuir timpeallacht an ostáin
agus suaineas an oileáin go mór le himeachtaí na
hoíche.
Bhain lucht freastail na hócáide
an oiread sin taitneamh as an ócáid go
bhfuiltear ag súil nach fada go mbeidh teacht le
chéile eile á reachtáil.
Eibhlín Ní Luasa, Drom an Ailligh