Dubhchoill, Damhas agus Seithe - Three  mountains near Ballingeary

le Vincent Ó Súilleabháin.

Trí shliabh i Raon na Seithean anso in Iarthar Chorcaí, isea Dubhchoill, Damhas agus Seithe.  Scéal an-choitianta timpeall na dúthaí seo, isea an scéal mar gheall ar conas a tugadh na h-ainmneacha sin ar na trí chnoic. Tá an scéal seo thíos, fós le fáil ós na daoine in Iarthar Mhúscraí, Beanntraí agus Cairbre, mar tá Cnoic na Seithean teorainnteach leis na trí bharúntachtaí sin.

Fadó, fadó bhí scata de shealgairí ag fiach comhgharach do ghleanna an Chéama (Céim an Fhia) idir Chaolchoill agus Béal Atha'n Ghaorthaidh, míle nó dhó ar an dtaobh theas de Ghúgán Barra.  D'árdaíodar fia rua sa choill a bhí ag fás ar leacha an tsléibhe os cionn an ghleanna.  Crainn píne abea iad agus mar sin tugadh  Dubhchoill mar ainm ar an sliabh sin riamh ó shin.

Pé scéal é, d'imigh an fia leis ó dheas. Bhí na sealgairí agus na coin go dian ar a thóir.  Ag iarraidh éaló uatha, phreab sé ó dheas agus soir timpeall a'chnoic, ansan chas sé ó thuaidh arís go dtí an áit inar éirigh sé.  Ach mo léan! b'éigean dó tiomáint leis arís,  gan stad gan staonadh.  Lean an tóir air.  Thiomáin an fia leis ag pocléimrigh agus ag damhsa timpeall an chnoic, tamall eile, ach más ea, ní fhéadfadh sé na cosa a thabhairt leis.  Tugadh Damhas mar ainm ar an sliabh sin, ó shin, toisc a oiread sin preabadh nó damhsa a bheith aige sa bhall sin.

Nuair a theip ar an ainmhí bocht an tóir a chuir de, thug sé a aghaidh ó dheas arís fé dhéin an tríú sliabh agus an ceann ab aoirde díobh go léir.  Fén am seo, bhí sé ag dul i laige agus bhí an tseilg ag druidim leis, diaidh ar ndiaidh.  Fé dheire, thit an créatúir bocht ina chnap ar thaobh an tsléibhe.  Ní raibh a thuilleadh reatha ann.  Bhí a phort seinnte mo léan!  Dhruid na sealgairí suas ina aice, d'ionsaigh na fiachoin é agus sar i bhfad, mo bhrón! bhí an créatúir marbh acu.  Do bhain lucht na seilge an craiceann nó an seithe de sa bhall sin agus d'árdaíodar leo abhaile a chuid feola chomh maith leis an seithe. 

Riamh ó shin, tugtar Seithe (Mhór) mar ainm ar an sliabh úd agus Seithe Bheag a tugtar ar an sliabh, sliabh níos ísle, atá lena ais.  Tá na hainmneacha, Dubhchoill, Damhas, agus Seithe ar eolas ag gach mac (agus iníon) máthar ins na paróistí Béal Atha'n Ghaorthaidh - Uibh Laoghaire, Beanntraí agus Dúnmaonmhaí.  Faríor ghéar, níl fia le feiscint in ao'bhall mór thimpeall an cheantair seo sa lá atá inniu ann.  Is fada iad imithe.  Ach is deas an scéal é mar sin féin.  Creidim-se ann ar ao'chuma.