Sa
bhliain 1906 bhí na feirmeoirí timpeall ar Bhéal Atha'n Ghaorthaidh ag
iarraidh a gcuid talún a cheannach ós na Tiarnaí Talúin, ach an socrú a
thabharfadh na Tiarnaí ní shásódh sé na daoine. Bhí feirmeoir amháin
gurb ainm dó Diarmuid ó Mathúna ná díolfadh an cíos agus do chuir an
Greatánach - an Tiarna Talún as seilbh é ar an ceathrú lá de mhí Iúil agus
do chuir sé fear darbh ainm dó Simpson isteach ina ionad.
Oíche an
lae 'nar cuireadh amach é tháinig laochra óga an cheanntair le chéile agus
chuadar i gcomhairle na mic léinn a bhí ag freastal ar an gColáiste Gaelach
i mBéal Atha'n Ghaorthaidh, ag an am. Do shocraigh an dá dhream go
ndéanfaidís iarracht ar "Simpson" a chur amach agus an feirmeoir a chur i
seilbh arís. D'éirigh leo an ruaig a chur ar Simpson agus chuaigh sé
go dtí an Beairic i dteannta na bpíléirí. Chaith sé an oíche ann agus
do theith sé leis féin ar maidin.
Bhí fhios ag cách ná raghadh na fir
a dhein an gníomh misniúil seo saor ón dlí agus ní raibh ionadh orthu nuair
a tháinig timpeall leath-chéad píléirí ó Dún Maon Mhaighe ar an 6ú lá déag
de mhí na Lúnasa agus do ghabhadar naonúr fear. Do rugadh iad os
comhair na cúirte i Magh Chromtha agus tar éis an scéal a phlé do scaoileadh
amach ar bhannaí iad go dtí Seisiún an Gheimhridh.
Seachtain ina
dhiaidh sin tháinig na báillí agus na píléirí agus chuireadar amach Diarmuid
ó Mathúna arís agus cuireadh fear darbh ainm Mac Dáithí i bhfeighil na
h-áite, agus tugadh breis píléirí isteach san áit chun aire a thabhairt dó.
An Domhnach ina dhiaidh sin tionóladh Cruinniú Poiblí i bpáirc ar thaobh
an bhóthair taobh thoir do Dhroichead Inse an Fhosaidh, agus tháinig Ball
den Pharlaimint ann agus daoine cáiliúla eile chun labhairt i gcoinnibh an
díshealbhú. Sé an comhairle a ceapadh ná iarracht a dhéanamh ar an
aodhaire a chur amach agus Diarmuid do chur isteach.
Bhí a lán
póilíní ag cosaint an tí agus airm acu. Tugadh fogha fé'n dtigh agus
caitheadh cuid mhaith cloch chun iachall a chur orthu géilleadh. Do
gortaíodh cuid des na píléirí agus ansan do chaitheadar roinnt urchar.
Maolaíodh ar mhisneach an lucht ionsaithe agus do scaipeadar go luath ina
dhiaidh san. Do gabhadh seisear príosúnach mar gheall ar obair an lae
sin.
Bhí na píléirí ar thóir na ndaoine eile go raibh droch amhras
acu orthu agus i mí na Feabhra do ghabhadar ceathrar fear eile. Ar
deire, níor trialladh in aon chor an ceathrar san ach trialladh na
príosúnaigh eile i gCathair Luimní. Do daoradh triúr - Domhnall ó
Laoghaire ó Bhán an Aoill, Conchubhar ó Laoghaire ón gCúm Dorcha, agus
Séamus ó Cróinín ó Inse idir dhá Fhaill. Gearradh trí mhí sa phríosún
orthu.
Bhí daoine eile á ngabháil agus á dtriail acu, agus cuireadh
fíneáil ar cuid acu. Cuireadh fíneáil ar cuid des na mná chomh maith a
bhí ag cabhrú leis na fir. Cuireadh mí sa phríosún ar triúr gurbh ainm
dóibh Diarmuid A Coitir, an "Scéalaí" ón gCurraithe, Séamus a
dheartháir, agus Seán ó Tuama. B'shin deire na bruighne agus b'é
an rud a thainig as ná gur chaith an Tiarna Talún géilleadh agus a chuid
talún a thabhairt thar nais do Dhiarmuid ó Mathúna agus gur chaith na
Tiarnaí Talúin eile a gcuid talún do dhíol leis na tionóntaithe. Dhein
muintir na h-áite troid mhaith agus is mór an creidiúint atá ag dul dóibh
'na taobh.
Tá an sliocht thuas tógtha ós na
"School's Manuscripts" ón bhliain 1938.
You gallant young
patriots and lovers of Erin
Your attention I claim some facts to renew
Concerning the fate of a man of our neighbours
Who was evicted of late
for rents that occurred.
Twas unknown to the natives of Keimaneigh
and Ballingeary
In the morning hours early this tenant was scared
By
sheriffs and bailiffs, police and caretakers
With rifles and bayonets
possession they claimed.
Possession being taken and Simpson there
stationed
The bloodhounds of Satan proceeded in haste
To evict a poor
labourer that lived quite adjacent
But some students of Gaelic defended
him brave.
Terry the agent of the rack renting Grehan
The arrears
he claimed they never were due
His rent book was shameful, his oath it
was careless
Therefore a decree he claimed for eviction most cruel.
On the night of the alarm with trumpets and horns
Our countrymen
formed in crowds in a rage,
O'Neill and the sergeant it's they who were
guarding
They yielded when warned with stones on the slates.
Those
treacherous bobbies next issued some warrants
From the dark Dublin
Castle our lads for to chase
How slyly they acted in fixing that matter
With the thieving transaction of their officer Dale.
These are
some of the verses of a song about the 1906 Eviction in Ballingeary.
The Cumann Staire would be interested in hearing from anyone who might have
the complete version.
Photo of Local Men involved in events occurring
during the Eviction of Jerry Mahoney, Dromanallig.
Top back:
Dan Murphy.
Second Row - left to right: Patsy Dick Cronin,
Keimcorraboula; Batty O'Leary, Gortafludig; Denny Carthy,(uncle
of Lynch's Top of Currahy); Dan Lehane, Tooreenlahard; Bill Ger
Cotter, Kilmore; Johnny Twomey, Currahy,(Tadhg Twomey's Father);
Connie Hyde, Scrahanmore; Diarmuid A'Coitir, Currahy; Mickey
Eoin Og O'Sullivan, Currahy.
Seated: Jerry Mahoney, Dromanallig
Front - Right of Jerry Mahony: Conchur A'Coitir, Currahy (Con
Cotter's grandfather); John Cronin, The Lodge (Father of Jackie the
Lodge); Neilus Sweeney, The Village; James Cotter, Currahy (Con
Cotter's Father); Thady Jerry O'Leary, Currahy (Nelly Johnny Fox's
Father).