Dan Seán ó Céilleachair


Agus an Iris seo á ullmhú againn, tháinig fear amháin isteach in ár n-aigne go minic, agus bé sin Dan Seán ó Céilleachair, Beannacht Dé lena anam.  Blianta eile nuair a bheadh fadhb nó ceist agat faoi stair na h-áite, nó a leithéid bheadh slí as agat.  D'fhéadfá dul chun cainte le Dan Seán, agus cinnte bheadh freagra na ceiste aige ar bharr a theanga.

Ach faraoir, sciobadh Dan Seán uainn go tobann i dtús mí Aibreáin.  Ba mhór an chailliúint é don cheantar in iomlán agus go h-áirithe dá bhean chéile Joan agus dá chlann.  Bhí árd-mheas ag gach éinne air, idir óg agus aosta.

Fear mór le Gaeilge ab ea Dan agus bhí sé eolasach árd-éireamach.  Bhí ana chuimhne aige agus bua na cainte chomh maith.  Bhí stór mór scéalta, seanfhocail agus ráitisí aige.  Is cinnte go bhfuil a lán acu imithe leis.  Ba bhreá an comhluadar é agus is é a bhí go maith chun scéal a insint.

Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Cumann Staire i mBéal Atha'n Ghaorthaidh i 1991 agus beimíd i gcónaí buíoch dó as ucht an chabhair go léir a thug sé dúinn.  Chuir sé go mór le h-aon ócáid a bhí ar siúl, le méid a eolais agus a líofachta.

Bhí ana shuim ag Dan i nDrámaíocht agus aisteoir iontach ab ea é.  Ghlac sé páirt in an-chuid drámaí áitiúla.  An oíche sula bhfuair sé bás, fiú, bhí sé i láthair ag Féile Drámaíochta na Mumhan, san Halla anseo agus é ag baint lán taitneamh as na drámaí.

Comharsa den scoth ab ea Dan agus bhí sé ullamh i gcónaí lámh cúnta a thabhairt d'éinne.  Bhí ana chur amach aige ar gach saghas oibre.  Chaith sé a shaol le feirmeoireacht agus bhí sé mar fhear a'phoist ar feadh blianta, job a bhí ag a athair, Seán Dónal Liam roimis.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil fear chomh beo bríomhar imithe uainn ar shlí na fírinne, ach sin mar a bhíonn an saol.  Táim cinnte go mairfidh a chuimhne linn.   Ar dheis Dé go raibh a anam