Slán le h-Uíbh Laoghaire na nGaortha

le

 

Seoirse Seartan

 

A poem by Seoirse Seartan (George Shorten) a son of Ballingeary, Co Cork.

Seo dán beag a chum Seoirse Seartan i dtús na haoise seo, agus é ag fágaint Béal Atha'n Ghaorthaidh chun dul ag obair thar lear.  Is é a bhí go brónach ag scarúint le gaolta agus le cáirde agus leis an láirín a bhí acu sa bhaile - An Capaillín Bán.  Deineann Seoirse cur síos chomh maith ar an ngléasadh a deineadh ar féin don turas, rud nach raibh taithí aige air, roimis sin.


Fuirse ná treabhadh níor b'fhonn lem'lár bhig,
Cé toilteannach ceannsa í i n-am an ghabhtair,
Acht le side-car ag luasgadh gan ghruaim do rásfadh,
Go Sráid Mhaghchromtha de ruaig mhí-náireach.

Sí beir mé go sráid thar sáile im'shiúlaibh,
Doilbh an lá is an ghráig ar mo chúlaibh,
Sgaradh le bláthaibh na mban ba dhúbhach liom,
Gaoil agus cáirde is an láirín fiúntach.

B'shin é an fuadach ag cuardach éide,
Do stracaire bhuachaill d'ár dhual an bhréide,
Duine beag uasal, buacach aerach,
A dhéanamh de'n tuath mar luaim ina dhéidh seo.

Peidhre maith bróg gur leor a mbreághthacht,
Culaith deas nua le pócaí is láimhiní,
Geallasaí seódmhara ómracha galánta,
Carabhat agus bóna nár bh'eol úsáid dom.