Agallamh Beirte

Domhnall: Hí a Sheáin,  cá raghair,  cá ngeobhair?

Seán: Hó hó nach fiosrach ataoi  Is greannmhar an cheist í sin a chur ar éinne, nó an bhfuil aon tabhairt suas in aon chor ort.

Domhnall: A a Sheáin,  ná bí ar meirg liom.

Seán: Ní rabhas ach ag magadh.  Táim ag dul siar faoi dhéin tigh Mhichíl Dhomhnaill Mhór.  Táimíd ag dul ag iascaireacht má bhíonn an tráthnóna oiriúnach.

Domhnall: Ag dul ag iascaireacht, agus gan fiú slat ná cóir ar bith agat.

Seán: Nach bhfuil anois,  nach féidir liom slat a bhaint i ndeisc'na sciollach ar mo shlí siar, agus féach anso balls of twine for fishing line and bended pins for hooks.

Domhnall:  Yerra a Sheáin, ná bac leis inniu agus raghaidh mise leat Dé Sathairn.

Seán: Tá go maith a Dhomhnaill,  glaodhfaidh mé chugat tar éis dinnéir Dé Sathairn.

----------------------------------------------------------

Go mairir do bhróga deas nua.

Mairfead dar ndó agus tuile acu.

Sa
Standing a fuairis iad is dóch'.

Ní hea, ach ó
Cúilleach sa village.

Ar chuiris aon snas orthu fós?

An braoinín is lú ná feicfeá é.


D'fhoghlaim Dónal ó Duinnín, Acharas agus Conchubhar A'Coitir, Curraithe an agallamh beirte thuas ó Maitias ó Luasa, nuair a bhíodar ar scoil.