Eisiúint Nuachta – News Releases

Dáta/date: 9/11/2020

Tá Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh tar éis deontas a fháil ó rannpháirtíochta lucht spéise 2020 (ciste le haghaidh iarsmalanna beaga, réigiúnacha agus sain-iarsmalanna seachbhrabúsach) an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun feabhas a chur ar suíomh idirlín Cumann Staire Béal Átha’n Ghaorthaidh (Ballingeary Historical Society) ag Ballingearyhs.com.

Tar éis ceithre seachtaine an-gníomhacha, tá an suíomh nua beo anois. Tá 16 n-eagrán de dialannaí an gCumann Staire ar fail le haghaidh íoslódáil, chomh maith le réimse ábhair suimiúla eile a bhaineann le stair na gceantaire.

Ina theannta sin, tá réimse an suíomh tar éis eirí níos leithne. Tá eolas le fáil ar scéim staire nua an phobal, An Súgán, iarsmalann den Gaeilge agus de athbheochán na Gaeilge I mBéal Átha’n Ghaorthaidh.

Tá miniú gairid agus amlíne de n-Athbheocháin na Gailge, an Gaeilge é féin agus an bpáirt a ghlac Coláiste na Mumhan, Béal Átha’n Ghaorthaidh. Tosnaíonn an achomair le cuairt a thug Pádraig Mac Piarais, nach raibh ach dhá bhliain is fiche d’aois faoin am sin, ar an gceantar sa bhliain 1902 agus oscailt an coláiste dhá bhliain níos déanaí ar an 4ú de mhí Iúil, 1904.

Mar chuid den obair atá á dhéanamh ag Choiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh, tá méid mór griangrafanna ón tréimhse ar an suíomh anois atá bailithe, deisithe agus daite acu. Sa bhailiúcháin seo, tá griangrafanna a thaispeánann an-chuid daoine cáiliúla, ar nós Traolach Mac Suibhne (Terence MacSweeney) a raibh mar dalta ar Coláiste na Mumhan sa bhliain 1913.

Is féidir le cuarteóirí ar an suíomh trí físeáin a fheiscint, a chabhraíonn chun eachtraí an tréimhse seo a léiriú.

Tugann breis is 25 beatháisnéisí gairid léargas ar iad a shamhlaigh, a fothaigh agus a forbair Coláiste na Mumhan, Béal Átha’n Ghaorthaidh, chomh maith leis na daoine a spreag sé. Chuaigh an-chuid dóibh ar aghaidh chun clú agus cáil a bhaint amach, ní hamháin san Éireann, ach go h-idirnáisiúnta le h-aghaidh a chuid oibre ar son neamhspleáchas agus bhunú an Saorstát.

Dúirt Tim Twomey, ball den fhoireann atá ag obair ar cúrsaí An Súgán:

“Táimíd an-buíoch den Roinn as an cistiú atá tugtha acu le haghaidh an suíomh idirlín Ballingearyhs.com a fheabhsú .

“Tá an foireann agus an bpobal áitiúil tar éis an-chuid oibre a dhéanamh le déanaí chun é seo a chur le chéile san am gairid a bhí ar fáil, agus táimíd an-shásta leis an dtoradh.

“Céim mór atá déanta againn anseo leis an deis ábhar a bhaineann le tionscadal an iarsmalann a chur ar fáil ar suíomh idirlín an gCumann staire. Cabhraíonn sé go mór len ár sprioc chun iarsmalann a bhunú sa foirgneamh a thosaíodh an Choláiste na mblianta fada ó shin.

Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh, has been awarded a grant from the Department of Culture, Heritage, and the Gaeltacht 2020 audience engagement fund for small, regional and specialised museums, to upgrade the Cumann Staire Béal Átha’n Ghaorthaidh (Ballingeary Historical Society) website at Ballingearyhs.com.

After a very intense four-week project, the updated site is now live. The site offers for download 16 editions of the Cumann Staire journals and a range of fascinating historical materials.

In addition, the scope of the site has been greatly expanded with information on the latest community historical project, An Súgán, Museum of the Irish Language and Gaelic Revival, Béal Átha’n Ghaorthaidh.

An Súgán material on the website includes an overview and timeline of the Gaelic Revival, the Irish language and an introduction to the role played by Ballingeary’s Coláiste na Mumhan, beginning with the visit to the village of the 22-year old Padraig Pearse in 1902, followed by the opening of the Coláiste on July 4th 1904 and the years that followed.

A large number of contemporary photographs have been gathered restored and colourised using state of the art techniques; subjects include many well-known historical figures such as Traolach Mac Suibhne/Terence MacSwiney who was a student at Coláiste na Mumhan in 1913.

Three short videos help bring these early times to life.

More than 25 biographical sketches give an insight into the personalities who imagined, established, supported, and were inspired by Coláiste na Mumhan, Béal Átha’n Ghaorthaidh. Many of them went on to become famous nationally and internationally for their part in the struggle for independence and the formation of the new Free State.

Tim Twomey, An Súgán team member commented:

“We are very grateful to the Department for funding the upgrade to the Ballingearyhs.com website.

“The team and the local community have been very busy making this happen in the short time available and we are very pleased with the result.

“The opportunity to add material related to our museum project represents a great boost towards our ultimate goal of establishing our museum in the original Coláiste Building in the centre of our village.”

Dáta/date: 08/10/2020

Tar éis do chúig cinn de chomhlachtaí gabháil in iomaíocht dhian lena chéile, bronnadh an conradh d’fhonn staidéar fiúntais a dheanamh ar an dtionscnamh iarsmalainne, An Súgán, ar Mirador Media Ltd., An Trá Mhór, Contae Phort Láirge. Ar na háiteanna turasthóireachta is mó le rá ar fuaid na hÉireann a raibh baint ag Mirador leo tá: Ionad Mhichíl Cíosóg, Páirc Oidhreachta Náisúnta na hÉireann, Iarsmalann Chnoic Muire, Ionad Oidhreachta Chóbh, Lifetime Labs, Ionad Cuairteoirí Sean-Séipéal, Comhairle Baile Inis Córthaidh, Comhairle Contae Phort Láirge, Iarsmalann Stíle Dhroichead Nua, Páirc Foraoise Loch Cé, Páirc Oidhreachta Loilgeach Mór, Príosún Aenach, Ionad Náisiúnta Éirí Amach 1798, Príosún Chill Mhantáin, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Teach Solais Rinn Duáin, Comhairle Contae Loch Garman, Inis Píc agus i bhfad níos mó.

Cuirfear tús leis an obair go luath agus beifear ag lorg eolais ón bpobal.

 

Mirador Media Ltd, Tramore County Waterford has been awarded the contract to complete the feasibility study for the An Súgán museum project after a competitive tendering process involving five companies. Mirador has been responsible for high profile visitor attractions around Ireland, including The Michael Cusack Centre, The Irish National Heritage Park, Knock Shrine Museum, Lifetime Labs, The Old Church Visitor Centre, Cobh Heritage Centre, Enniscorthy Town Council, Waterford County Council, The Newbridge Museum of Style Icons, Lough Key Forest Park, Lullymore Heritage & Discovery Park, Nenagh Gaol, The National 1798 Rebellion Centre, Wicklow Gaol, Tipperary County Council, Hook Lighthouse, Wexford County Council, Spike Island and many more.

Work will begin shortly, reaching out to the community for information.


Dáta/date: 28/09/2020

Dhein Clár Leader Mhúscraí bronnadh €25,925.24 ar Choiste Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, 90% den gcostas a theastaíonn le haghaidh staidéar fairsing a dhéanamh ar fhiúntas An Súgán, Iarsmalann Athbheochan is Theanga na Gaeilge a moltar do Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Tagairt an tionscnaimh: 06LDRUNG211276.

 

Clár LEADER Mhúscrai has awarded Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh a grant of €25,925.24 representing 90% funding for an extensive feasibility study into An Súgán, the proposed Museum of the Gaelic Revival and Irish Language in Béal Átha’n Ghaorthaidh. Project reference: 06LDRUNG211276.


Dáta/date: 02/09/2020

Tá an páipéarachas a aistríonn seilbh bhunfhoirgneamh Cholaiste Mhúinteoireachta na Mumhan i bhfearas, agus tá na cáipéisí sínithe. Ceaptar Iarsmalann Athbheochan agus Theanga na Gaeilge a dhéanamh den áitreabh. Míle buíochas le cách a dhein a gcion i maoiniú agus i gceannach an fhoirghnimh.

 

The paperwork for transfer of ownership of the original building for Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, Béal Átha’n Ghaorthaidh has now been completed and the documents signed. The aim is to turn the building into a museum of the Gaelic Revival and Irish language. Huge thanks go to all those involved in the donation and purchase.

 

Tá laistíos pictiúr de Thadhg Ó Tuama agus Tadhg Ó Duinnín ag síniú na ngníomhra/ Below is a picture of Tim Twomey and Tadhg Ó Duinnín signing the deeds.

 


Dáta/date: 16/07/2020

Tá clár goradáin cúig mhí de chuid Champus Ghnó Shoisialta Éireann curtha de ag Tadhg Ó Tuama, le maoiniú ó SECAD agus i dtaca le hIarsmalann Athbheochan agus Theanga na Gaeilge a moltar I mBéal Átha’n Gaorthaidh.

 

Tim Twomey has completed a five month “Incubator” programme from the Irish Social Business Campus (ISBC), funded through SECAD, in support of the development of An Súgán, the proposed Museum of the Gaelic Revival and Irish Language in Béal Átha’n Ghaorthaidh.

 

Cliceáil ar an nasc thíos chun féacháint ar an bhfíseán faoin dtogra/ Click the link to view the project showcase video:


Dáta/date: 07/07/2020

Bronnadh €2500 ar Iarsmalann Athbheochan is Teanga na Gaeilge a moltar i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ó Chiste Phobal Fheirm Ghaoithe Cleanrath.

 

The An Súgán – project: The proposed Museum of the Gaelic Revival and Irish Language in Béal Átha’n Ghaorthaidh has been awarded €2500 from the Cleanrath Wind Farm community fund.

 


Dáta/date: 08/03/2020

Cad fé ndeara An Súgán a thabhairt mar ainm ar an Iarsmalann Athbheochan agus Theanga na Gaeilge? Téad a deintear trí thráithníní tuí a fhí ina chéile is ea Súgán. Dá mhéad brobh atá ann is ea is treise é.

Is é is cuspóir leis an Súgán scéal na ndaoine seo a insint, scéal a léiríonn mar a chuaigh an cultúr, meon na haimsire agus an stair ina chéile in athbheochan na teangan d’fhonn dlús a chur sa ghluaiseacht a mbeadh Cogadh na Saoirse mar thoradh uirthi.

 

The name An Súgán – meaning a twisted straw rope – has been chosen for the proposed Museum of the Gaelic Revival and Irish Language in Béal Átha’n Ghaorthaidh. A straw rope is stronger for the strands which go into making it, and the museum aims to tell the stories of how the strands of culture, opinion and history during the Gaelic Revival were interwoven, through the language movement, helping to build the momentum which led to the War of Independence.

 


Dáta/date: 22/10/2019

Tá deontas faighte ag Coiste Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh CLG ó theaghlach fláithiúil ón áit chun gur acmhainn don gcoiste an foirgneamh ina raibh an chéad Choláiste Oiliúna Gaeilge, Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, a cheannach thar cheann an phobail. Taobh leis an séipéal i mBéal Átha’n Ghaothaidh atá an foirgneamh.

Ar an 4 Iúil, 1904 a d’oscail an coláiste a dhóirse don chéad uair, ócáid gur thug Sagart Paróiste na linne, an tAthair Ó Muirthile, ‘lá na gcéadta bliain’ uirthi.

Is ins san áitreabh seo a bheidh ‘Iarsmalann Athbheochan agus Theanga na Gaeilge.’

 

Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh CLG has received a donation from a generous local family to enable the committee to purchase, on behalf of the community, the building which housed Ireland’s first Irish language teaching college, Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, next to the church in Béal Átha’n Ghaorthaidh.

The Coláiste first opened its doors July 4th 1904, an occasion described by the then Parish Priest Father Hurley as “An Auspicious Commencement”.

It is intended that the building will become home to the “Museum of the Gaelic Revival and Irish language”.

 

Laistíos tá grianghraf den dtaobh amuigh den fhoirgneamh mar atá sa lá atá inniu ann/ Below is a photo of the outside of the building today.

 

 

 

Scaip eolas mar gheall ar ár suíomh – Please share our site