Father Gearóid Ó Nuallain

An tAthair/Father Gearóid Ó Nuallain é i mBéal Átha’n Ghaorthaidh/in Ballingeary, 1912c.

(Cóipcheart/credit: Ted Ó Conaill; Dathadóir/colourised: Matt Loughrey, 2020)

 

An tAthair Gearóid Ó Nuallain (1874-1942)

Saolaíodh Gearóid Ó Nualláin i nDeargmhuine, Co. Thír Eoghain.  Bhí ochtar leanaí ag a mhuintir.  Coláisteánach de chuid Choláiste na Mumhan ab ea é sa bhliain 1904; bliain a bhunaithe.  Chuaigh sé féin ‘a bhealach féin’ ó thaobh na Gaeilge dhe.  D’fhág sé Gaeilge Uladh ina dheabhaidh is chuaigh le Gaolainn na Mumhan; le Gaolainn Chorcaí chun a bheith cruinn.

Ceapadh é mar chomharba ar Dr Risteárd Ó Dálaigh, .i. mar uachtarán ar Choláiste na Mumhan, sa bhliain 1919 agus bhí an cúram sin air go dtí 1940.  Bhí sé ina ollamh ar Choláiste Chomhghaill i mBéal Feirste, leis, ar feadh tréimhse.

Ceapadh ina ‘Ollamh um Modhanna Múinte’ é i gcóir bhiaiste 1906.

Tá scéal a bheatha rí-shuimiúil is le ríomh sa leabhar Beatha Dhuine a Thoil (1950).  Uncail ab ea é don údar mór le rá Brian O’Nolan, nó Flann O’Brien, nó Myles Na gCopaleen a shaothraigh i nGaeilge agus i mBéarla, leis.

***

Born in Deargmhuine, Co. Tyrone and one of eight children, Ó Nualláin was a student at Coláiste na Mumhan in 1904, the year it opened. He was an Ulster Irish speaker who ‘converted’ to Munster Irish.

The Coláiste appointed him ‘Professor of Teaching Method’ for the 1906 season. He was appointed president following Rev Dr Risteárd Ó Dálaigh in 1919 and continued in the post until 1940. He was also a professor at Coláiste Chomhghaill in Belfast, for a time.

He told his story in Beatha Dhuine e Thoil’.

He was an uncle of the renowned author Brian O’Nolan, Flann O’Brien, aka Myles Na gCopaleen who wrote in Irish as well as English.

 

Foinse/source: Ainm.ie [ar líne/online]: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=217 (ceadaithe/accessed 21/10/2020); Dictionary of Irish Biography (Cambridge, CUP) [ar líne/online]: https://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a6423&searchClicked=clicked&quickadvsearch=yes (ceadaithe/accessed 23/10/2020).

 

Scaip eolas mar gheall ar ár suíomh – Please share our site